Seanad debates

Wednesday, 18 December 2013

5:15 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Tá mé an-bhuíoch gur tháinig sé isteach anseo tráthnóna. Tagann sé isteach go rialta le haghaidh ceisteanna a thógáil sa Seanad. Tugann sé an-ómós don Teach. Caithfidh mé é sin a rá. Táimid thar a bheith buíoch den Aire Stáit. B'fhéidir nach mbeidh sé anseo arís roimh an Nollaig ó thaobh díospóireachta de.

Agus an Nollaig ag teannadh linn, ní fada go sroichfimid ceann de na hócáidí meáin is mó a thaitníonn le daoine ag teacht na bliana úire. Tá mé ag caint faoi na scéalta a bhíonn sna meáin faoi rudaí a tharla san am a caitheadh, go háirithe iad siúd a bhaineann leis na cartlanna. Tá sé de nós ag an Stát, agus de dhualgas ar an Stát, na comhaid a bhaineann leis na Ranna Stáit a scaoileadh leis an gCartlann Náisiúnta go bliantúil. Faoin riail 30 bliain, ba cheart go mbeadh na comhaid i leith pé rud a bhí ag tarlú 30 bliain ó shin tugtha ar lámh don Chartlann Náisiúnta roimh deireadh na bliana seo ionas go bhféadfadh na meáin agus daoine atá ag déanamh taighde, srl., cineál léargas a thabhairt dúinn ar an Stát mar a bhí sé 30 bliain ó shin.

De réir mo chuid eolais, gach bliain cuireann an Chartlann Náisiúnta deis ar fáil d'iriseoirí agus do thaighdeoirí ar feadh tréimhse áirithe díreach roimh an Nollaig teacht isteach agus breathnú ar na comhaid atá curtha ar fáil ag na Ranna Stáit, sa chaoi gur féidir leo ullmhúcháin a dhéanamh le haghaidh 1 Eanáir agus na laethanta beaga ina dhiaidh sin nuair a bheidh siad ag insint dúinn céard a tharla 30 bliain ó shin. Tá sé tugtha le fios dom - tá mé ag lorg soiléiriú ar seo - go bhfuil an t-eolas seo faighte ó gach Roinn Stáit seachas an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tuigtear dom go raibh iriseoirí áirithe ag iarraidh fiosrúcháin agus staidéar a dhéanamh ar na comhaid, ach ní raibh na comhaid sin ar fáil nuair a chuaigh siad chomh fada leis an gCartlann Náisiúnta ar an trí lá a bhí leagtha amach. Is ábhar iontais é nach mbeadh a leithéid ann.

Tá mé ag iarraidh soiléiriú a fháil ón Aire Stáit. An bhfuil sé fíor nach bhfuil na comhaid ar fáil? An féidir nach bhfuil siad tugtha ar lámh don Chartlann Náisiúnta? Más fíor é seo, cén fáth nach bhfuil siad ar fáil? An bhfuil údar leis sin? An bhfuil cúis éigin leis? B'fhéidir go bhfuil rud éigin mór faoi rún sna comhaid sin nach bhfuil an Roinn ag iarraidh go mbeadh a fhios ag daoine faoi. B'fhéidir nach bhfuil dóthain foirne sa Roinn le haghaidh na comhaid a ullmhú. Mura bhfuil siad ar fáil, cén uair a bheidh siad ar fáil? An mbeidh siad ar fáil ar an taobh seo den Nollaig? An mbeidh deis ag na hiriseoirí dul trí na comhaid sin agus insint dúinn céard iad na hiontaisí a bhí ag tarlú, agus na cinntí a bhí á nglacadh ag an Rialtas, 30 bliain ó shin?

Tá sé an-tábhachtach go mbeadh na comhaid seo ar fáil. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh léargas ag an bpobal ar an gcaoi ina n-oibríonn na Ranna Stáit agus cinntí éagsúla á ndéanamh acu. B'fhéidir go gceapann daoine go bhfuil 30 bliain i bhfad siar, ach is dóigh liom go bhfuil cuimhne ag go leor daoine ar na rudaí a bhí ag tarlú agus na scéalta a bhí sna meáin sa bhliain 1984. Cuireadh sé imní orm dá mba rud é nach raibh an Roinn in ann na comhaid seo a chur ar fáil de bharr easpa foirne. Níor mhaith liom go mbeadh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar an dé deiridh, ó thaobh coinneáil suas leis na dualgais atá air, mar thoradh ar na ciorruithe éagsúla atá déanta le blianta beaga anuas.

Ní dóigh liom gur comhartha maith a bheadh ann dá mba rud é nach raibh an Roinn in ann coinneáil suas leis an obair atá le déanamh sa chomhthéacs seo, ag cur san áireamh go bhfuil sé déanta ag gach Roinn Stáit eile. D'fhéadfainn samplaí eile a thabhairt den chaoi ina bhfuil an Roinn ag titim siar ar a cuid dualgais ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ach ní maith liom go bhfeictear ar seo mar ghné eile den ábhar sin. Le cúnamh Dé, beidh an tAire Stáit in ann léargas a thabhairt dúinn ar cá seasann cúrsaí maidir leis na comhaid a bhí ann 30 bliain ó shin a thabhairt ar lámh don Chartlann Náisiúnta, agus b'fhéidir a dheimhniú nach dtarlóidh a leithéid arís.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom a dhearbhú don Teachta go dtuigim go maith oibleagáidí na Roinne faoin Acht um Chartlann Náisiúnta 1986. Tuigim ach go háirithe an riachtanas faoi alt 8 den Acht maidir le taifead oifigiúil ar bith a bhíonn 30 bliain d'aois ar an 31 Nollaig gach bliain a aistriú chuig an gCartlann Náisiúnta ionas gur féidir iad a chur ar fáil don phobal chun iad a scrúdú agus a úsáid ar mhaithe le taighde. Tá sé seo ar ndóigh faoi réir dhíolúintí ar bith chun leas an phobail agus príobháideachas an duine a chosaint agus chun oibleagáidí reachtúla a chomhlíonadh i ndáil le neamhnochtadh faisnéise agus gnóthais rúndachta. Tá aistriú roinnt taifead socraithe ag mo Roinn cheana féin agus tá dul chun cinn suntasach déanta ar aistriú taifid eile.

Mar is eol don Seanadóir, bunaíodh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar an 1 Meitheamh 2011 de bhun atheagrú na Ranna Rialtais a d'fhógair an Taoiseach i mí an Mhárta 2011. Le bunú na Roinne seo, tugadh le chéile feidhmeanna ón tsean-Roinn Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt, ón tsean-Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus ón tsean-Roinn Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Déanann an Roinn maoirseacht anois ar chaomhnú, ar bhuanchoimeád, ar chosaint, ar fhorbairt agus ar chur i láthair oidhreacht agus chultúr na hÉireann. Tá freagracht pholasaí ar an Roinn as na nithe sin. Déanann an Roinn gach iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn, tacú leis an nGaeltacht agus cuidiú le forbairt inbhuanaithe phobail na n-oileán. Is iad seo a leanas na príomhfheidhmeanna atá faoina cúram: na healaíona, cultúr, scannán agus ceol, chomh maith le maoirseacht ar fhorais chultúrtha na hÉireann; oidhreacht thógtha agus nádúrtha na hÉireann; an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hoileáin; agus comhoibriú Thuaidh-Theas a mhéid is a bhaineann sé le hUiscebhealaí Éireann, an Foras Teanga agus feidhmeanna níos leithne na Roinne. Ag teacht le tosaíochtaí reatha, treoraíonn agus múnlaíonn clár an Rialtais 2011-16, i gcomhar le tosaíochtaí eile Rialtais, obair na Roinne.

Mar a thuigfidh an Teachta, cruthaíodh na taifid atá le scaoileadh i mbliana sular bunaíodh an Roinn. Fágann sin go bhfuil castacht ag baint leis an bpróiseas maidir le taifid a aithint agus a scaoileadh. Tá aistriú roinnt taifead ó aonad na bhforas cultúrtha, maidir le hearnáil na n-ealaíon, chuig an gCartlann Náisiúnta socraithe ag mo Roinn cheana féin i mbliana. Ina theannta sin, aistríodh roinnt taifead ó bhrainse logainmneacha na Roinne ó na blianta 1946 go 1983 chuig an gCartlann Náisiúnta i mí na Samhna i mbliana. Ba mhaith liom a dhearbhú don Teachta go bhfuil oifigigh mo Roinne ag obair go dlúth le hoifigigh sa Chartlann Náisiúnta maidir le haistriú tuilleadh taifead chuig an gcartlann. Go deimhin, tá mo Roinn i gcomhairle leis an gCartlann Náisiúnta maidir le taifid a bhaineann leis an gceantar Gaeltachta ach go háirithe chun clár oibre a phlé chun taifid atá os cionn 30 bliain d'aois a aistriú. Tá clár oibre comhaontaithe. Is í mo thuiscint go n-aistreofar roinnt taifead a bhaineann leis an tréimhse 1929 go 1975 chuig an gCartlann Náisiúnta an tseachtain seo.

Tionólann an Chartlann Náisiúnta réamhbhreathnú meán gach Nollaig. Is deis atá ann d'iriseoirí féachaint ar na taifid a bhaineann le polasaí sula scaoiltear amach chuig an bpobal iad i mí Eanáir. Ní mór a nótáil go bhfaigheann an Chartlann Náisiúnta taifid ó Ranna Rialtais ar feadh na bliana, an tréimhse tar éis an réamhbhreathnaithe meán san áireamh, agus leanfar leis sin sa bhliain 2014. Níl riachtanas ar bith san Acht um Chartlann Náisiúnta na taifid a aistriú in am do réamhbhreathnú na meáin.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim an freagra atá tugtha ag an Aire Stáit. Bhí an réamhbhreathnú sin ann ach níorbh fhiú trácht, de réir cosúlachta, ar an méid ábhar a bhí le scrúdú ag na hiriseoirí. Is léir ón fhreagra gurb é an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an Roinn is mó atá tite siar leis na dualgais seo. Níl aon ghlacadh againn leis sin - go mbeadh sé sin tarlaithe. Cén fáth go bhfuil an fhadhb seo ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, seachas aon Roinn eile? Cé fáth nach bhfuil na comhaid aistrithe ag an Roinn? An bhfuil an tAire in ann deimhniú dúinn nach dtarlóidh sin arís? Níor tharla sé i mblianta eile. De réir mar a thuigim, ní raibh fadhb ann anuraidh nó sna blianta roimhe sin. Is é seo an chéad uair gur éirigh fadhb den chineál seo. Cén fáth go bhfuil an fhadhb seo ann i mbliana? An bhfuil an tAire in ann deimhniú nach dtarlóidh sé arís?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá taifid á n-aistriú go rialta agus go leanúnach ón Roinn go dtí an Chartlann Náisiúnta. Tá sé ar siúl fiú amháin an tseachtain seo, agus muid ag caint. Aon rud atá déanta, tá sé laistigh den Acht um Chartlann Náisiúnta 1986. Tá mé iontach dóchasach nach mbeidh easnamh ar bith i gceist nuair a thiocfaidh deireadh na bliana.