Seanad debates
Thursday, 20 June 2024
Nithe i dtosach suíonna - Commencement Matters
Seirbhísí agus Tacaíochtaí Gaeilge
9:30 am
Eugene Murphy (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is i nGaeilge atá an Seanadóir Barry Ward ag ardú an chéad ábhar eile; sé sin, an gá atá ann go n-úsáidfidh gach comhlacht Stát an síneadh fada go sásúil, agus go gcuirfear an nós sin i ngníomh í i ngach réimse.
Barry Ward (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Go raibh maith agat. Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit, an Teachta Chambers, and déanaim comhghairdeas leis as ucht an post nua atá aige ina pháirtí féin. Go n-éirí leis sa ról sin.
Ba mhaith liom a rá inniu gur cheart go mbeadh cosaint ann do dhaoine an síneadh fada a úsáid agus iad ag déileáil leis an Stát nó le heagraíochtaí eile trí Ghaeilge. Tá a fhios againn go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an síneadh fada. Tá a fhios againn freisin nach raibh an t-eolas sin ag gach éinne sa Stát ar feadh blianta anuas. Cuirim fáilte roimh an cosaint atá ann in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, a thugann ceart do dhaoine síneadh fada a úsáid ina ainm féin nó i logainm trí Ghaeilge. Mar is eol dúinn, muna bhfuil an síneadh fada ann, déanann sé an-difríocht don bhrí a bhaineann le focal éigin. Tá liosta curtha le chéile ag Star Translation Services de 49 focal a bhíonn brí ar leith ag baint leo ag brath ar shíneadh fada a bheith curtha nó gan a bheith curtha leo.Níl mé chun an liosta go léir a léamh amach ach tá a fhios againn cad iad na focail ina bhfuil an-difríocht ann ar nós sean, séan, Seán; ait, áit; féar, fear; agus focail mar sin. Déanann sé an-difríocht muna bhfuil an síneadh fada ann. Cé go bhfuil cearta ag daoine anois a gcuid ainmneacha féin a úsáid leis an síneadh fada, bhí sé náireach nach raibh an chosaint sin ann le blianta anuas. Ní raibh sé de cheart ag daoine a bhfuil a ainm nó a hainm i nGaeilge 20 bliain ó shin agus iad a déileáil leis an Stát nó an ospidéal, an dochtúir nó an Roinn - pé eagraíocht a bhí ann - dá mba rud é go raibh síneadh fada ina ainm nó ina hainm, an síneadh fada sin a úsáid. Is náireach nach raibh an chosaint sin ann. Cé go bhfuil sé ann anois, níl an chosaint sin i ngach áit. Níl an chosaint ann go háirithe do dhaoine atá ag scríobh i nGaeilge nó ag scríobh fiú alt amháin i nGaeilge. Má tá siad ag líonadh isteach a gcuid ainmneacha féin nó logainm mar chuid den seoladh, tá sé ceart go leor. Ach má tá siad agus cur alt nó rud éigin mar chuid d'fhoirm iarratais nó mar sin, faoin Acht níl an chosaint sin ann dóibh an síneadh fada a úsáid ansin. Tá an chosaint sin ann ó thaobh eagraíochtaí Stáit, mar a dúirt mé - má tá tú ag déileáil leis an Roinn, le scoil, le ospidéal nó pé rud é - ach níl an chosaint ann ó thaobh eagraíochtaí príobháideacha.
Nuair atá mé ag labhairt le daoine - fiú daoine nach bhfuil Gaeilge acu - deireann siad liom nach bhfuil a fhios acu conas an síneadh fada a dhéanamh ar an ríomhaire. Tá sé thar a bheith éasca ar fad "alt gr" a úsáid chun an síneadh fada a chur ar pé litir agus tú ag úsáid an ríomhaire. An fhadhb atá ann ar an dá thaobh ná nach bhfuil an chosaint ann do dhaoine atá ag déileáil le heagraíocht príobháideacha, comhlacht nó pé rud é, agus freisin nach bhfuil a fhios ag daoine, iad siúd nach bhfuil Gaeilge acu fiú, conas an síneadh fada a úsáid agus iad ag obair ar ríomhaire. Tá mé ag iarraidh ar an Aire Stáit feachtas a chur ar bun do gach éinne ionas go mbeadh a fhios acu conas an síneadh fada a fháil ar ríomhaire agus freisin go mbeadh eolas acu ar an tábhacht a bhaineann leis an síneadh fada agus an tábhacht atá ann an ceart a bheith ag daoine an síneadh fada a úsáid.
Eugene Murphy (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is ábhar an-suimiúil é sin.
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Seanadóir Ward. Tá an cheist maidir leis an síneadh fada ar cheann de phríomhghnéithe na reachtaíochta teanga leasaithe a rinne Uachtarán na hÉireann a shíniú ina dhlí ag deireadh 2021. Treisiú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 atá i gceist leis an reachtaíocht nua seo agus aithnítear go forleathan go gcuirfidh sé go mór le caighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí Stáit ar fáil don phobal. Faoin Acht, tá sé i gceist líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge a fheabhsú agus a mhéadú go mór, mar aon le deiseanna suntasacha fostaíochta a chruthú dóibh siúd le hinniúlacht sa teanga. Is iad príomhspriocanna an Achta neartaithe seo ná go mbeidh 20% d'earcaigh chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030; go gcuirfear na seirbhísí poiblí uile sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí Ghaeilge; go mbeidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge; go ndéanfar plean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge a fhorbairt; agus go dtiocfaidh córas na gcaighdeán teanga in áit córas na scéimeanna teanga. Tá an Roinn i mbun oibre chun feidhm a thabhairt d'ailt agus d'fhorálacha uile an Achta ar bhonn céimiúil.
Ag croílár fhormhór na n-iarrachtaí faoin Acht sa tréimhse ghearr amach romhainn, beidh obair an choiste chomhairligh um sheirbhísí Gaeilge. Bunaíodh an coiste ar an 20 Meitheamh 2022 agus is ar ullmhú an chéad phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge a bhí obair an choiste dírithe go príomhúil don chéad dá bhliain chun a chinntiú go ndéanfaí é seo a réiteach agus a chur faoi bhráid an Aire Stáit, an Teachta Byrne, roimh an spriocdháta inné, rud gur cúis áthais dom a dheimhniú atá déanta. Beidh trí mhí anois ag an Aire chun an plean a chur faoi bhráid an Rialtais agus a fhoilsiú go gairid ina dhiaidh sin. Tuigim gur tháinig roinnt nithe suntasacha tríd an taighde don phlean náisiúnta sin agus go bhfuil an tAire Stáit, an Teachta Byrne, ag súil go mór le dul tríd sin go léir, mar aon le múnla agus moltaí an phlean go ginearálta, sa tréimhse ghearr amach romhainn. Tá sé mar aidhm go bhfeidhmeoidh an plean náisiúnta seo mar mhapa bóthair do chomhlachtaí poiblí agus é foilsithe ó thaobh líon agus caighdeán a gcuid seirbhísí poiblí Gaeilge a mhéadú agus a fheabhsú ar bhonn córasach. Chuige sin, táthar ag súil go mbeidh réimsí ar nós na teicneolaíochta agus córais idirghníomhacha mar phríomhghné den phlean.
Lena chois sin, tá oifigigh na Roinne ag obair i dtreo feidhm a thabhairt d'ailt 4 agus 5 den Acht teanga roimh dheireadh na bliana seo, a bhaineann go díreach le dualgais chomhlachtaí poiblí faoi scáth an Achta ó thaobh postálacha sna meáin shóisialta a fhreagairt sa teanga oifigiúil ina bhfaightear iad; ainmneacha, seoltaí agus teidil i nGaeilge a úsáid agus a thaifead i gceart, lena n-áirítear an síneadh fada agus cur in oiriúint córais TFC agus eile le glacadh lena leithéid; leagan amach foirmeacha oifigiúla; lógónna; ainmneacha comhlachtaí poiblí reachtúla nuabhunaithe le bheith i nGaeilge amháin; agus seirbhísí pobal rochtana curtha ar fáil ag tríú páirtí. Tá an síneadh fada luaite go sonrach in alt 9A(3)(b) den Acht agus luaitear "go ndéanfar úsáid an tsínte fhada sa téacs Gaeilge a éascú". Leagtar amach faoin Acht go gcaithfear treoirlínte a ullmhú agus a eisiúint chun cuidiú le comhlachtaí poiblí a gcuid oibleagáidí faoi na hailt seo a chomhlíonadh, agus tá an Roinne ag tabhairt faoin obair sin i láthair na huaire.
Mar chéad chéim, agus ó thaobh aghaidh a thabhairt ar fheidhmiú alt 9A ach go háirithe, a bhaineann le hainmneacha, seoltaí agus teidil a úsáid agus a thaifead i gceart i nGaeilge - lena n-áirítear an síneadh fada - agus chun a chinntiú go bhfuil córais TFC agus eile curtha in oiriúint le glacadh le déanamh amhlaidh, thug an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin faoi phróiseas scópála le déanaí le comhlachtaí poiblí a bhfuil ionadaíocht acu ar an gcoiste chomhairligh um sheirbhísí Gaeilge. Mar thoradh air sin, tháinig roinnt iarratais chun cinn ó chomhaltaí an choiste go ndéanfaí grúpa oibre teicniúil a bhunú, comhdhéanta de chomhaltaí ar oifigigh teicneolaíochta iad, chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna teicneolaíochta a d'fhéadfadh a bheith bainteach leis an ábhar. Chuige sin, tá oifigigh na Roinne ag obair go dlúth anois leis na páirtithe leasmhara ar mhaithe le grúpa oibre teicniúil a bhunú. Tabharfaidh an grúpa oibre seo aghaidh ar pháipéar a chur le chéile ina leagfar amach dea-chleachtas don earnáil phoiblí i gcomhthéacs chur i bhfeidhm ailt 9A agus 9B den Acht leasaithe, a chlúdaíonn an síneadh fada. Mar chuid d'obair an ghrúpa seo i dtaobh alt 9A, agus mar atá sonraithe san Acht, beidh gá a chinntiú go bhfuil na córais TFC agus aon chórais eile atá in úsáid ag comhlacht poiblí ina chumarsáid leis an bpobal cumraithe ar mhodh a cheadaíonn an méid seo a leanas i nGaeilge: ainm, lena n-áirítear foirm athartha nó foirm mháthartha an ainm; seoladh; teideal, lena n-áirítear an rogha gan teideal ar bith a úsáid; agus úsáid an tsínte fhada. Mar aon leis an obair atá luaite agam cheana féin, oibreoidh an grúpa oibre teicniúil seo le hoifigigh na Roinne i leith dréachtú na dtreoirlínte sa mhéid seo. Tá an Rialtas dóchasach leis an obair seo uile go gcuirfear go mór le heispéireas Gaeilge an chustaiméara, ag cur ar chumas lucht labhartha na Gaeilge í a úsáid i ngach gné dá saol, ach go háirithe ina bplé leis an Stát.
Barry Ward (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as an bhfreagra sin. Aontaím leis maidir le tábhacht na hoibre atá déanta ag an Rialtas agus ag an Stát ar an ábhar seo. Ag an am céanna, agus cé go bhfuil an-meas agam ar an dlí a deireann go mbeidh 20% den fhógraíocht trí Ghaeilge agus cé go bhfuilimid ag déanamh na hoibre agus ag dul ar aghaidh leis an bhfadhb seo, táimid i gcónaí ag labhairt faoi eagraíochtaí poiblí. Ba cheart go mbeimid ag labhairt faoi gach aon eagraíocht, ní hamháin eagraíochtaí an Stáit. Mar shampla, is as Dún Laoghaire mé agus nuair a bhí mé ag an ionad comhairimh i rith na dtoghchán áitiúla do Chomhairle Chontae Dhún Laoghaire-Rath an Dúin, bhí fógra ann don LEA Dún Laoghaire agus ní raibh síneadh fada air. Níl aon áit ann gur “Dun Laoghaire” an t-ainm air; an t-aon áit atá ann ná Dún Laoghaire. Má tá comhairle contae ag fágáil amach an síneadh fada sa chás sin, cad is féidir linn a dhéanamh le heagraíocht príobháideacha nó le comhlachtaí do dhaoine atá i siopaí ina gceantair féin?Cad is féidir linn déanamh dóibh? An bhfuil muid réidh chun an feachtas sin a dhéanamh ionas go mbeidh a fhios ag gach éinne an tábhacht a bhaineann leis an síneadh fada agus conas é a úsáid freisin?
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Aontaím leis an Seanadóir go bhfuil fadhbanna ann. Is é sin an fáth a bhí muid ag oibriú, mar Stát, go mbeadh Acht nua ann. Beidh na cearta teanga agus gach rud i bhfad níos fearr tríd an próiseas nua atá ann maidir leis an Acht nua. Tá struchtúr ann agus beidh treoirlínte agus coiste nua ann. Beidh an plean ag dul go dtí an Rialtas i gceann trí mhí chun an tAcht nua a chur i bhfeidhm. Mar a dúirt mé, beidh mé i dteagmháil leis an Aire Stáit, an Teachta Thomas Byrne, maidir leis an bpointe ar baineadh amach inniu agus an díospóireacht sin. Tá mé dóchasach go mbeidh gach rud maidir leis an teanga i bhfad níos fearr leis an clár Rialtais agus an tAcht nua anois.
Eugene Murphy (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Is é sin an deireadh leis an seisiún seo. Gabhaim buíochas leis an Aire, an Teachta Ryan, agus na Seanadóirí freisin and to the staff of the House. I thank them all for their co-operation and help. It is always very nice to have some of our more senior Ministers here. We appreciate both the Minister, Deputy Ryan, and the Minister of State, Deputy Chambers, being here this morning.