Written answers
Thursday, 14 April 2005
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Polasaí Dátheangachas
5:00 pm
Jan O'Sullivan (Limerick East, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 31: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a rinne an Rialtas an cinneadh tír fhíor-dhátheangach a chruthú ina mbeidh Gaeilge agus Béarla ag formhór an phobail agus ina mbeidh Gaeilge agus Béarla in úsáid acu go laethúil ar fud na tíre; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [11388/05]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá stádas tugtha don Ghaeilge mar chéad teanga náisiúnta i mBunreacht na hÉireann, ar ghlac an pobal léi i reifrinn sa bhliain 1937, agus, ár ndóigh, roimhe sin i mBunreacht an tSaorstáit ó 1922. Mar sin, ní ceist í seo faoi chinneadh a bheith déanta ag an Rialtas, nó ag aon Rialtas ar leith roimhe seo, ach ceist maidir le feidhmiú beartais phoiblí ar bhonn leanúnach ó bunaíodh an Stát. Tá dualgas bunreachtúil, mar sin, ar chuile Rialtas an Ghaeilge a chur chun cinn mar an teanga náisiúnta agus mar theanga bheo, labhartha.
Mar is eol don Teachta, gan amhras, rinne an Rialtas seo cinneadh an Bille Teanga a chur ar aghaidh. Is í an chuspóir is mó atá ag Acht na dTeangacha Oifigiúla ná a chinntiú go mbeidh seirbhísí poiblí ar fáil i rogha teanga oifigiúla an tsaoránaigh. Thar thréimhse ama, cinnteoidh an tAcht ar bhonn céimnitheach go mbeidh réimse níos mó de sheirbhísí poiblí ar fáil as Gaeilge agus cuirfear dá réir le húsáid na Gaeilge ar bhonn laethúil ar fud na tíre.
No comments