Written answers

Tuesday, 1 July 2008

Department of Education and Science

Cúrsaí Gaeilge

10:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 488: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an mbeadh sé sásta airgead traenála a chur ar fáil do mhúinteoirí sinsearacha chun cúrsaí athoiliúna Gaeilge a dhéanamh ar bhonn rialta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [25819/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Beidh a fhios ag an Teachta gur léirigh an Rialtas seo tiomantas d'oiliúint mhúinteoirí inár dteanga náisiúnta tríd an gcóras oideachais agus freisin trí bhearta atá dírithe ar dhearcadh níos dearfaí a ghineadh i leith na Gaeilge go ginearálta. Maidir le múinteoirí, tá raon leathan de thionscnaimh i bhfeidhm ag mo Roinnse, tríd an Rannóg Oiliúna Múinteoirí, chun cumas mhúinteoirí sa Ghaeilge a fheabhsú. Ag leibhéal na hiarbhunscoile, bunaíodh seirbhís atá sainiúil don ábhar don Ghaeilge sa bhliain 2007. Tá an tseirbhís mar chuid den tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal, a chuireann tacaíocht churaclaim atá sainiúil do chláir agus d'ábhair ar fáil, agus tacaíocht don teagasc agus foghlaim go ginearálta i scoileanna dara leibhéal.

Dearadh an tseirbhís tacaíochta seo don Ghaeilge le tacaíocht forbartha gairmiúla a sholáthar do mhúinteoirí Gaeilge sa dara leibhéal go ginearálta agus tacaíocht do theagasc agus foghlaim ghnéithe uilig an churaclaim. Ceann do phríomhaidhmeanna na seirbhíse is ea tacú leis an nGaeilge mar theanga chumarsáideach i scoileanna agus seomraí ranga. Dearadh an clár forbartha gairmiúla chun tábhacht na scileanna labhartha a chur chun cinn mar chuid dílis de na siollabais don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht, ceadú do mhúinteoirí raon straitéisí teagaisc agus foghlama a fhorbairt a chothóidh cumas labhartha teanga, mar a mholadh in Imlitir 0042/2007, agus tógáil ar láidreachtaí an Churaclaim Leasaithe do Bhunscoileanna.

Ag leibhéal na bunscoile, tionscnamh dírithe is ea an clár "Tús Maith" le tacú le teagasc na Gaeilge, Faoi láthair tá tríocha a haon cuiditheoir ar an bhfoireann. Is iad aidhmeanna an chláir ná teagasc na Gaeilge a fheabhsú chun cumas na múinteoirí agus muinín as an nGaeilge a fheabhsú. Cuireann cuiditheoirí "Tús Maith" réimse de thacuithe ar fáil do mhúinteoirí, lena n-áirítear tacaíocht sa rang, tacaíocht scoile uile agus ceardlanna agus gníomhaíochtaí teanga-bhunaithe iarscoile. Faoi láthair tá an fhoireann ag obair le 527 Spriocscoil, agus dian-tacaíocht leanúnach á thabhairt, agus leibhéil ard de thorthaí dá bharr. Chomh maith leis na nithe thuasluaite ag leibhéal bunscoile agus iarbhunscoile araon tá socruithe ag gach ceann d'ár seirbhísí tacaíochta chun oiliúint a chur ar fáil as Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.