Written answers

Thursday, 14 April 2005

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Aistritheoirí Béarla-Gaeilge

5:00 pm

Photo of Joan BurtonJoan Burton (Dublin West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 29: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta conas is féidir le duine clárú mar aistritheoir i dtreo is gur féidir leis an duine sin dul ar an liosta aistritheoirí Béarla-Gaeilge atá ar fáil ón Roinn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [11384/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

I dtosach báire, ní miste dom a mhíniú go bhfuil Foras na Gaeilge i mbun próisis faoi láthair chun córas creidiúnaithe d'aistritheoirí a fhorbairt don earnáil phríobháideach aistriúcháin. Mar eolas don Teachta, bhí fógra oifigiúil ón bhForas sna meáin le déanaí ag lorg aighneachtaí faoin ábhar seo. Nuair a bheidh an córas sin i bhfeidhm, is cinnte gur cúnamh praiticiúil fíor-thábhachtach a bheidh ann do chomhlachtaí poiblí a bheidh ag iarraidh úsáid a bhaint as seirbhísí ó aistritheoirí príobháideacha. Ar ndóigh, is gnó do chomhlachtaí poiblí iad féin a shásamh maidir leis na seirbhísí aistriúcháin atá ar fáil, chomh maith le caighdeán agus luach ar airgid na seirbhísí sin.

Maidir leis an liosta d'aistritheoirí a bhfuil tagairt déanta ag an Teachta dó, is amhlaidh go bhfuil liosta aistritheoirí d'úsáid inmheánach curtha i dtoll a chéile ag mo Roinnse ach go gcuirtear an liosta ar fáil d'aíochtaí eile san earnáil phoiblí má thagann siad á lorg. Ní ghlacann mo Roinnse aon fhreagracht maidir le caighdeán na n-aistritheoirí ar an liosta sin agus ní chóras clárúcháin atá i gceist. Is amhlaidh gur sheol na haistritheoirí a bhfuil a n-ainmneacha ar an liosta a gcuid sonraí teagmhála chuig mo Roinn in éindí le hiarratas go gcuirfí ar an liosta iad. Ar ndóigh, tógfaidh an córas creidiúnaithe atá idir lámha ag Foras na Gaeilge áit an liosta sin ar ball.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.