Written answers

Wednesday, 29 October 2008

Department of Education and Science

Riachtanais Ghaeilge

9:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 483: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén fáth go bhfuil a laghad aird á thabhairt ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar na riachtanais Ghaeilge maidir le hoiliúint múinteoirí, d'ainneoin taighde na Roinne féin a foilsíodh an 15 Iúil 2008, a thug le fios go bhfuil beagnach 25% de mhúinteoirí bunscoile na tíre seo gan cumas sásúil Gaeilge a bheith acu, agus nach múintear a ndóthain Gaeilge do dhá thrian de na mic léinn a dhéanann an teastas sóisearach ag an dara leibhéal; i bhfianaise an taighde seo ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, cén fáth go ndiúltaíonn an Roinn do mholadh ó Údarás na Gaeltachta, ó Chonradh na Gaeilge agus ó eagraíochtaí Gaeilge eile go mbunófaí coláiste oiliúna Gaeilge d'ábhar oidí leis an scéal a chur ina cheart; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36922/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá raon leathan céimeanna á dtógaint ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun cur le hinniúlacht mhúinteoirí sa Ghaeilge. Ag leibhéal na réamhsheirbhíse, éilítear gnóthachtáil agus inniúlacht ar leith sa Ghaeilge ó iarrthóirí atá ag dul le bunmhúinteoireacht. Cuireann na soláthróirí oideachais réamhsheirbhíse do mhúinteoirí bunscoile cúrsaí léinn ar fáil a dhíríonn ar chumas Gaeilge na mac léinn a fhorbairt, chomh maith le peideolaíocht mhúineadh na Gaeilge. Ina theannta sin, déanann roinnt de na soláthróirí oideachais réamhsheirbhíse freastal ar leith ar an teagasc trí Ghaeilge. Bíonn ar ábhar oidí bunscoile tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht le linn an tréimhse oiliúna.

Tá tacaíocht leanúnach phroifisiúnta do mhúinteoirí á sholáthar ag na seirbhísí tacaíochta bunleibhéil agus iarbhunleibhéil ó thaobh teagaisc na Gaeilge de. Tá an scéim Tús Maith ag cabhrú le forbairt a dhéanamh ar theagasc na Gaeilge ag an mbunleibhéal, chomh maith le cur le hinniúlacht agus le muinín na múinteoirí i labhairt na Gaeilge. Thug an fhoireann Tús Maith diantacaíocht do 527 sprioc scoil i rith na scoilbhliana 2007-2008. Soláthraíonn na hoiliúnóirí Tús Maith raon tacaíochtaí do bhunmhúinteoirí, maraon le tacaíocht inranga, tacaíocht scoile uile, ceardlainn iarscoile agus gníomhaíochtaí teanga. Eagraíodh 33 cúrsa Samhraidh Gaeilge chomh maith trí líonra na n-ionad oideachais a dhírigh ar inniúlacht bhunmhúinteoirí sa Ghaeilge a fhorbairt.

Ag an iarbhunleibhéal, bunaíodh seirbhís tacaíochta ar leith don Ghaeilge i 2007 mar chuid den tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal (STDL-Gaeilge). Díríonn an tseirbhís seo ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm modhanna múinte nua. Tá sí mar phríomhaidhm ag an STDL-Gaeilge tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge mar theanga chumarsáide sna scoileanna agus sna seomraí ranga mar a leagtha amach sna siollabais Ghaeilge don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht.

Chomh maith leis an soláthar thuasluaite do scoileanna a mhúineann trí Bhéarla, soláthraíonn na seirbhísí tacaíochta, seirbhísí trí Ghaeilge do Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta. Díríonn na seirbhísí tacaíochta ar riachtanais na múinteoirí sna scoileanna seo maidir lena bhforbairt ghairmiúil leanúnach.

Níl aon phleananna agam coláiste oilúna trí Ghaeilge d'ábhar oidí a bhunú. Táim lánsásta go bhfuil dua ag mo Roinnse á chaitheamh chun a chinntiú go múinfear an Ghaeilge go héifeachtach inár scoileanna agus tá sé mar aidhm agam go leanfar le tacaíocht chuí a sholáthar do na múinteoirí chuige sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.