Written answers

Thursday, 9 October 2008

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Conradh na Gaeilge

5:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 173: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an gcuirfidh sé tacaíocht agus maoiniú ar fáil le gur féidir le Conradh na Gaeilge an feachtas GLAC LEIS, le daoine óga ach go háirithe a spreagadh agus a chumasú chun leas a bhaint as na seirbhísí Gaeilge, á n-ofráil ag an earnáil phoiblí a bhuíochas le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003, a fhorbairt agus a leathnú i bhfianaise na tuairisce a thug 81% de na rannpháirtithe i gceardlanna eolais an Chonartha sna coláistí samhraidh i mí Iúil 2008 le fios go lorgóidís seirbhís trí Ghaeilge uaireanta, go minic, an-mhinic nó i gcónaí amach anseo tar éis dóibh páirt a ghlacadh i gceardlanna GLAC LEIS an Chonartha (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34284/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Bheinn-se go hiomlán i bhfabhar daoine a spreagadh chun leas a bhaint as na seirbhísí Gaeilge atá á chur ar fáil anois mar thoradh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus aithním gur gnó lárnach do na heagrachtaí agus na greasáin Gaeilge é seo a dhéanamh. Táim go láidir den tuairim, áfach, gur chóir áit tosaíochta a thabhairt don chúram seo taobh istigh de na hacmhainní atá ag an earnáil Ghaeilge cheana féin.

Mar shampla den chineál tionscnaimh atá ar siúl ina leith sin cheana féin, luaim an scéim GLEO (Gaeilge Labhartha in Earnáil an Oideachais), atá á reáchtáil ag Foras na Gaeilge. Faoin scéim sin, iarrtar ar na scoileanna atá páirteach inti seirbhísí i nGaeilge a lorg agus, sa chomhthéacs sin, tuismitheoirí na bpáistí a ghríosadh chun an rud céanna a dhéanamh.

Ag cur san áireamh go bhfuil breis agus 200 craobh ag Conradh na Gaeilge fein, agus go bhfuil líon mór coistí ag feidhmiú faoi Ghlór na nGael, Gaelscoileanna, Cumann na bhFiann, Comhluadar agus na Scéimeanna Pobail atá maoinithe ag Foras na Gaeilge, feictear domsa go bhfuil bonn láidir ag an earnáil Gaeilge cheana féin chun tabhairt faoina leithéid d'fheachtas d'fhonn tuilleadh feasachta agus úsáide a bhaint amach i gcomhtéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Is fiú a lua chomh maith go bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga ann chun comhairle a chur ar an bpobal maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, mar aon leis na seirbhísí agus na cearta atá ag an bpobal ó thaobh na Gaeilge de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.