Written answers
Tuesday, 8 April 2008
Department of Education and Science
Tionscadail Tógála Scoileanna
9:00 pm
Brian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 370: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cad atá á dhéanamh aici chun comhionannas agus rannpháirteachas de réir ráiteas misin na Roinne a chinntiú do mhic léinn na nGaelscoileanna atá faoi mhíbhuntáistí ar láithreacha scoile trochailte gan seirbhísí bunúsacha cearta ar fud na tíre; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13397/08]
Mary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Is i bhfianaise na gcritéar foilsithe ó thaobh ord tosaíochta na dtionscadal tógála mórscála a dhéantar measúnú ar na scoileanna go léir a dhéanann iarratas ar mhórmhaoiniú caipitil. Faoin bpróiseas seo, sanntar rátáil bhanda do na tionscadail go léir, agus iarratais ó ghaelscoileanna san áireamh, agus déantar breithniú ar dhul chun cinn na dtionscadal aonair i gcomhthéacs an Chláir Tógála agus Nuachóirithe Scoileanna de chuid mo Roinne.
Cinntíonn nuálaíochtaí ó thaobh foirgnimh scoile a sholáthar mar Athdhearaí Cineálacha agus úsáid na samhla "Dear agus Tóg" go soláthraítear foirgnimh scoile nua chomh sciobtha agus is féidir.
Tá an Rialtas seo ag comhlíonadh a ghealltanais ó thaobh saoráidí nua-aimseartha a chur ar fáil sna scoileanna. Chuige sin, tá an maoiniú méadaithe ag an Rialtas diaidh ar ndiaidh le blianta beaga anuas sa dóigh gur infheistíodh suim chomhiomlán de bhreis is €2.6 billiún sa bhonneagar scoileanna idir 2000 agus 2006 agus tá gealltanas ann go n-infheisteofar €4.5 billiún eile le linn na tréimhse den Phlean Forbartha Náisiúnta reatha 2007-2013. Seo an clár infheistíochta is mó ó bunaíodh an Stát.
No comments