Written answers
Wednesday, 29 October 2008
Department of Education and Science
Scoileanna Gaeilge
9:00 pm
Brian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 482: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén fáth nár tugadh cuireadh gníomhach móide an chóiríocht chuí go dtí seo do Ghaelscoileanna ná don Fhoras Pátrúnachta chun scoileanna lánGhaeilge a bhunú i gceantracha mórfháis i gcathracha agus i mbailte móra sa Stát faoin gcóras nua pleanála i leith bunú scoileanna nua, i dtreo go mbeidh teacht ag tuismitheoirí sa Stát ar oideachas trí Ghaeilge dá bpáistí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36921/08]
Batt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, d'fhógair mé le déanaí athbhreithniú ar na gnásanna do bhunú bunscoileanna úra faoin gCoimisiún um Chóiríochta Scoile.
Tá sé i gceist agam Meitheal Oibre Teicniúil a bhunú faoin gCoimisiún chun athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar na critéir agus ar na gnásanna d'aitheantas bunscoileanna úra. Tosóidh an Meitheal Oibre seo ag obair insna seachtainí romhainn agus táthar ag súil go mbeidh an t-athbhreithniú ar na gnásanna d'aitheantas bunscoileanna úra curtha i gcrích, agus socruithe athbhreithnithe ar bun, laistigh de fhráma ama dhá bhliana. Beidh ionadaíocht ag na Comhpháirtithe Oideachais uile le linn an phróiseas athbhreithnithe seo.
San idirlinn níl sé i gceist aitheantas a thabhairt do bhunscoileanna úra ar bith, ach amháin i gceantair nach féidir fónamh iontu ar mhéaduithe i líon na ndaltaí, insna scoileanna mar atá siad, agus ina bhfuil gá le scoileanna úra a sholáthar. Is ionann sin agus a rá nach mbunófar scoileanna úra ar fháthanna nach mbaineann le fás deimeagrafach i gceantair ina bhfuil dóthain cóiríocht scoile cheana féin nó inar féidir fónamh ar mhéaduithe trí chur leis an gcóiríocht scoile atá ann faoi láthair.
No comments