Written answers

Tuesday, 1 July 2008

Department of Education and Science

An Curaclam Scoile

10:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 486: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an aontaíonn sé gur fearr go múinfí ábhar amháin de bhreis ar an nGaeilge, trí Ghaeilge, do gach dalta bunscoile, ar bhonn píolótach ar dtús, agus an mbeadh sé sásta na hacmhainní tacaíochta agus an oiliúint is gá a sholáthar chun é seo a chur i gcrích; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [25817/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá an curaclam nua bunscoile don Ghaeilge, atá curtha i bhfeidhm ag gach aon bhunscoil ó 2003 i leith, bunaithe ar chur chuige cumarsáideach. Cuireann sé béim ar leith ar fhorbairt scileanna éisteachta agus labhartha na bpáistí agus misníonn sé múinteoirí bunscoile chun úsáid a bhaint as éagsúlacht modhanna múinte don Ghaeilge. Misníonn sé múinteoirí chomh maith chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar ghnáth-theanga cumarsáide i rith an lae scoile, agus chun gnéithe áirithe den churaclam a mhúineadh trí Ghaeilge.

Aithníonn an curaclam don Ghaeilge go bhféadtar inniúlacht daltaí sa theanga a fhorbairt trí ghnéithe den churaclam a mhúineadh trí Ghaeilge, mar go dtugtar sa chaoi sin deis do dhaltaí a bhfuil foghlamtha acu sa rang Gaeilge a leathnú agus a dhaingniú.

Tá sé le tuiscint ón gcuraclam gur féidir le múinteoirí ag leibhéil éagsúla gnéithe d'ábhair áirithe a mhúineadh trí Ghaeilge, ábhair de leithéid Corpoideachas, Ceol, Amharcealaíona, Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte, Stair agus Tíreolas. Tugann sé leideanna úsáideacha do mhúinteoirí ar an gcaoi le múineadh na n-achar seo den churaclam a chomhtháthú le múineadh na Gaeilge.

Tá clár náisiúnta de 3,500 seimineár oiliúna in-seirbhíse curtha i bhfeidhm ag an gClár Tacaíochta do Churaclam na Bunscoile do 21,000 múinteoir bunscoile chun tacú le cur i bhfeidhm churaclam na Gaeilge. Ina theannta sin, tugann cuiditheoirí (is é sin comhairleoirí ón tSeirbhís Réigiúnach Tacaíochta don Churaclam), atá suite i lárionaid áitiúla oideachais, cuairt ar scoileanna chun tacú le múinteoirí agus comhairle a thabhairt ar gach gné de churaclam na Gaeilge. Gabhann 31 comhairleoirí leis an scéim Tús Maith agus tá siadsan ag leathnú oibre in-seirbhíse a rinneadh leis na múinteoirí cheana sa Ghaeilge chun cur le hinniúlacht agus muinín na múinteoirí féin agus iad ag labhairt na Gaeilge chomh maith lena n-ábaltacht an teanga a mhúineadh.

Tá an fhianaise ann go bhfuil móran bunscoileanna báúil le comhtháthú na Gaeilge le múineadh achar eile den churaclam. Tuairiscíonn níos mó ná ceathrú de na scoileanna i bhfoirmeacha bliantúla na staitisticí go n-úsáideann siad an Ghaeilge chun ábhar amháin nó níos mó ná sin a mhúineadh.

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 487: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an aontaíonn sé gur chóir go bhforbrófaí dhá shiollabas don Ghaeilge ag an dara leibhéal, le dhá pháipéar scrúdaithe ar leith don Ardteist agus don Teastas Sóisearach, le hábhar éigeantach amháin a mhúinfí do gach mac léinn agus a dhíreodh ar scileanna labhartha agus tuisceana na teanga, agus ábhar eile roghnach sa bhreis le déanamh ag mic léinn ardleibhéil a dhíreodh ar chúrsaí litríochta agus ar chruinneas na teanga agus a bheadh níos dúshlánaí agus níos oiriúnaí do chainteoirí líofa na teanga, go háirithe daltaí Gaeltachta agus Gaelscoile; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [25818/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Cuspóir thábhachtach in athleasú an churaclaim í a dheimhniú go dtairgtear réimse roghanna chun fónamh ar ábhair spéise agus riachtanais mac léinn ag leibhéil éagsúla, agus go mbíonn fáil ag gach uile scoil ar roghanna an churaclaim, is cuma cé mhéid iad nó cén áit ina bhfuil siad. Tharlódh go mbeadh deacrachtaí suntasacha ag baint le seachadadh ábhair bhreise, Litríocht na Gaeilge, ó thaobh ábaltacht scoileanna réimse leathan roghanna a chur ar fáil. Bheadh baol mór ann nach dtairgfí cúrsa dá leithéid ach i mionlach de na scoileanna amháin.

Creidim gurb é ba cheart a bheith mar thosaíocht againn ná líofacht béil a threisiú laistigh de na leibhéil atá ann cheana féin — Bunleibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal. Chun na críche seo, táthar ag tabhairt isteach athruithe suntasacha i gcéatadán na marcanna a bhronntar i leith na béaltrialach Gaeilge i scrúduithe an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta. Do lucht iontrála ar an iarbhunscoil i 2007, méadóidh an ceatadán de na marcanna atá ar fáil don scrúdú roghnaíoch béil go dtí 40% de na marcanna foriomlána, don Teastas Sóisearach ó 2010 amach, agus don Ardteistiméireacht ó 2012 amach. Creidim gurb é seo an chaoi is fearr le feabhas a chur ar mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge agus lena chinntiú go mairfidh sí mar theanga bheo phobail. Is den tábhacht é chomh maith a chinntiú go múintear an Ghaeilge insna scoileanna i slí atá suimiúil, a bhaineann leis an saol, agus a chuirfidh chun cinn meon dearfach i leith na teanga i measc na hóige.

Tacófar leis an athrú trí infheistíocht mharthanach i bhforbairt phroifisiúnta múinteoirí agus in áiseanna múinteoireachta. Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ag tabhairt faoi staidéar maidir le húsáid fhéideartha teicneolaíochtaí faisnéise (TFCanna) ar nós an guthán siúil nó an t-idirlíon, sa mheasúnú béil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.