Seanad debates

Wednesday, 25 March 2015

Commencement Matters

Road Improvement Schemes

10:30 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim céad fáilte roimh an Aire Stáit. Táim ag ardú ceiste maidir le bóithre pobail sna ceantair Ghaeltachta. Bheadh eolas maith ag an Aire Stáit seo ar an gceist seo os rud é go bhfuil sé féin ina chónaí gar do cheantar Gaeltachta agus bíonn sé isteach agus amach ann an t-am ar fad. Bhí scéim ann a bhí á fheidhmiú faoi scáth Údarás na Gaeltachta ina raibh sé ag fáil tacaíochta ó na scéimeanna sóisialta tuaithe nó na scéimeanna fostaíocht pobail le deisiúcháin agus obair fhorbartha a dhéanamh ar na bóithrí pobal seo sna blianta a chaitheadh. Bhí an scéim seo teoranta do bhóithre nach bóithre contae iad, bóithre nach raibh faoi scáth na comhairle contae, agus dá bhrí sin nach raibh ag fáil aon chúnamh ón gcomhairle contae le haghaidh deisiúcháin. Cuireadh bóithre siúlóide, bóithre rothaíochta, bóithre cois chladaigh, bóithre go céanna beaga, bóithre go reiligí agus bóithre go portaigh sna ceantair Ghaeltachta san áireamh. Bhí an Ghaeilge mar cheann de na critéir mheasúnaithe a bhí leagtha síos faoin scéim sin agus bhí suas le €10,000 an ciliméadar mar uasmhéid le n-íoc le tabhairt leis an obair seo a dhéanamh. Bhí an obair seo fíorthábhachtach agus tá sé fíorthábhachtach.

Bhí an scéim imithe i léig le cupla bliain agus bhí an argóint ann go raibh gantannas airgid ins an tír agus nach bhféadfaidh rudaí den chineál seo a dhéanamh. Idir an dá linn, tá bóithre i mo cheantar féin imithe in olcas ar fad. Bhí cruinniú ann oíche Dé Domhnaigh seo caite maidir leis an bóthar go portach Seanamhach i gConamara, agus tá a fhios agam go bhfuil bóithre eile ag dul síos go céibheanna agus mar sin de atá i ndrochchaoi. Is bóithre iad seo a bhfuil deis iontach iontu chomh maith céanna ó thaobh siúlóide de, ó thaobh turasóireachta de, ó thaobh aclaíochta agus mar sin de. Táimid tar éis borradh a fheiceáil faoi Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Bhí muid ag caint faoi sin roimhe anseo. Tá na bóithre seo ag imeacht ó na bóithre atá liostáilte ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus is áiteanna maithe iad dul ag siúl dá mbeadh daoine ag iarraidh stopadh ar an mbealach. Dá bhrí sin, tá sé fíorthábhachtach go ndéanfaí deisiúcháin ar na bóithre seo.

I láthair na huaire, deirtear liom go bhfuil cuid mhaith de na bóithre seo nach féidir taisteal orthu ar chor ar bith, go bhfuil siad i ndrochchaoi, go bhfuil gá le draenáil a dhéanamh le na taobhanna, le bancáil a dhéanamh ar na bóithre agus mar sin de agus le dromchla nua a chur ar ghiotaí maithe de na bóithre seo. Táimid ag cloisteáil ón Rialtas go bhfuil rudaí ag feabhsú, go bhfuil fás ag teacht ar an eacnamaíocht agus nach bhfuil cúrsaí airgid chomh dona agus a bhí siad. Ní buiséad ollmhór atá i gceist anseo. Is dócha go ndéanfadh cúpla céad míle euro an bheart ó thaobh na bóithre éagsúla a bheadh i gceist ins an rud seo. Choinneodh siad na bóithrí seo i gcaoi mhaith idir an dá linn go dtí go mbeidh níos mó airgid ar fáil chun iad a uasghrádú mar is ceart. Bhí an scéim seo faoi scáth Údarás na Gaeltachta roimhe seo. An bhfuil an tAire Stáit ag smaoiniú ar an scéim seo a mhaoiniú arís, go háirid don samhradh seo le gur féidir an obair riachtanach seo a dhéanamh chomh luath agus is féidir?

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé buíoch don Seanadóir as an ábhar seo a ardú inniu. Faoi na scéimeanna a bhíodh ag an Roinn go stairiúil, bhíodh deontais chaipitil ar fáil chun muiroibreacha sa Ghaeltacht a fhorbairt, chun bóithre sa Ghaeltacht a fheabhsú, agus chun áiseanna ar nós hallaí pobail, páirceanna imeartha agus áiseanna eile a chur ar fáil nó a fheabhsú. Trí fheabhsú an bhonneagair, bhí sé de chuspóir ag na deontais seo cur le saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch na Gaeltachta chomh maith leis an Ghaeilge a neartú mar theanga pobail sa Ghaeltacht.

In 2004, leanadh leis an gclár oibre seo agus mar gheall ar na socruithe úra a bhí aontaithe ag mo Roinn ag an am leis an Roinn Airgeadais faoin gcreatlach infheistíochta caipitil, bhí mo Roinn ag an am in ann plean oibre dhá bhliain a chur i bhfeidhm leis na húdaráis áitiúla chun bóithre, céibheanna agus bailte Gaeltachta a fhorbairt. Rinneadh é seo sa bhreis ar an infheistíocht a dhéanann na húdaráis áitiúla agus Ranna eile agus is cúnamh faoi leith a bhí ann d'fhorbairt an bhonneagair sa Ghaeltacht. Bhí scéim na mbóithre áise agus scéim na mbóithre portaigh ach go háirithe ag mo Roinn ag an am. Bhí na scéimeanna seo á bhfeidhmiú chun cuidiú le pobal na Gaeltachta feabhas a chur ar bhóithre áirithe a bhí mar áis rochtana dóibh. I gcás na mbóithre áise, bhí sé mar choinníoll den scéim go gcaithfeadh an bóthar a bheith ag freastal ar theach cónaithe amháin ar a laghad ina mbeadh buanchónaí ann agus ar ghabháltas amháin ar a laghad nach le húinéir an tí é agus a mbeadh rochtain chomh fada leis ag brath ar an mbóthar amháin.

Cé go bhfuil sé deacair tomhais a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag na scéimeanna bóithre ar an nGaeilge, meastar den chuid is mó gur beag tionchar a bhí acu ar neartú na Gaeilge mar theanga pobail sa Ghaeltacht. Nuair a fhoilsíodh an Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht i 2007, ba léir nach leor an cur chuige forbartha réigiúnda gur ghlac an Stát chuige féin chun dul i ngleic le ceist sochtheangeolaíoch sa Ghaeltacht a thuilleadh. Mar atá a fhios ag an Seanadóir, tá mo Roinn i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta ag forbairt an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht faoi Acht na Gaeltachta, agus beidh deis ag pobal na Gaeltachta díriú isteach ar na riachtanais atá acu ó thaobh buanú agus láidriú na teanga ina gceantair féin. Tá súil agam go dtuigfidh an Seanadóir mar sin nach bhfuil sé i gceist ag mo Roinn maoiniú a chur ar fáil do scéimeanna bóithre sa Ghaeltacht i gcomhthéacs an tosaíocht atáthar ag tabhairt don phleanáil teanga sa Ghaeltacht.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh mé a rá go bhfuil mé an-díomách leis an bhfreagra. Bhí mé ag súil go mb'fhéidir go mbeadh dóchas éigin ag an Aire Stáit dúinn. Cé go gcreidim go bhfuil tábhacht leis an bpleanáil teanga, tá tábhacht freisin le pobal beo beithíoch a choinneáil sna ceantair Ghaeltachta. Tá an cineál deontais a bhí faoi scéim na mbóithre pobal fíorthábhachtach le rochtain a thabhairt do dhaoine dul ar an bportach, dul ar siúlóid, dul ag na céibheanna agus mar sin de sna ceantair Ghaeltachta. Níl uasghrádú agus mar sin de á dhéanamh air mar is ceart. Tá an turasóireacht chultúrtha sa nGaeltacht bunaithe ar dhaoine a bheith in ann rochtain a bheith acu sna háiteanna seo. Is ar an mbunús sin a raibh cead ag an Roinn cheana a leithéid de scéim a chur ar bun. Iarraim ar an Aire Stáit dul ar ais, athmhachnamh a dhéanamh ar an gceist seo, go háirid leis an bpráinne atá ann ó thaobh an chaoi atá ar na bóithre faoi láthair. Táimid ag cailleadh deis iontach turasóireachta, deis siúlóide agus deis a thabhairt do phobal na Gaeltachta le fanacht ag marachtáil sna ceantair Ghaeltachta mar phobal beo beithíoch. Muna dtógann an tAire Stáit an deis seo, sílim gur dul amú an-mhór ar an Rialtas seo é.

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé ar thaobh an Seanadóir maidir leis an gá atá an an pobal a choinneáil beo. Beidh gá mór ann fá choinne infheistíocht a mhealladh isteach sna ceantair Ghaeltachta. Mar a bhí an Seanadóir ag rá faoi na deiseanna a bhaineann le Slí an Atlantaigh Fhiáin, tá deiseanna móra ann agus beidh go leor tráchta ann freisin agus beidh brú mór ann ar na bóithre sna ceantair Ghaeltachta. Tá na ceantair Ghaeltachta ag croí Slí an Atlantaigh Fhiáin. Aontaím go bhfuil fadhbanna agus deiseanna ann agus beidh mé i dteagmháil leis an Aire, an Teachta Paschal Donohoe. Tá dualgas air fá choinne na bóithre a chosaint. Tá an ceart ag an Seanadóir freisin go bhfuil cúrsaí eacnamaíochta ag feabhsú. Tá fadhbanna ann, cinnte, ach tá rudaí ag feabhsú agus b'fhéidir go bhfuil acmhainní breise ann. B'fhéidir go mbeidh deiseanna ann anois airgead a chur isteach sna ceantair Ghaeltachta agus sna ceantair iargúlta. Chaithfinn an airgead dá mbeadh sé agam. Táim freagrach mar Aire Stáit as an Ghaeilge a chur chun cinn agus na limistéir agus líonraí pleanála teanga a chur i bhfeidhm. Táim freagrach as an teanga a choinneáil beo ach aontaím leis na rudaí atá ráite ag an Seanadóir inniu agus beidh mé i dteagmháil leis an Aire amach anseo. Bhí mé i dteagmháil leis an Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt cheana. Bhí sé i dTír Chonaill cúpla seachtain ó shin agus d'ardaigh mé ceist na mbóithre i gceantair Ghaeltachta atá i gcroí Slí an Atlantaigh Fhiáin.