Seanad debates

Thursday, 20 June 2024

Nithe i dtosach suíonna - Commencement Matters

Seirbhísí agus Tacaíochtaí Gaeilge

9:30 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir Ward. Tá an cheist maidir leis an síneadh fada ar cheann de phríomhghnéithe na reachtaíochta teanga leasaithe a rinne Uachtarán na hÉireann a shíniú ina dhlí ag deireadh 2021. Treisiú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 atá i gceist leis an reachtaíocht nua seo agus aithnítear go forleathan go gcuirfidh sé go mór le caighdeán na seirbhísí i nGaeilge a chuireann comhlachtaí Stáit ar fáil don phobal. Faoin Acht, tá sé i gceist líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge a fheabhsú agus a mhéadú go mór, mar aon le deiseanna suntasacha fostaíochta a chruthú dóibh siúd le hinniúlacht sa teanga. Is iad príomhspriocanna an Achta neartaithe seo ná go mbeidh 20% d'earcaigh chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030; go gcuirfear na seirbhísí poiblí uile sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí Ghaeilge; go mbeidh gach oifig phoiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge; go ndéanfar plean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge a fhorbairt; agus go dtiocfaidh córas na gcaighdeán teanga in áit córas na scéimeanna teanga. Tá an Roinn i mbun oibre chun feidhm a thabhairt d'ailt agus d'fhorálacha uile an Achta ar bhonn céimiúil.

Ag croílár fhormhór na n-iarrachtaí faoin Acht sa tréimhse ghearr amach romhainn, beidh obair an choiste chomhairligh um sheirbhísí Gaeilge. Bunaíodh an coiste ar an 20 Meitheamh 2022 agus is ar ullmhú an chéad phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí Gaeilge a bhí obair an choiste dírithe go príomhúil don chéad dá bhliain chun a chinntiú go ndéanfaí é seo a réiteach agus a chur faoi bhráid an Aire Stáit, an Teachta Byrne, roimh an spriocdháta inné, rud gur cúis áthais dom a dheimhniú atá déanta. Beidh trí mhí anois ag an Aire chun an plean a chur faoi bhráid an Rialtais agus a fhoilsiú go gairid ina dhiaidh sin. Tuigim gur tháinig roinnt nithe suntasacha tríd an taighde don phlean náisiúnta sin agus go bhfuil an tAire Stáit, an Teachta Byrne, ag súil go mór le dul tríd sin go léir, mar aon le múnla agus moltaí an phlean go ginearálta, sa tréimhse ghearr amach romhainn. Tá sé mar aidhm go bhfeidhmeoidh an plean náisiúnta seo mar mhapa bóthair do chomhlachtaí poiblí agus é foilsithe ó thaobh líon agus caighdeán a gcuid seirbhísí poiblí Gaeilge a mhéadú agus a fheabhsú ar bhonn córasach. Chuige sin, táthar ag súil go mbeidh réimsí ar nós na teicneolaíochta agus córais idirghníomhacha mar phríomhghné den phlean.

Lena chois sin, tá oifigigh na Roinne ag obair i dtreo feidhm a thabhairt d'ailt 4 agus 5 den Acht teanga roimh dheireadh na bliana seo, a bhaineann go díreach le dualgais chomhlachtaí poiblí faoi scáth an Achta ó thaobh postálacha sna meáin shóisialta a fhreagairt sa teanga oifigiúil ina bhfaightear iad; ainmneacha, seoltaí agus teidil i nGaeilge a úsáid agus a thaifead i gceart, lena n-áirítear an síneadh fada agus cur in oiriúint córais TFC agus eile le glacadh lena leithéid; leagan amach foirmeacha oifigiúla; lógónna; ainmneacha comhlachtaí poiblí reachtúla nuabhunaithe le bheith i nGaeilge amháin; agus seirbhísí pobal rochtana curtha ar fáil ag tríú páirtí. Tá an síneadh fada luaite go sonrach in alt 9A(3)(b) den Acht agus luaitear "go ndéanfar úsáid an tsínte fhada sa téacs Gaeilge a éascú". Leagtar amach faoin Acht go gcaithfear treoirlínte a ullmhú agus a eisiúint chun cuidiú le comhlachtaí poiblí a gcuid oibleagáidí faoi na hailt seo a chomhlíonadh, agus tá an Roinne ag tabhairt faoin obair sin i láthair na huaire.

Mar chéad chéim, agus ó thaobh aghaidh a thabhairt ar fheidhmiú alt 9A ach go háirithe, a bhaineann le hainmneacha, seoltaí agus teidil a úsáid agus a thaifead i gceart i nGaeilge - lena n-áirítear an síneadh fada - agus chun a chinntiú go bhfuil córais TFC agus eile curtha in oiriúint le glacadh le déanamh amhlaidh, thug an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin faoi phróiseas scópála le déanaí le comhlachtaí poiblí a bhfuil ionadaíocht acu ar an gcoiste chomhairligh um sheirbhísí Gaeilge. Mar thoradh air sin, tháinig roinnt iarratais chun cinn ó chomhaltaí an choiste go ndéanfaí grúpa oibre teicniúil a bhunú, comhdhéanta de chomhaltaí ar oifigigh teicneolaíochta iad, chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna teicneolaíochta a d'fhéadfadh a bheith bainteach leis an ábhar. Chuige sin, tá oifigigh na Roinne ag obair go dlúth anois leis na páirtithe leasmhara ar mhaithe le grúpa oibre teicniúil a bhunú. Tabharfaidh an grúpa oibre seo aghaidh ar pháipéar a chur le chéile ina leagfar amach dea-chleachtas don earnáil phoiblí i gcomhthéacs chur i bhfeidhm ailt 9A agus 9B den Acht leasaithe, a chlúdaíonn an síneadh fada. Mar chuid d'obair an ghrúpa seo i dtaobh alt 9A, agus mar atá sonraithe san Acht, beidh gá a chinntiú go bhfuil na córais TFC agus aon chórais eile atá in úsáid ag comhlacht poiblí ina chumarsáid leis an bpobal cumraithe ar mhodh a cheadaíonn an méid seo a leanas i nGaeilge: ainm, lena n-áirítear foirm athartha nó foirm mháthartha an ainm; seoladh; teideal, lena n-áirítear an rogha gan teideal ar bith a úsáid; agus úsáid an tsínte fhada. Mar aon leis an obair atá luaite agam cheana féin, oibreoidh an grúpa oibre teicniúil seo le hoifigigh na Roinne i leith dréachtú na dtreoirlínte sa mhéid seo. Tá an Rialtas dóchasach leis an obair seo uile go gcuirfear go mór le heispéireas Gaeilge an chustaiméara, ag cur ar chumas lucht labhartha na Gaeilge í a úsáid i ngach gné dá saol, ach go háirithe ina bplé leis an Stát.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.