Written answers

Tuesday, 1 July 2008

Department of Education and Science

Cúrsaí Oiliúna

10:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 484: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an aontaíonn sé gur chóir go gcuirfí oiliúint trí Ghaeilge ar gach ábhar oide i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim trí mheán an tumoideachais agus i dtaobh an tumoideachais, ar feadh tréimhse bliana acadúla iomláin ar a laghad le linn a gcúrsa oiliúna; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [25815/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá raon de mheicníochtaí ann ag leibhéal na réamhsheirbhíse d'fhonn tacú le cumas na múinteoirí chun Gaeilge a mhúineadh i mbunscoileanna. Tá Grád C ar a laghad ag Ardleibhéal sa Ghaeilge san Ardteistiméireacht riachtanach chun dul isteach in oiliúint do bhunmhúinteoirí in Éirinn. Déanann iarrthóirí ar an gCúrsa Dioplóma Iarchéime scrúdú béil mar chuid den phróiseas roghnúcháin d'iontráil sa chúrsa; tá céim sa Ghaeilge ag an-chuid de na hiontrálaithe seo freisin.

Mar chuid éigeantach den chlár réamhsheirbhíse, caithfidh gach múinteoir a chuirtear faoi oiliúint in Éirinn cúrsaí staidéir a dhéanamh chun a gcumas féin sa Ghaeilge a fheabhsú agus chun dul i dtaithí ar mhodhanna leis an nGaeilge a mhúineadh mar a léirítear i gcuraclam na bunscoile don Ghaeilge. Caithfidh na múinteoirí ar fad faoi oiliúint freastal ar chlár samhraidh sa Ghaeltacht mar chuid den oiliúint. Chun aitheantas buan a bhaint amach, caithfidh múinteoirí a cuireadh faoi oiliúint i dtíortha eile agus atá ag teacht isteach i gcóras oideachais na hÉireann ag leibhéal na bunscoile pas a fháil i Scrúdú Cáilíochta sa Ghaeilge laistigh de thréimhse cúig bliana ó thosú ag teagasc in Éirinn.

Le blianta beaga anuas, chuir na Coláistí Oideachais roinnt tionscnaimh ar bun maidir le múinteoirí faoi oiliúint a ullmhú do theagasc trí Ghaeilge. Eagraíonn cuid de na coláistí modúil áirithe agus cúrsaí roghnacha ar theagasc trí Ghaeilge. Tá soláthar i gceann amháin de na coláistí do theagasc trí Ghaeilge le linn ionchuir do mhic léinn ar mhodheolaíochtaí chun Matamaitic, Ceol, na hAmharcealaíona agus Corpoideachas a mhúineadh. Ina theannta sin, is féidir le múinteoirí faoi oiliúint a gcuid cleachtas múinteoireachta a dhéanamh i scoileanna Gaeltachta nó lán-Ghaelacha.

Ní shamhlaítear dom go bhfuil gá le bliain sa bhreis a chur leis an gclár réamhsheirbhíse do bhunmhúinteoirí chun ionchur ar thumoideachas a éascú. Tá dul chun cinn maith déanta ag na Coláistí go dtí seo in ionchur a sholáthar dá mhic léinn maidir le hoideachas trí Ghaeilge agus tá neart díobh ag leanúint ag cur leis an soláthar seo.

B'fhéidir go mbeidh a fhios ag an Teachta freisin go bhfuil tús curtha ag an gComhairle Múinteoireachta ar Ráiteas Beartais maidir le Leanúntas Oideachas Múinteoirí agus ar an mBeartas maidir le hAthbhreithniú ar Chláracha Oideachas Múinteoirí. Faoi réir na bhfeidhmeanna reachtúla, tabharfaidh an Chomhairle comhairle do mo Roinnse agus dom féin ar na nithe seo in am trátha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.