Written answers

Tuesday, 8 April 2008

Department of Education and Science

Áiseanna Múinte Gaeilge

9:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 371: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén maoiniú atá á chur ar fáil le háiseanna múinte Gaeilge agus le cleachtais mhúinteoireachta Gaeilge níos fearr a fhorbairt; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13398/08]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Beidh a fhios ag an Teachta gur léirigh an Rialtas seo tiomantas gan fasach d'oiliúint mhúinteoirí inár dteanga dúchais tríd an gcóras oideachais agus freisin trí bhearta atá dírithe ar dhearcadh níos dearfaí a ghineadh i leith na Gaeilge go ginearálta. Maidir le modhanna múinteoireachta, tá réimse leathan de thionscnaimh i bhfeidhm ag mo Roinn, tríd an Rannóg Oiliúna Múinteoirí, chun cumas na múinteoirí sa Ghaeilge a chur chun cinn.

Ag leibhéal an bhunoideachais, tionscnamh dírithe is ea an clár "Tús Maith" chun tacú le múineadh na Gaeilge. Faoi láthair tá tríocha a haon cuiditheoir ar fhoireann na n-oiliúnóirí. Is iad aidhmeanna an chláir "Tús Maith" ná múineadh na Gaeilge a fheabhsú agus cumas agus muinín na múinteoirí i labhairt na Gaeilge a fheabhsú. Cuireann cuiditheoirí "Tús Maith" réimse tacaíochta ar fáil do mhúinteoirí lena n-áirítear tacaíocht sa rang, tacaíocht scoile iomlán agus ceardlanna iarscoile. Tá an fhoireann ag obair faoi láthair le 527 Spriocscoil, agus dian-tacaíocht leanúnach á thabhairt acu. Faoi láthair tugtar maoiniú €2.3m in aghaidh na bliana don tionscnamh "Tús Maith".

Ag leibhéal na hiarbhunscoile, bunaíodh seirbhís tacaíochta atá sainiúil don Ghaeilge ar bun sa bhliain 2007. Tá an tseirbhís ina cuid den tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal, a chuireann tacaíocht curaclaim ar fáil go sainiúil do chláracha agus d'ábhair, chomh maith le tacaíocht chun modhanna nua múinteoireachta a chur i bhfeidhm i scoileanna dara leibhéal. Tugtar maoiniú €0.65m in aghaidh na bliana don tseirbhís seo.

Dearadh an tseirbhís tacaíochta don Ghaeilge chun tacaíocht forbartha ghairmiúil a sholáthar do mhúinteoirí dara leibhéal Gaeilge go ginearálta. Ceann de phríomhaidhmeanna na seirbhíse is ea tacú le húsáid na Gaeilge mar theanga cumarsáide i scoileanna agus i seomraí ranga.

Dearadh an clár forbartha gairmiúil chun:

tábhacht na scileanna béil a chothú mar chuid dílis de shiollabais an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireacha

cuidiú le múinteoirí réimse straitéisí múinteoireachta agus foghlama a fhorbairt a chothóidh cumas béil teanga, mar a mholtar in Imlitir 0042/2007

tógáil ar láidreachtaí Churaclam Leasaithe na Bunscoile.

Ina theannta sin, tugann mo Roinn maoiniú €150,000 in aghaidh na bliana chun Campaí Samhraidh a sholáthar i scoileanna faoi mhíbhuntáiste do dhaltaí i ranganna 4 go 6. Sa bhliain 2007 bhí 10 scoil páirteach sa scéim agus meastar go mbeidh fiche scoil ann sa bhliain 2008.

Chomh maith leis na nithe thuasluaite ag leibhéal bunscoile agus iarbhunscoile araon tá socruithe ag gach ceann d'ár seirbhísí tacaíochta chun oiliúint a chur ar fáil as Gaeilge.

Maidir le háiseanna teagaisc, paca acmhainní is ea Séideán Sí as a gcruthaítear cúrsa Gaeilge a forbraíodh do bhunscoileanna Gaeltachta agus bunscoileanna lán-Ghaelacha. Tá réimse d'ábhair teagaisc agus treoirlínte ann do mhúinteoirí agus daltaí suas go Rang a Trí. Tá ábhair reamhléitheoireachta ann, póstaeir, cártaí leide, cluichí focail, cluichí boird, rainn, amhráin, cártaí pictiúir, cártaí aibítre, leabhair, dlúthdhiosca agus ábhair TFC. Faoi láthair tá pacáiste d'ábhair do Rang a Ceathair á réiteach ag scríbhneoirí. D'íoc mo Roinn €0.53m le Foras na Gaeilge maidir le Díolacháin Séideán Sí i 2007.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.