Written answers
Tuesday, 8 April 2008
Department of Education and Science
Foghlaim na Gaeilge
9:00 pm
Brian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 372: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an glacann sí leis go bhfuil mí-úsáid á baint ag líon mór daltaí as an díolúine ó staidéar na Gaeilge ar scoil agus iad ag tabhairt faoi theangacha eile a fhoghlaim; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13399/08]
Mary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Deontar díolúintí ó fhoghlaim na Gaeilge de réir fhorálacha Chiorcláin M10/94.
Forálann na critéir go bhfuil cead ag údaráis scoile diolúintí a dheonadh i gcomhair:
(a) mac léinn a fuair a gcuid bhunoideachais suas go dtí 11 bliana d'aois i dTuaisceart Éireann nó lasmuigh d'Éirinn
(b) mac léinn a bhí rollaithe roimhe seo mar mhic léinn aitheanta i mbunscoil nó in iarbhunscoil agus atá á rollú athuair tar éis tréimhse a chaitheamh thar lear, ar choinníoll go bhfuil 3 bliana ar a laghad caite ón rollú deireanach sa Stát, agus go bhfuil 11 bliana ar a laghad slán ag an mac léinn ar athrollú dó/di agus
(c) catagóirí áirithe mac léinn a bhfuil riachtanais oideachasúla speisialta acu de réir mar atá leagtha amach i gCiorclán M10/94 nó
(d) mac léinn as tíortha thar lear, nach bhfuil aon tuiscint ar an mBéarla acu nuair a rollaítear iad.
Tarmligeann an scéim an chinnteoireacht d'údaráis scoile ar a bhfuil sé de dhualgas oibriú go docht laistigh de na critéir soiléire.
Ní foláir díolúintí i gcatagóir an mhí-chumais foghlama a bheith measúnaithe ag siceolaí cáilithe. Is iad siceolaithe nó speisialtóirí leighis a dhéanann measúnuithe i gcás inarb infheidhme é. Is iad na Príomhoidí a shocraíonn, i bhfianaise tuairiscí a chuireann gairmí inniúla ar fáil, cé acu an bhfuil mic léinn incháilithe chun díoluine nó nach bhfuil. Níl sé ar intinn ag mo Roinnse athrú ar bith a dhéanamh ar na gnásanna seo.
Is gnó é don mhac léinn féin, agus dá t(h)uisimitheoirí, i gcomhairle le Príomhoide na scoile, roghnú na n-ábhar iarbhunscoile. Is mar an gcéanna é ag mic léinn a bhfuil díolúine ó staidéar na Gaeilge acu. Roghnaítear na h-ábhair i gcomhthéacs riachtanas foriomlána oideachasúla an mhic léinn agus de réir polasaithe agus gnásanna atá i réim sa scoil.
Níl mo Roinnse feasach ar aon mhí-úsáid maidir le deonadh díolúintí ón nGaeilge agus má thagann aon mhí-úsáid dá leithéid ar aire mo Roinnse, coinneofar leis an ngnó go fuinneamhach le húdaráis na scoile lena mbaineann.
No comments