Written answers
Tuesday, 22 November 2005
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Cúrsaí Meánscolaíochta sa Ghaeltacht
10:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 453: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir le Ceist Parlaiminte 551 den 15 Samhain 2005, cathain a sheolfaidh sé iarratas chun an Aire Oideachais agus Eolaíochta chun dul i mbun cainte léi maidir le haicmiú na scoileanna sna limistéir Gaeltachta agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [35354/05]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta is í an tAire Oideachais agus Eolaíochta atá freagrach as cúrsaí oideachais ar a n-áirítear cúrsaí meánscolaíochta sa Ghaeltacht. I gcomhthéacs na freagrachta atá ormsa agus ar mo Roinn i ndáil leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, bíonn cruinnithe leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta agus le hoifigigh na Roinne sin chun saincheisteanna ábhartha a phlé. Bheinn ag súil leis go ndéanfar plé ar chúrsaí oideachais sa Ghaeltacht leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta mar chuid den phróiseas seo amach anseo freisin. Tá ionadaí freisin ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar Fhóram na Gaeilge, ag a bpléitear nithe a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné den sochaí.
No comments