Seanad debates

Thursday, 20 June 2024

Nithe i dtosach suíonna - Commencement Matters

Seirbhísí agus Tacaíochtaí Gaeilge

9:30 am

Photo of Barry WardBarry Ward (Fine Gael) | Oireachtas source

Go raibh maith agat. Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit, an Teachta Chambers, and déanaim comhghairdeas leis as ucht an post nua atá aige ina pháirtí féin. Go n-éirí leis sa ról sin.

Ba mhaith liom a rá inniu gur cheart go mbeadh cosaint ann do dhaoine an síneadh fada a úsáid agus iad ag déileáil leis an Stát nó le heagraíochtaí eile trí Ghaeilge. Tá a fhios againn go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an síneadh fada. Tá a fhios againn freisin nach raibh an t-eolas sin ag gach éinne sa Stát ar feadh blianta anuas. Cuirim fáilte roimh an cosaint atá ann in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, a thugann ceart do dhaoine síneadh fada a úsáid ina ainm féin nó i logainm trí Ghaeilge. Mar is eol dúinn, muna bhfuil an síneadh fada ann, déanann sé an-difríocht don bhrí a bhaineann le focal éigin. Tá liosta curtha le chéile ag Star Translation Services de 49 focal a bhíonn brí ar leith ag baint leo ag brath ar shíneadh fada a bheith curtha nó gan a bheith curtha leo.Níl mé chun an liosta go léir a léamh amach ach tá a fhios againn cad iad na focail ina bhfuil an-difríocht ann ar nós sean, séan, Seán; ait, áit; féar, fear; agus focail mar sin. Déanann sé an-difríocht muna bhfuil an síneadh fada ann. Cé go bhfuil cearta ag daoine anois a gcuid ainmneacha féin a úsáid leis an síneadh fada, bhí sé náireach nach raibh an chosaint sin ann le blianta anuas. Ní raibh sé de cheart ag daoine a bhfuil a ainm nó a hainm i nGaeilge 20 bliain ó shin agus iad a déileáil leis an Stát nó an ospidéal, an dochtúir nó an Roinn - pé eagraíocht a bhí ann - dá mba rud é go raibh síneadh fada ina ainm nó ina hainm, an síneadh fada sin a úsáid. Is náireach nach raibh an chosaint sin ann. Cé go bhfuil sé ann anois, níl an chosaint sin i ngach áit. Níl an chosaint ann go háirithe do dhaoine atá ag scríobh i nGaeilge nó ag scríobh fiú alt amháin i nGaeilge. Má tá siad ag líonadh isteach a gcuid ainmneacha féin nó logainm mar chuid den seoladh, tá sé ceart go leor. Ach má tá siad agus cur alt nó rud éigin mar chuid d'fhoirm iarratais nó mar sin, faoin Acht níl an chosaint sin ann dóibh an síneadh fada a úsáid ansin. Tá an chosaint sin ann ó thaobh eagraíochtaí Stáit, mar a dúirt mé - má tá tú ag déileáil leis an Roinn, le scoil, le ospidéal nó pé rud é - ach níl an chosaint ann ó thaobh eagraíochtaí príobháideacha.

Nuair atá mé ag labhairt le daoine - fiú daoine nach bhfuil Gaeilge acu - deireann siad liom nach bhfuil a fhios acu conas an síneadh fada a dhéanamh ar an ríomhaire. Tá sé thar a bheith éasca ar fad "alt gr" a úsáid chun an síneadh fada a chur ar pé litir agus tú ag úsáid an ríomhaire. An fhadhb atá ann ar an dá thaobh ná nach bhfuil an chosaint ann do dhaoine atá ag déileáil le heagraíocht príobháideacha, comhlacht nó pé rud é, agus freisin nach bhfuil a fhios ag daoine, iad siúd nach bhfuil Gaeilge acu fiú, conas an síneadh fada a úsáid agus iad ag obair ar ríomhaire. Tá mé ag iarraidh ar an Aire Stáit feachtas a chur ar bun do gach éinne ionas go mbeadh a fhios acu conas an síneadh fada a fháil ar ríomhaire agus freisin go mbeadh eolas acu ar an tábhacht a bhaineann leis an síneadh fada agus an tábhacht atá ann an ceart a bheith ag daoine an síneadh fada a úsáid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.