Written answers

Wednesday, 29 October 2008

Department of Education and Science

Foireann na Roinne

9:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 481: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén fáth nach bhfuil ach 3% d'fhoireann na Roinne Oideachais agus Eolaíochta in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, nuair atá saindualgas ar an Roinn chéanna an Ghaeilge a theagasc, agus a bheith ag plé go laethúil le daoine a dhéanann a gcuid oibre trí Ghaeilge, amhail múinteoirí na nGaelscoileanna agus múinteoirí eile a bhfuil Gaeilge acu, gan trácht ar bhoird bhainistíochta agus ar thuismitheoirí a bhfuil Gaeilge acu, nuair atá an meánlíon foirne atá inniúil ar a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge níos airde i ranna eile, amhail Roinn an Taoisigh, mar shampla; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36920/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá an Teachta Dála ag tagairt don suirbhé cuimsitheach den bhfoireann riaracháin agus gairmiúil a rinneadh i mo Roinn i rith 2004. Measúnacht leathan a bhí anseo den leibhéal seirbhíse trí Ghaeilge a bhi ar fáil san Roinn ag an am sin, den éileamh a bhí ar an tseirbhís sin i 2004, ar an inniúlacht a bhí ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge, ar an suim a bhí ag an bhfoireann in oiliúint agus ar phleananna chun an tseirbhís a fheabhsú. Chuidigh an suirbhé le feasacht a chruthú ar fud na Roinne maidir leis na riachtanais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus forbairt Scéim na Roinne faoi Alt 11 den Acht.

Baineann an figiúr de 3%, dá dtagraíonn an Teachta, le foireann riaracháin amháin a thug le fios go raibh siad líofa i nGaeilge. Ní bhaineann sé leis an gCigireacht ná le foireann sa tSeirbhís Síceolaíocha Oideachais Náisiúnta. Luaigh tuairim is 50% d'fhoireann na Seirbhíse Síceolaíocha Oideachais Náisiúnta go raibh páirt-sheirbhís á tabhairt acu trí Ghaeilge agus luaigh 40% den Chigireacht go raibh Gaeilge liofa acu.

Tá suim i sealbhú scileanna Gaeilge go forleathan sa Roinn. D'fhreastail 67 díobh ar chúrsaí Gaeilge i 2006. Tháinig ardú ar an bhfigiúr sin i 2007 nuair a d'fhreastail 74 díobh ar chúrsaí de chuid Rannóg Oiliúna mo Roinne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.