Written answers

Tuesday, 1 July 2008

Department of Education and Science

An Luath-Thumoideachas

10:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 483: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén fáth go bhfuil sé ag brú ar aghaidh le feachtas chun cosc dlíthiúil a chur ar mhodh múinte an luath-thumtha iomláin (LTI) i nGaelscoileanna na tíre le hionstraim reachtúil in ainneoin go bhfuil an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), an INTO, agus na heagrais Ghaeilge uile d'aon ghuth go bhfuil gá le taighde cuimsitheach dúchais maidir le LTI sula ndéantar aon bheart dlíthiúil ina thaobh agus go léiríonn taighde ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le Dónal Ó hAiniféin, M.A., go gcruthaíonn daltaí a thagann tríd an LTI i bhfad thar an meán i scrúduithe caighdeánaithe Béarla de chuid a Roinne féin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [25814/08]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Táim feasach ar an dtaighde dá dtagraíonn an Teachta, taighde a thugann le fios go gcruthaíonn daltaí i nGaelscoileanna thar an meán i scrúduithe caighdeánaithe Béarla. Tugann staidéir náisiúnta sa réimse seo le fios chomh maith go mbíonn próifíl socheacnamaíoch níos airde ag mic léinn dá leithéid, agus go mbíonn suim níos mó ag a dtuismitheoirí san oideachas ná mar a mbíonn i scoileanna príomhshrutha. I nGaelscoileanna, tharlódh go múinfí gach ábhar ach amháin an Béarla trí Ghaeilge, rud a fhágann go mbíonn leibhéal tumtha de 88-90% ann.

Is é bunphrionsabal an pholasaí phoiblí sa chás seo ná seasamh le ceart gach uile pháiste chun an curaclam iomlán a rochtain ag an gcéim is luaithe. Seoladh an curaclam athbhreithnithe bunscoile i 1999 tar éis do chomhairle fhairsing a bheith glactha leis na comhpháirtithe oideachais. Deireann leathanach 27 i Réamhrá an Churaclaim: "It is a particular feature of Irish primary education that children, from the beginning of schooling, have experience of language learning in two languages." Leagann sé amach leis sin fráma ama íosta seachtainiúil don teagasc. Forálann sé seo go mba cheart, áit a bhfuil céad teanga dá mhúineadh, go mbeadh ceithre huaire teagaisc ann in aghaidh na seachtaine, agus trí huaire in aghaidh na seachtaine áit a bhfuil lá níos giorra ann do ranganna na naíonán. Áit a bhfuil an dara teanga dá mhúineadh is é an fráma ama íosta a mholtar ná 3.5 uaire sa tseachtain, agus 2.5 uaire do ranganna naíonán a bhfuil la níos giorra acu.

Is gnó polasaí poiblí é go bhfanfadh an scéal, mar a leagtar amach sa churaclam é, agus insna freagraí ar Cheisteanna Dála chun an Iar-Aire Oideachais agus Eolaíochta, gan athrú i.e. go gcloífí leis an bhfráma ama íosta a mholtar sa churaclam don dara teanga. Dá réir sin, éilíonn Ciorclán 0044/2007 go soláthródh Gaelscoileanna, tráth nach déanaí ná tosach an dara téarma sa Naíonáin Sóisearacha, 3.5 den Bhéarla ar a laghad in aghaidh na seachtaine, nó 2.5 uaire in aghaidh na seachtaine áit a bhfuil lá níos giorra ann do ranganna na naíonán.

Machnaíodh cinneadh maidir leis an gceist seo a chur siar go dtí go mbeadh tionscadal taighde déanta chun a fháil amach cérbh é an tionchar a bhí ag cineálacha éagsúla tumoideachais ar chruthúnas na mac léinn. Is dealraitheach go mbeadh taighde dá leithéid éiginntitheach os rud é go bhfuil an oiread sin athróg i gceist anseo (stádas socheacnamaíoch, cleachtas na scoile, éagsúlacht céad teanga ag na mic léinn sa mbaile).

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.