Written answers

Tuesday, 1 July 2008

Department of Education and Science

Coláistí Oiliúna

10:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 485: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an aontaíonn sé go bhfuil géarghá coláiste oiliúna lán-Ghaeilge a bhunú i bhfianaise alt Liam Uí Chuinneagáin, cathaoirleach Údarás na Gaeltachta agus stiúrthóir Oideas Gael, san Irish Times an 11 Meitheamh 2008; an mbeadh sé sásta maoiniú agus acmhainní tacaíochta a chur ar fáil chun a leithéid a chur i gcrích; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [25816/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

B'fhéidir go mbeidh a fhios ag an Teachta go bhfuil ról reachtúil ag an gComhairle Múinteoireachta maidir le hathbhreithniú ar chaighdeáin atá de dhíth chun dul isteach i ngairm na múinteoireachta, lena n-áirítear caighdeáin an eolais, na scil agus an chumais atá de dhíth do chleachtas na múinteoireachta. Tá tús curtha ag an gComhairle lena cuid oibre ina leith seo agus cruthófar straitéis chun cláracha oiliúna tosaigh do mhúinteoirí a athbhreithniú. Chuige seo, d'eagraigh an Chomhairle sraith d'fhóraim comhairliúcháin do pháirtithe leasmhara san oideachas i mí Feabhra na bliana seo, agus leanfaidh an Chomhairle den chomhairliúchán le páirtithe san oideachas, mo Roinne san áireamh, le linn a gcuid oibre. Tuigim go mbeidh cumas sa Ghaeilge ina phríomhcheist don Chomhairle agus an obair ar siúl.

Beidh a fhios ag an Teachta freisin gur léirigh an Rialtas seo tiomantas gan fasach d'oiliúint mhúinteoirí inár dteanga náisiúnta tríd an gcóras oideachais agus freisin trí bhearta atá dírithe ar dhearcadh níos dearfaí a ghineadh i leith na Gaeilge go ginearálta.

Gné éigeantach den chúrsa céime trí bliana B.Ed., agus den chúrsa dioplóma iarchéime sa bhunmhúinteoireacht 18 mí, is ea freastal sásúil ar chúrsa sa Ghaeilge ar feadh trí sheachtain sa Ghaeltacht. Cuid dílis den chúrsa oiliúna do bhunmhúinteoirí is ea na cúrsaí.

Maidir le múinteoirí atá ag freastal, tá raon leathan de thionscnaimh i bhfeidhm ag mo Roinnse, tríd an Rannóg Oiliúna Múinteoirí, chun cumas mhúinteoirí sa Ghaeilge a fheabhsú.

Ag leibhéal na bunscoile, tionscnamh dírithe is ea an clár "Tús Maith" le tacú le teagasc na Gaeilge, Faoi láthair tá tríocha a haon cuiditheoir ar an bhfoireann. Is iad aidhmeanna an chláir ná teagasc na Gaeilge a fheabhsú chun cumas na múinteoirí agus muinín as an nGaeilge a fheabhsú. Cuireann cuiditheoirí Tús Maith réimse de thacuithe ar fáil do mhúinteoirí, lena n-áirítear tacaíocht sa rang, tacaíocht scoile uile agus ceardlanna agus gníomhaíochtaí teanga-bhunaithe iarscoile. Faoi láthair tá an fhoireann ag obair le 527 Spriocscoil, agus dian-tacaíocht leanúnach á thabhairt, agus leibhéil ard de thorthaí dá bharr.

Ag leibhéal na hiarbhunscoile, bunaíodh seirbhís atá sainiúil don ábhar don Ghaeilge sa bhliain 2007. Tá an tseirbhís mar chuid den tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal (SLSS) a chuireann tacaíocht churaclaim atá sainiúil do chláir agus d'ábhair ar fáil, agus tacaíocht don teagasc agus foghlaim go ginearálta i scoileanna dara leibhéal.

Dearadh an tseirbhís tacaíochta seo don Ghaeilge le tacaíocht forbartha gairmiúla a sholáthar do mhúinteoirí Gaeilge sa dar leibhéal go ginearálta agus tacaíocht do theagasc agus foghlaim ghnéithe uilig an churaclaim. Ceann do phríomhaidhmeanna na seirbhíse is ea tacú leis an nGaeilge mar theanga chumarsáideach i scoileanna agus seomraí ranga.

Dearadh an clár forbartha gairmiúla chun:

tábhacht na scileanna labhartha a chur chun cinn mar chuid dílis de na siollabais don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht

ceadú do mhúinteoirí raon straitéisí teagaisc agus foghlama a fhorbairt a chothóidh cumas labhartha teanga, mar a mholadh in Imlitir 0042/2007

tógáil ar láidreachtaí an Churaclaim Leasaithe do Bhunscoileanna.

Chomh maith leis na nithe thuasluaite ag leibhéal bunscoile agus iarbhunscoile araon tá socruithe ag gach ceann d'ár seirbhísí tacaíochta chun oiliúint a chur ar fáil as Gaeilge.

I bhfianaise thiomantas leanúnach an Rialtais chun soláthar a dhéanamh don Ghaeilge mar atá léirithe thuas, ní mheasaim go bhfuil gá le coláiste oiliúna lán-Ghaelach a bhunú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.