Seanad debates

Thursday, 17 December 2015

Commencement Matters

Seirbhísí Farantóireachta

10:30 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Tuigim nach raibh sé ar chumas an Aire Stáit, an Teachta McHugh, bheith i láthair agus go bhfuil freagra ag an Aire Stáit, an Teachta Ó Ríordáin, dúinn. Baineann an cheist phráinneach atá á n-ardú agam ar maidin leis an tseirbhís farantóireachta a théann go hÁrainn. Téann an scéal seo siar tamall de bhlianta, is dócha go dtí an t-am ina raibh an t-iar Aire Stáit, an Teachta McGinley, i gceannas ar chúrsaí Gaeltachta. Ag an am sin, bhain an conradh PSO, mar a thugtar air, leis an tseirbhís farantóireachta go dtí an trí oiléan - Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr. Rinneadh socrú cúpla bliain ó shin díchúpláil a dhéanamh ar an gconradh sin agus dhá chonradh a dhéanamh in áit ceann amháin. Cé go mbeidh dhá chonradh PSO i gceist, níl ach conradh amháin socraithe faoi láthair - an conradh a bhaineann le Inis Meáin agus Inis Oírr. Fógraíodh conradh eile le haghaidh Inis Mór ach, de réir mar a thuigim, níor glacadh leis an gconradh sin. Ós rud é nach bhfuil aon chonradh PSO maidir le seirbhísí farantóireachta aontaithe d'Inis Mór, tá muintir an oileáin fágtha ag brath ar chomhlacht príobháideach, Island Ferries, atá ag cur seirbhís an-mhaith ar fáil, dála an scéil. I ndáiríre, tá an comhlacht príobháideach sin in ann feidhmiú ar a chonlán féin.

Ardaíodh go leor imní ag an am anseo agus freisin i measc pobal Árainn. Dúradh go mbeadh an comhlacht in ann an conradh a bhriseadh dá tharlódh rud éigin; mar shampla, muna mbeadh an seirbhís seo brabúsach nó muna mbeadh airgead á dhéanamh ag an gcomhlacht. Bhí sé ráite go mb'fhéidir go ndéanfadh an comhlacht an seirbhís go Inis Mór a tharraingt siar san am nach raibh airgead á dhéanamh acu; sé sin, aimsir an gheimhridh. Le barr a chur ar an mí-ádh, feictear go bhfuil táille calafoirt de 80 cent in aghaidh an phaisinéara á ghearradh de réir fodhlíthe nua ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar Chalafort Chill Rónáin. Tá sé sin ag cruthú go leor deacrachtaí. Tuigim go raibh cás cúirte ann an tseachtain seo maidir leis na táillí sin le feiceáil an bhfuil siad dleathach. De réir mar a thuigim, d'éirigh le Comhairle Chontae na Gaillimhe sa chás sin agus tá cead acu na táillí sin a bhaint amach. Dúirt an comhlacht linn go bhfuil idir €120,000 agus €150,000 in aghaidh na bliana i gceist leis na táillí sin, agus dá bhrí sin, nach bhfuil an seirbhís inmharthana. Tuigim go bhfuil an comhlacht ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis na táillí sin.

Is dócha gurb í an cheist is práinní anseo ná go bhfuil lucht an chomhlachta ag rá go mbeidh orthu an seirbhís farantóireachta go hInis Mór a tharraingt siar ar 17 Eanáir seo chugainn muna n-athraíonn rud éigin. D'fhágfadh sé sin muintir Inis Mór gan seirbhís farantóireachta, rud a bheadh tubaisteach amach is amach dóibh. Caithfear an scéal seo a réiteach go sciobtha, agus roimh an Nollaig más féidir. Más rud é go raibh an Aire Stáit na Gaeltachta sásta conradh PSO a thairiscint, caithfidh go dtuigeann sé nach féidir an seirbhís farantóireachta go Inis Mór a rith ar bhonn brabúsach. Dá bhrí sin, nuair nár ghlac an chomhlacht a bhí i gceist leis an PSO, bheifí den tuairim go gcuirfí amach PSO eile ag glacadh leis nach féidir leis an tseirbhís leanacht ar aghaidh ó cheann ceann na bliana gan tacaíocht. Ní thuigim cén fáth nár tharla a leithéid.

Tuigim ó ráitis éagsúla atá déanta ag an Aire Stáit, an Teachta McHugh, sna meáin go bhfuil sé ag cur na scéala seo anonn i gComhairle Chontae na Gaillimhe agus ag rá go mbaineann an fhadhb seo leis an gcomhlacht agus leis an gcomhairle chontae. Iarraim ar an Aire Stáit, an Teachta Ó Ríordáin, an phointe a dhéanfainn mar fhreagra ar sin a thógáil ar ais chuig Aire Stáit na Gaeltachta. Tá dualgas ar an Aire Stáit, an Teachta McHugh, ó thaobh na hoileáin agus ó thaobh pobal na n-oileáin. Tá sé de dhualgas air a chinntiú go mbeidh seirbhís leanúnach farantóireachta ag muintir Inis Mór mar a bhí le fada an lá. Céard atá á dhéanamh ag an Aire Stáit faoi láthair le cinntiú go mbeidh a leithéid ann? An bhfuil sé in ann geallúint a thabhairt do mhuintir Árainn go mbeidh an seirbhís acu an bhliain seo chugainn agus go leanfaidh sé ar aghaidh? Ní cheart go mbeadh aon bhriseadh sa tseirbhís. Ba chóir go mbeadh an seirbhís ar chomhchaighdeán leis an tseirbhís reatha atá ann, mar shampla ó thaobh caighdeán na mbád agus cé chomh minic is a théann na báid isteach is amach.

Tá sé seo thar a bheith práinneach. Tuigim go bhfuil scairshealbhóirí éagsúla ann, ach teastaíonn ceannródaíocht anseo. De réir mar a thuigim, tá ceisteanna ann ó thaobh Comhairle Chontae an Chláir anois. Tuigtear go bhfuil siad ag baint táille €1 as báid atá ag teacht as Dúlainn isteach go hÁrainn. Tá baol ann anois go mbeidh deireadh leis an tseirbhís. Níl aon mhaith bheith ag seasamh siar nó ag suí siar sa chathaoir ag féachaint céard a tharlóidh. Iarraim ar an Aire Stáit na scairshealbhóirí éagsúla a bhailiú timpeall an bhoird ionas gur féidir an cheist seo a réiteach agus todhchaí na seirbhíse farantóireachta seo a chinntiú do phobal Árainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.