Seanad debates

Wednesday, 25 March 2015

Commencement Matters

Road Improvement Schemes

10:30 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim céad fáilte roimh an Aire Stáit. Táim ag ardú ceiste maidir le bóithre pobail sna ceantair Ghaeltachta. Bheadh eolas maith ag an Aire Stáit seo ar an gceist seo os rud é go bhfuil sé féin ina chónaí gar do cheantar Gaeltachta agus bíonn sé isteach agus amach ann an t-am ar fad. Bhí scéim ann a bhí á fheidhmiú faoi scáth Údarás na Gaeltachta ina raibh sé ag fáil tacaíochta ó na scéimeanna sóisialta tuaithe nó na scéimeanna fostaíocht pobail le deisiúcháin agus obair fhorbartha a dhéanamh ar na bóithrí pobal seo sna blianta a chaitheadh. Bhí an scéim seo teoranta do bhóithre nach bóithre contae iad, bóithre nach raibh faoi scáth na comhairle contae, agus dá bhrí sin nach raibh ag fáil aon chúnamh ón gcomhairle contae le haghaidh deisiúcháin. Cuireadh bóithre siúlóide, bóithre rothaíochta, bóithre cois chladaigh, bóithre go céanna beaga, bóithre go reiligí agus bóithre go portaigh sna ceantair Ghaeltachta san áireamh. Bhí an Ghaeilge mar cheann de na critéir mheasúnaithe a bhí leagtha síos faoin scéim sin agus bhí suas le €10,000 an ciliméadar mar uasmhéid le n-íoc le tabhairt leis an obair seo a dhéanamh. Bhí an obair seo fíorthábhachtach agus tá sé fíorthábhachtach.

Bhí an scéim imithe i léig le cupla bliain agus bhí an argóint ann go raibh gantannas airgid ins an tír agus nach bhféadfaidh rudaí den chineál seo a dhéanamh. Idir an dá linn, tá bóithre i mo cheantar féin imithe in olcas ar fad. Bhí cruinniú ann oíche Dé Domhnaigh seo caite maidir leis an bóthar go portach Seanamhach i gConamara, agus tá a fhios agam go bhfuil bóithre eile ag dul síos go céibheanna agus mar sin de atá i ndrochchaoi. Is bóithre iad seo a bhfuil deis iontach iontu chomh maith céanna ó thaobh siúlóide de, ó thaobh turasóireachta de, ó thaobh aclaíochta agus mar sin de. Táimid tar éis borradh a fheiceáil faoi Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Bhí muid ag caint faoi sin roimhe anseo. Tá na bóithre seo ag imeacht ó na bóithre atá liostáilte ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus is áiteanna maithe iad dul ag siúl dá mbeadh daoine ag iarraidh stopadh ar an mbealach. Dá bhrí sin, tá sé fíorthábhachtach go ndéanfaí deisiúcháin ar na bóithre seo.

I láthair na huaire, deirtear liom go bhfuil cuid mhaith de na bóithre seo nach féidir taisteal orthu ar chor ar bith, go bhfuil siad i ndrochchaoi, go bhfuil gá le draenáil a dhéanamh le na taobhanna, le bancáil a dhéanamh ar na bóithre agus mar sin de agus le dromchla nua a chur ar ghiotaí maithe de na bóithre seo. Táimid ag cloisteáil ón Rialtas go bhfuil rudaí ag feabhsú, go bhfuil fás ag teacht ar an eacnamaíocht agus nach bhfuil cúrsaí airgid chomh dona agus a bhí siad. Ní buiséad ollmhór atá i gceist anseo. Is dócha go ndéanfadh cúpla céad míle euro an bheart ó thaobh na bóithre éagsúla a bheadh i gceist ins an rud seo. Choinneodh siad na bóithrí seo i gcaoi mhaith idir an dá linn go dtí go mbeidh níos mó airgid ar fáil chun iad a uasghrádú mar is ceart. Bhí an scéim seo faoi scáth Údarás na Gaeltachta roimhe seo. An bhfuil an tAire Stáit ag smaoiniú ar an scéim seo a mhaoiniú arís, go háirid don samhradh seo le gur féidir an obair riachtanach seo a dhéanamh chomh luath agus is féidir?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.