Seanad debates

Wednesday, 25 March 2015

Commencement Matters

Road Improvement Schemes

10:30 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá mé buíoch don Seanadóir as an ábhar seo a ardú inniu. Faoi na scéimeanna a bhíodh ag an Roinn go stairiúil, bhíodh deontais chaipitil ar fáil chun muiroibreacha sa Ghaeltacht a fhorbairt, chun bóithre sa Ghaeltacht a fheabhsú, agus chun áiseanna ar nós hallaí pobail, páirceanna imeartha agus áiseanna eile a chur ar fáil nó a fheabhsú. Trí fheabhsú an bhonneagair, bhí sé de chuspóir ag na deontais seo cur le saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch na Gaeltachta chomh maith leis an Ghaeilge a neartú mar theanga pobail sa Ghaeltacht.

In 2004, leanadh leis an gclár oibre seo agus mar gheall ar na socruithe úra a bhí aontaithe ag mo Roinn ag an am leis an Roinn Airgeadais faoin gcreatlach infheistíochta caipitil, bhí mo Roinn ag an am in ann plean oibre dhá bhliain a chur i bhfeidhm leis na húdaráis áitiúla chun bóithre, céibheanna agus bailte Gaeltachta a fhorbairt. Rinneadh é seo sa bhreis ar an infheistíocht a dhéanann na húdaráis áitiúla agus Ranna eile agus is cúnamh faoi leith a bhí ann d'fhorbairt an bhonneagair sa Ghaeltacht. Bhí scéim na mbóithre áise agus scéim na mbóithre portaigh ach go háirithe ag mo Roinn ag an am. Bhí na scéimeanna seo á bhfeidhmiú chun cuidiú le pobal na Gaeltachta feabhas a chur ar bhóithre áirithe a bhí mar áis rochtana dóibh. I gcás na mbóithre áise, bhí sé mar choinníoll den scéim go gcaithfeadh an bóthar a bheith ag freastal ar theach cónaithe amháin ar a laghad ina mbeadh buanchónaí ann agus ar ghabháltas amháin ar a laghad nach le húinéir an tí é agus a mbeadh rochtain chomh fada leis ag brath ar an mbóthar amháin.

Cé go bhfuil sé deacair tomhais a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag na scéimeanna bóithre ar an nGaeilge, meastar den chuid is mó gur beag tionchar a bhí acu ar neartú na Gaeilge mar theanga pobail sa Ghaeltacht. Nuair a fhoilsíodh an Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht i 2007, ba léir nach leor an cur chuige forbartha réigiúnda gur ghlac an Stát chuige féin chun dul i ngleic le ceist sochtheangeolaíoch sa Ghaeltacht a thuilleadh. Mar atá a fhios ag an Seanadóir, tá mo Roinn i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta ag forbairt an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht faoi Acht na Gaeltachta, agus beidh deis ag pobal na Gaeltachta díriú isteach ar na riachtanais atá acu ó thaobh buanú agus láidriú na teanga ina gceantair féin. Tá súil agam go dtuigfidh an Seanadóir mar sin nach bhfuil sé i gceist ag mo Roinn maoiniú a chur ar fáil do scéimeanna bóithre sa Ghaeltacht i gcomhthéacs an tosaíocht atáthar ag tabhairt don phleanáil teanga sa Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.