Written answers
Thursday, 9 October 2008
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Feidhmeannaigh Teanga
5:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 169: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén fáth nach gcuireann an Roinn dlús leis an scéim faoina raibh an Roinn ag cur maoiniú ar fáil chun feidhmeannaigh teanga a fhostú sna pobail Ghaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34280/08]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Cuireadh tús le scéim phíolóteach pleanála teanga sa Ghaeltacht i 2004 nuair a cheadaigh mo Roinnse deontais do roinnt eagraíochtaí pobal-bhunaithe chun a chumasú dóibh tabhairt faoi phleanáil teanga ina gceantair feidhme. Deontais gur fiú beagnach €2m ar fad atá ceadaithe d'fhonn pleananna teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm ar mhaithe leis an Ghaeilge a threisiú mar theanga teaghlaigh agus pobail. Tá na pleananna á gcur i bhfeidhm faoi láthair agus tá os cionn 50% den airgead íoctha ag mo Roinnse go dáta. Déanfar aon chinneadh maidir le leanúint leis an mbeartas seo i gcomhthéacs na Tuarascála ón Staidéar Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus obair an Choiste Rialtais atá ag déanamh anailíse ar an Tuarascáil sin faoi láthair.
No comments