Written answers

Thursday, 9 October 2008

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Acht na dTeangacha Oifigiúla

5:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 168: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén uair a bheidh an plépháipéar a d'ullmhaigh a Roinn ar chúrsaí fógraíochta dátheangach faoi alt 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ag dul os comhair an Chomhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta arís; cathain a bheidh sé á shíniú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34279/08]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 170: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an aontaíonn sé go mbeadh sé go mór ar son leas na Gaeilge timire teanga amháin ar a laghad a fhostú i ngach contae sa tír chun dul i mbun an phobail, sa Ghalltacht agus sa Ghaeltacht araon, le tacaíocht a thabhairt d'iarrachtaí áitiúla leis an nGaeilge a chur chun cinn agus leis an teanga a chothú agus a chomhordú go náisiúnta ar bhonn eagraithe, cuimsitheach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34281/08]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 172: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mbeidh sé sásta reachtaíocht a dhréachtú chun pacáistiú dátheangach a thugann cothrom na Féinne don Ghaeilge agus don Bhéarla araon ar earraí leithéid bia agus deochanna a thabhairt os comhair na Dála i dtreo sochaí agus timpeallacht atá iomlán dátheangach a chothú sa tír, san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach, amhlaidh a dhéantar i gCeanada, sa Bheilg agus i dtíortha eile ag a bhfuil níos mó ná teanga oifigiúil amháin nach iad; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34283/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 168, 170 agus 172 le chéile.

I dtús báire, beidh áthas ar an Teachta a chloisint go bhfuil Rialacháin faoi alt 9(1) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 déanta agam le déanaí. Mar is eol don Teachta, baineann na Rialacháin sin le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla i bhfógairtí béil réamhthaifeadta, ar stáiseanóireacht agus ar chomharthaíocht ag comhlachtaí poiblí, Ranna Stáit, údaráis áitiúla agus eile. Mar atá mínithe agam cheana féin, rinne mé cinneadh nach mbeadh fógraíocht san áireamh san Rialacháin sin ag an bpointe seo mar nach bhfuilim sásta go bhfuil an réamh-obair iomlán atá riachtanach déanta go fóill. Sa chomhthéacs sin, mar is eol don Teachta, leag mé plé-pháipéar mar gheall ar fhógraíocht faoi bhráid bhaill an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar 2 Iúil 2008. Leag an plé-pháipéar amach roinnt roghanna maidir leis an cur chuige a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le fógraíochta. Mar a thug mé le fios an lá sin, is plé-pháipéar atá anseo a d'eisigh mé d'aon ghnó le díospóireacht a spreagadh mar go bhfuil cinntí le déanamh maidir leis na roghanna éagsúla a luaitear ann. Tá súil agam go mbeidh deis agam dul os comhair an Comhchoiste arís réasúnta luath chun tuilleadh plé a dhéanamh ar an ábhar fíor-thábhachtach seo. A luaithe agus a bheidh an plé sin thart, déanfar measúnú ar an mbealach agus an cur chuige is fearr agus is éifeachtaí chun fógraíocht a chlúdach faoi Rialacháin a dhéanfaí faoi alt 9(1).

Maidir leis na Ceisteanna faoi phacáistiú dátheangach agus timirí Gaeilge, tá, mar is eol don Teachta, Straitéis 20 bliain don Ghaeilge á ullmhú faoi láthair. Cé gur "léarscáil bóthair" don treo ceart le dul ar aghaidh a bheidh sa Straitéis sin, agus ní plean sonrach gníomhaíochta, is amhlaidh go mbeidh na réimsí saoil éagsúla — na meáin chumarsáide, stádas na Gaeilge, an Ghaeilge sa phobal agus sa chóras oideachais, fáil ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge agus mar sin de — clúdaithe ann. Beidh gá gach réimse ar leith acu sin a fhorbairt i bpleananna earnála nuair a bheidh an Straitéis féin ceadaithe ag an Rialtas. Tuigfidh an Teachta, mar sin, go bhfuil sé ró-luath cinneadh den chineál a luann sé a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.