Seanad debates

Thursday, 17 December 2015

Commencement Matters

Seirbhísí Farantóireachta

10:30 am

Photo of Terry BrennanTerry Brennan (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I welcome the Minister of State, Deputy Ó Ríordáin, to the House.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Tuigim nach raibh sé ar chumas an Aire Stáit, an Teachta McHugh, bheith i láthair agus go bhfuil freagra ag an Aire Stáit, an Teachta Ó Ríordáin, dúinn. Baineann an cheist phráinneach atá á n-ardú agam ar maidin leis an tseirbhís farantóireachta a théann go hÁrainn. Téann an scéal seo siar tamall de bhlianta, is dócha go dtí an t-am ina raibh an t-iar Aire Stáit, an Teachta McGinley, i gceannas ar chúrsaí Gaeltachta. Ag an am sin, bhain an conradh PSO, mar a thugtar air, leis an tseirbhís farantóireachta go dtí an trí oiléan - Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr. Rinneadh socrú cúpla bliain ó shin díchúpláil a dhéanamh ar an gconradh sin agus dhá chonradh a dhéanamh in áit ceann amháin. Cé go mbeidh dhá chonradh PSO i gceist, níl ach conradh amháin socraithe faoi láthair - an conradh a bhaineann le Inis Meáin agus Inis Oírr. Fógraíodh conradh eile le haghaidh Inis Mór ach, de réir mar a thuigim, níor glacadh leis an gconradh sin. Ós rud é nach bhfuil aon chonradh PSO maidir le seirbhísí farantóireachta aontaithe d'Inis Mór, tá muintir an oileáin fágtha ag brath ar chomhlacht príobháideach, Island Ferries, atá ag cur seirbhís an-mhaith ar fáil, dála an scéil. I ndáiríre, tá an comhlacht príobháideach sin in ann feidhmiú ar a chonlán féin.

Ardaíodh go leor imní ag an am anseo agus freisin i measc pobal Árainn. Dúradh go mbeadh an comhlacht in ann an conradh a bhriseadh dá tharlódh rud éigin; mar shampla, muna mbeadh an seirbhís seo brabúsach nó muna mbeadh airgead á dhéanamh ag an gcomhlacht. Bhí sé ráite go mb'fhéidir go ndéanfadh an comhlacht an seirbhís go Inis Mór a tharraingt siar san am nach raibh airgead á dhéanamh acu; sé sin, aimsir an gheimhridh. Le barr a chur ar an mí-ádh, feictear go bhfuil táille calafoirt de 80 cent in aghaidh an phaisinéara á ghearradh de réir fodhlíthe nua ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar Chalafort Chill Rónáin. Tá sé sin ag cruthú go leor deacrachtaí. Tuigim go raibh cás cúirte ann an tseachtain seo maidir leis na táillí sin le feiceáil an bhfuil siad dleathach. De réir mar a thuigim, d'éirigh le Comhairle Chontae na Gaillimhe sa chás sin agus tá cead acu na táillí sin a bhaint amach. Dúirt an comhlacht linn go bhfuil idir €120,000 agus €150,000 in aghaidh na bliana i gceist leis na táillí sin, agus dá bhrí sin, nach bhfuil an seirbhís inmharthana. Tuigim go bhfuil an comhlacht ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis na táillí sin.

Is dócha gurb í an cheist is práinní anseo ná go bhfuil lucht an chomhlachta ag rá go mbeidh orthu an seirbhís farantóireachta go hInis Mór a tharraingt siar ar 17 Eanáir seo chugainn muna n-athraíonn rud éigin. D'fhágfadh sé sin muintir Inis Mór gan seirbhís farantóireachta, rud a bheadh tubaisteach amach is amach dóibh. Caithfear an scéal seo a réiteach go sciobtha, agus roimh an Nollaig más féidir. Más rud é go raibh an Aire Stáit na Gaeltachta sásta conradh PSO a thairiscint, caithfidh go dtuigeann sé nach féidir an seirbhís farantóireachta go Inis Mór a rith ar bhonn brabúsach. Dá bhrí sin, nuair nár ghlac an chomhlacht a bhí i gceist leis an PSO, bheifí den tuairim go gcuirfí amach PSO eile ag glacadh leis nach féidir leis an tseirbhís leanacht ar aghaidh ó cheann ceann na bliana gan tacaíocht. Ní thuigim cén fáth nár tharla a leithéid.

Tuigim ó ráitis éagsúla atá déanta ag an Aire Stáit, an Teachta McHugh, sna meáin go bhfuil sé ag cur na scéala seo anonn i gComhairle Chontae na Gaillimhe agus ag rá go mbaineann an fhadhb seo leis an gcomhlacht agus leis an gcomhairle chontae. Iarraim ar an Aire Stáit, an Teachta Ó Ríordáin, an phointe a dhéanfainn mar fhreagra ar sin a thógáil ar ais chuig Aire Stáit na Gaeltachta. Tá dualgas ar an Aire Stáit, an Teachta McHugh, ó thaobh na hoileáin agus ó thaobh pobal na n-oileáin. Tá sé de dhualgas air a chinntiú go mbeidh seirbhís leanúnach farantóireachta ag muintir Inis Mór mar a bhí le fada an lá. Céard atá á dhéanamh ag an Aire Stáit faoi láthair le cinntiú go mbeidh a leithéid ann? An bhfuil sé in ann geallúint a thabhairt do mhuintir Árainn go mbeidh an seirbhís acu an bhliain seo chugainn agus go leanfaidh sé ar aghaidh? Ní cheart go mbeadh aon bhriseadh sa tseirbhís. Ba chóir go mbeadh an seirbhís ar chomhchaighdeán leis an tseirbhís reatha atá ann, mar shampla ó thaobh caighdeán na mbád agus cé chomh minic is a théann na báid isteach is amach.

Tá sé seo thar a bheith práinneach. Tuigim go bhfuil scairshealbhóirí éagsúla ann, ach teastaíonn ceannródaíocht anseo. De réir mar a thuigim, tá ceisteanna ann ó thaobh Comhairle Chontae an Chláir anois. Tuigtear go bhfuil siad ag baint táille €1 as báid atá ag teacht as Dúlainn isteach go hÁrainn. Tá baol ann anois go mbeidh deireadh leis an tseirbhís. Níl aon mhaith bheith ag seasamh siar nó ag suí siar sa chathaoir ag féachaint céard a tharlóidh. Iarraim ar an Aire Stáit na scairshealbhóirí éagsúla a bhailiú timpeall an bhoird ionas gur féidir an cheist seo a réiteach agus todhchaí na seirbhíse farantóireachta seo a chinntiú do phobal Árainn.

Photo of Aodhán Ó RíordáinAodhán Ó Ríordáin (Dublin North Central, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom i dtús buíochas a ghlacadh leis an Seanadóir as ucht an t-ábhar tábhachtach seo a chur ar an gclár díospóireachta. Is fíor go bhfuil cúraimí Gaeltachta agus oileán leagtha ar an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.Cuireann an Roinn fóirdheontas ar fáil chun seirbhísí iompaira chur ar fáil chuig na hoileáin a bhfuil cónaí orthu thart timpeall an chósta. Tá na seirbhísí seo comhdhéanta de sheirbhísi farantóireachta paisinéara agus lastais. In theannta sin, tugann an Roinn fóirdheontas chun seirbhís aeir a chur ar fáil chuig na trí Oileán Árann, ar a n-áirítear Inis Mór, faoi chonradh oibleagáid sheirbhís phoiblí, nó PSO, mar a deir an Seanadóir féin. Mar chuid de seo, cuireann an Roinn cúnamh ar fáil don seirbhis bainistíochta do na haeradróim atá lonnaithe ar na hoileáin. San iomlán, tá seirbhísí taistilfóirdheonaithe á maoiniú ag an Roinn do 19 oileán i nDún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh agus Corcaigh. Cinntíonn an tacaíocht sin go mbíonn córas taistil sábháilte rialta ar fáil do na hoileáin don bhliain iomlán. Leis an gcúnamh sin bíonn feabhas ar chaighdeán maireachtála na n-oileánach a thacaíonn le pobail inmharthana agus a chuidíonn le turasóireacht. Anuas ar an méid sin, tá an Roinn, ó nios luaithe i mbliana, ag maoiniú na struchtúir bhainistíochta ar na hoileáin neamh-Ghaeltachta. Bhí buiséad de €5.9 milliún ar fáil don Roinn sa bhliain 2015 le caitheamh ar chúrsaí taistil do na hoileáin. Meabhraím don Seanadóir agus don Teach gur caitheadh 57% den bhuiséad sin ar sheirbhísí iompair do na hOileáin Arainn.

Maidir le hÁrainn, nó Inis Mór, tháinig deireadh leis an gconradh farantóireachta paisinéirí don oileán sin ar 31 Eanáir 2013. Chuaigh mo Roinn i mbun phróiseas tairisceana poiblí sa ghnáthshlí, chun conradh nua cúig bhliana suas go dtí an 31 Eanáir 2018 a aontú. Ní bhfuair an Roinn aon tairiscint i leith na seirbhíse laistigh den sprioc-am, áfach. In éagmais tairisceana, bhí comhráití idir oifigigh na Roinne agus an farantóir a bhí ag cur na seirbhíse ar fáil, chun plé a dhéanamh ar an bhféidearthacht teacht ar réiteach chun conradh nua a aontú ar na téarmaí céanna is a bhí sa chonradh roimhe sin. Faraor, níor éirigh leis na comhráití sin mar nach bhféadfadh an Roinn géilleadh d’éilimh an fharantóra go mbeadh ardú substaintiúil ar an bhfóirdheontas ar sheirbhís atá, de réir cosúlachta, eacnamaíoch gan fóirdheontas. Pé scéal é, lean an farantóir ar aghaidh ag cur na seirbhíse ar fáil ag an am. Ansin sa bhliain 2014, bhí sé ráite ag an bhfarantóir céanna nach mbeadh aon rogha aige ach éirí as an seirbhís a chur ar fáil ó Shamhain 2014 mar bhí caillteanas á dhéanamh ag an gcuideachta agus ní fhéadfaí Ieanúint ar aghaidh. Chinn an Roinn go mb'fhearr tairiscintí poibli a lorg sa ghnáthbhealach do chonradh níos faide a thiocfadh chun críoch ar an 31 Deireadh Fómhair 2017, an t-am céanna a chríochnódh an conradh le Aran Ferries Teo do sheirbhís Inis Meáin agus Inis Oirr. Fuarthas tairiscint amháin ó Aran Ferries Teo. Cuireadh coiste le chéile chun measúnú a dhéanamh ar an tairiscint sin. Bhí cruinniú idir an Roinn agus an comhlacht ar 22 Deireadh Fómhair 2014 mar chuid den idirbheartaíocht agus tar éis go leor plé rinne siad féin cinneadh go bhfágfaí rudaí mar a bhí, gan aon chonradh leis an Roinn, agus go Ieanfadh Aran Ferries Teo ag cur na seírbhíse ar fáil tríd an ngeimhreadh chomh maith leis an samhradh. Tuigtear dom go bhfuil an farantóir sásta Ieanúint leis an tseirbhís bhliantúil i gcónaí ag an minicíocht chéannagan fóirdheontas ón Roinn. Tá éisteacht tugtha ag an Roinn don chuideachta agus tuigim go bhfuil an deacracht atá ann faoi Iáthair ag eascairt as na fodhlíthe até le cur i bhfeidhm ag Comhairle Chontae na Galllimhe.

Ba mhaith liom a shoiléiriú don Seanadáir go bhfuiI an tAire oscailte d’aon chéim réasúnta a thógáil a chuideodh le réiteach a fháil ar an gceist ata ardaithe aige. Tuigim nach bhfuil an farantóir ag éileamh fhóirdheontais ón Roinn ach go bhfuil sé ráite aige nach mbeidh sé in ann seirbhís a chur ar fáil sa gheimhreadh má chuirtear na fodhlíthe i bhfeidhm. Is léir don Aire mar sin go mbaineann an cheist áirithe atá faoi chaibidil ag an Seanadóir le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus an farantóir. É sin réite tá an tAire Stáit le freagracht as na hoileáin, sásta tathant ar na páirtithe leasmhara éagsúla teacht le chéile chun a chinntiú go leanfar leis an tseirbhís farantóireachta chuig Árann. Is féidir liom a chinntiú don Seanadóir go leanfar le gach iarracht chun a chinntiú go mbeidh seirbhis farantóireacht rialta do phaisinéirí chuig an oileán i rith na bliana agus go bhfuil an Roinn ar fáil aon am le haghaidh comhráití.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim buíoch don Aire Stáit as ucht an freagra sin a léamh. An rud nach bhfeicim mórán tráchta air anseo ná pobal Árann agus na mianta atá acusan. Deir an tAire Stáit go bhfuil sé sásta aon chéim réasúnta a thógáil leis an gceist seo a réiteach. Táim ag iarraidh air céim réasúnta amháin a thógáil, is é sin ceannaireacht a ghlacadh agus cruinniú a shocrú idir na páirtithe leasmhara. Ní leor a bheith ag tathant ar na páirtithe teacht le chéile. D'fhéadfadh sé ceannaireacht a thógáil. Tuigim gur duine iontach réasúnta é an tAire Stáit, an Teachta McHugh, ins na ceisteanna seo ach tá práinn leis mar gheall go bhfuil an tseirbhís le críochnú ar 17 Eanáir. In áit a bheith ag fanacht le go dtiocfadh siad seo le chéile, d'fhéadfadh sé an cheannaireacht sin a ghlacadh, daoine a tharraingt le chéile agus teacht ar réiteach. Ní dóigh liom go bhfuil sé dosháraithe i gcomhthéacs an airgid atá i gceist agus ní dóigh liom go bhfuil sé fíor a rá go bhfuil an farantóir sásta leanacht ar aghaidh mar tá sé tar éis fógra a thabhairt go bhfuil sé chun críochnú ar an 17 Eanáir. B'iontach an bronntanas Nollaig é do mhuintir Árainn an cruinniú seo a tharraingt le chéile, teacht ar chomhréiteach agus go mbeadh muid in ann an scéal seo a shocrú roimh an Nollaig más féidir.

Photo of Aodhán Ó RíordáinAodhán Ó Ríordáin (Dublin North Central, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as an méid sin. Tá sé ag iarraidh a rá go gcaithfimid a bheith réasúnta agus níl i gceist anseo ach cruinniú a shocrú idir na páirtithe uilig. Labhróidh mé leis an Aire Stáit. Dar liom féin, is plean réasúnta é sin ar bhealach agus b'fhéidir gur chóir dúinn dul síos an bhealaigh sin. Beidh mé ag caint leis an Aire Stáit agus inseoidh mé leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir.