Written answers

Tuesday, 8 April 2008

Department of Education and Science

Áiseanna Múinte Gaeilge

9:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 368: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cad atá á dhéanamh aici ar son na múinteoirí atá den tuairim nach bhfuil a ndóthain Gaeilge acu chun í a mhúineadh i gceart de réir thorthaí Thuarascáil Choimisiún na hEorpa agus na Roinne Oideachais [13395/08]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Nuair a chuireann múinteoirí isteach ar fhostaíocht mar mhúinteoirí i mbunscoileanna in Éirinn, agus a gcáilíochtaí faighte acu taobh amuigh den Stát, éilítear orthu bheith inniúil i múineadh na Gaeilge. Faoi Threoir 2005/36/EC den AE, áit a bhfuil múinteoirí ina múinteoirí aitheanta i dtíortha eile, ach nach bhfuil cáilíocht chun múineadh na Gaeilge acu, is ceadaithe dóibh a roghnú dul faoi thriail inniúlachta nó faoi thréimhse oiriúnaithe chun an t-easnamh atá ar a gcuid Gaeilge curaclaí a chur i gceart. Tá gnásanna don triail inniúlachta, An Scrúdú Cáilíochta Gaeilge, ar bun le roinnt blianta. Tá gnásanna don tréimhse oiriúnaithe á bhforbairt faoi láthair ag an gComhairle Múinteoireachta.

Is é sainmhíniú an AE ar an dtréimhse oiriúnaithe ná "the pursuit of a regulated profession in the host member State under the responsibility of a qualified member of that profession, such as a period of supervised practice, possibly being accompanied by further training. This period of supervised practice shall be the subject of an assessment. " I gcás múinteoirí a roghnaíonn thriail inniúlachta, bheifí ag súil go mbeadh monatóireacht á dhéanamh ar mhúineadh na Gaeilge acu ag an bPríomhoide, ar a bhfuil freagracht fhoriomlán as caighdeán agus éifeachtúlacht an mhúinte sa scoil agus as leibhéil gnóthachtála agus as caighdeáin acadúla na mac léinn.

Áit nach bhfuil múinteoirí inniúil chun an Ghaeilge a mhúineadh, tá oibleagáid ar scoileanna a shocrú go múinfidh múinteoir eile an Ghaeilge dá rang. Is é seo an cleachtas a bhí agus atá i gcónaí ag scoileanna ina dtarlaíonn a leithéid.

Is eol gan dabht don Teachta go bhfuil tiomantas gan fasach léirithe ag an Rialtas seo d'oiliúint múinteoirí inár dteanga náisiúnta tríd an gcóras oideachais agus, ina theannta sin, trí bhearta atá dírithe ar mheon níos dearfaí a chruthú i leith na Gaeilge go ginearálta.

Maidir le múinteoirí, tá réimse leathan tionscnamh ar bun ag mo Roinnse, tríd an Rannóg Oiliúna Múinteoirí, chun tuilleadh feabhais a chur ar inniúlacht múinteoirí sa Ghaeilge.

Ag leibhéal na bunscoile tionscnamh sonraithe is ea an clár "Tús Maith" chun tacú le múineadh na Gaeilge. Tá tríocha is a haon cuiditheoirí ar an bhfoireann faoi láthair. Is iad na haidhmeanna atá ag an gclár ná feabhas a chur ar mhúineadh na Gaeilge agus feabhas a chur ar inniúlacht agus muinín múinteoirí agus iad dá muineadh. Tugann cuiditheoirí Thús Mhaith réimse tacaíochtaí do mhúinteoirí ar a n-áirítear tacaíocht inranga, tacaíocht na scoile uile agus ceardlanna agus gníomhaíochtaí teangabhunaithe iarscoile. Tá an fhoireann ag obair faoi láthair le 527 Spriocscoileanna ag tabhairt diantacaíochta marthanaí, as a dtagann ardleibhéil éifeachta.

Ag leibhéal na hiarbhunscoile, bunaíodh seirbhís tacaíochta atá sainiúil don ábhar, don Ghaeilge i 2007. Cuid den tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéil an tseirbhís seo, a chuireann ar fáil tacaíocht churaclach atá sainiúil don chlár agus don ábhar, agus tacaíocht do mhúineadh agus d'fhoghlaim go ginearálta in iarbhunscoileanna.

Ceapadh an tseirbhís tacaíochta don Ghaeilge chun tacaíocht forbartha gairmiúla a chur ar fáil do mhúinteoirí dara leibhéil Ghaeilge go ginearálta agus tacaíocht do mhúineadh agus d'fhoghlaim gach aon ghné den churaclam. Is é ceann de phríomhaidhmeanna na seirbhíse ná tacú le húsáid na Gaeilge mar theanga cumarsáide i scoileanna agus i rangsheomraí.

Tá an clár forbartha gairmiúla ceapaithe chun: tábhacht scileanna béil a chur chun cinn mar chuid dhílis de shiollabais an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta; cur ar chumas múinteoirí réimse straitéisí múinte agus foghlama a fhorbairt a chuirfidh chun cinn oilteacht sa theanga labhartha, mar a mholtar i gCiorclán 0042/2007; agus tógáil ar threise an Churaclaim Athbhreithnithe do Bhunscoileanna.

Mar bhreis ar an méid thuas ag an mbunleibhéal agus an iarbhunleibhéal araon tá bearta ar bun ag gach uile ceann dár seirbhísí tacaíochta chun oiliúint a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 369: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an mbeadh sí sásta airgead traenála a chur ar fáil do mhúinteoirí sinsearacha le cúrsaí athoiliúna Gaeilge a dhéanamh ar bhonn rialta [13396/08]

Photo of Mary HanafinMary Hanafin (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Beidh a fhios ag an Teachta gur léirigh an Rialtas seo tiomantas gan fasach d'oiliúint mhúinteoirí inár dteanga dúchais tríd an gcóras oideachais agus freisin trí bhearta atá dírithe ar dhearcadh níos dearfaí a ghineadh i leith na Gaeilge go ginearálta.

Maidir le múinteoirí, tá réimse leathan de thionscnaimh i bhfeidhm ag mo Roinn, trí Rannóg Oideachais Múinteoirí, chun cumas na múinteoirí sa Ghaeilge a chur chun cinn.

Ag leibhéal an bhunoideachais, tionscnamh dírithe is ea an clár "Tús Maith" chun tacú le múineadh na Gaeilge. Faoi láthair tá tríocha a haon cuiditheoir ar an bhfoireann. Is iad aidhmeanna an chláir ná múineadh na Gaeilge a fheabhsú chun cumas agus muinín na múinteoirí sa teanga Gaeilge a fheabhsú. Tugann cuiditheoirí "Tús Maith" réimse tacaíochta do mhúinteoirí lena n-áirítear tacaíocht sa rang, tacaíocht scoile iomlán agus ceardlanna iarscoile agus gníomhaíochtaí teanga-bhunaithe. Tá an fhoireann ag obair faoi láthair le 527 Spriocscoil, agus dian-tacaíocht leanúnach á thabhairt acu, le leibhéil arda tionchair dá bharr.

Ag leibhéal na hiarbhunscoile, bunaíodh seirbhís tacaíochta sainiúil don Ghaeilge ar bun sa bhliain 2007. Cuid den tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal is ea é, a chuireann tacaíocht curaclaim ar fáil go sainiúil don chlár agus don ábhar, chomh maith le tacaíocht do mhúineadh agus foghlaim go ginearálta i scoileanna sa dara leibhéal.

Dearadh an tseirbhís tacaíochta seo don Ghaeilge chun tacaíocht forbartha ghairmiúil a sholáthar do mhúinteoirí dara leibhéal go ginearálta chomh maith le tacaíocht do mhúineadh agus foghlaim ghnéithe uilig an churaclaim. Ceann de phríomhaidhmeanna na seirbhíse is ea tacú leis an nGaeilge mar theanga cumarsáide i scoileanna agus i seomraí ranga.

Dearadh an clár forbartha gairmiúil chun: tábhacht na scileanna béil a chothú mar chuid dílis de shiollabais an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta; cuidiú le múinteoirí réimse straitéisí múineadh agus foghlama a fhorbairt a chothóidh cumas béil teanga, mar a mholtar in Imlitir 0042/2007; agus tógáil ar láidreachtaí Churaclam Leasaithe na Bunscoile.

Chomh maith leis na nithe thuasluaite ag leibhéal bunscoile agus iarbhunscoile araon, tá socruithe ag gach ceann d'ár seirbhísí tacaíochta chun oiliúint a chur ar fáil as Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.