Written answers
Thursday, 9 October 2008
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
An Teanga Gaeilge
5:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 171: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mbeadh sé sásta cothrom na hinfheistíochta a chur ar fáil don Ghaeilge chun lárionad cultúrtha na Gaeilge a thógáil sa phríomhchathair mar chuid de Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34282/08]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
I dtús báire, ba mhaith liom a mhiniú don Teachta go bhfuil teagmháil rialta idir Conradh na Gaeilge agus mo Roinn-se maidir le lárionad Gaeilge nua a thógáil i gcathair Bhaile Átha Cliath agus go háirithe maidir leis na féidearthachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann chun tacú le lár-ionad sóisialta Gaeilge dá leithéid. Sa chomhthéacs sin, tuigim go bhfuil ceannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair ar an margadh le díol faoi láthair mar nach bhfuil an suíomh agus an foirgneamh reatha oiriúnach do riachtanais an lae inniu, cé go bhfuil luach ann a d'fhéadfadh cur go mór le hinmharthanacht an togra chun lár-ionad sóisialta Gaeilge a bhunú.
Maidir leis an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge, is "léarscáil bóthair" don treo ceart le dul ar aghaidh a bheidh ansin, agus ní plean sonrach gníomhaíochta. Is amhlaidh, áfach, go mbeidh na réimsí saol éagsúla — na meáin chumarsáide, stádas na Gaeilge, an Ghaeilge sa phobal agus sa chóras oideachais, fáil ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge agus mar sin de — clúdaithe ann agus go mbeidh gá gach réimse ar leith acu sin a fhorbairt i bpleananna earnála nuair a bheidh an Straitéis féin ceadaithe ag an Rialtas.
No comments