Written answers
Thursday, 14 April 2005
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Clár Dílarnú
5:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 30: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le foireann a dhílárnúón Roinn, cén líon státseirbhíseach óna Roinn, agus a ngrád, a léirigh suim i ndílárnúón Roinn i mBaile Átha Cliath go dtí na hionaid atá roghnaithe ar fud na tíre agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [11424/05]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tuigfidh an Teachta, ar ndóigh, go bhfuil an próiseas díláraithe in aon Roinn Stáit ag brath ar an dul chun cinn atáá bhaint amach ag an nGrúpa Forfheidhmithe Lárnach.
Léirigh 45 duine atá fostaithe i mo Roinn féin suim i ndílárnúón Roinn i mBaile Átha Cliath go dtí Ranna eile ar fud na tíre, briste síos mar seo leanas:
Príomhoifigeach Cúnta | 5 |
Ardoifigeach Feidhmiúcháin | 14 |
Oifigeach Riaracháin | 2 |
Oifigeach Feidhmiúcháin | 11 |
Oifigeach Cléireachais | 12 |
Oifigeach Logainmneacha | 1 |
Iomlán | 45 |
Chomh maith leis sin, chuir oifigigh de chuid mo Roinne-se i mBaile Átha Cliath, lasmuigh de réimse na hard-bhainistíochta, iarratais isteach chun dílárú le mo Roinnse mar seo leanas:
Na Forbacha | |
Oifigeach Cléireachais | 2 |
Oifigeach Seirbhíse | 1 |
Iomlán | 3 |
Cnoc Mhuire | |
Ardoifigeach Feidhmiúcháin | 2 |
Oifigeach Feidhmiúcháin | 3 |
Oifigeach Cléireachais | 1 |
Ardoifigeach Seirbhisí | 1 |
Iomlán | 7 |
No comments