Seanad debates

Wednesday, 18 December 2013

Adjournment Matters

National Archives

5:15 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Tá mé an-bhuíoch gur tháinig sé isteach anseo tráthnóna. Tagann sé isteach go rialta le haghaidh ceisteanna a thógáil sa Seanad. Tugann sé an-ómós don Teach. Caithfidh mé é sin a rá. Táimid thar a bheith buíoch den Aire Stáit. B'fhéidir nach mbeidh sé anseo arís roimh an Nollaig ó thaobh díospóireachta de.

Agus an Nollaig ag teannadh linn, ní fada go sroichfimid ceann de na hócáidí meáin is mó a thaitníonn le daoine ag teacht na bliana úire. Tá mé ag caint faoi na scéalta a bhíonn sna meáin faoi rudaí a tharla san am a caitheadh, go háirithe iad siúd a bhaineann leis na cartlanna. Tá sé de nós ag an Stát, agus de dhualgas ar an Stát, na comhaid a bhaineann leis na Ranna Stáit a scaoileadh leis an gCartlann Náisiúnta go bliantúil. Faoin riail 30 bliain, ba cheart go mbeadh na comhaid i leith pé rud a bhí ag tarlú 30 bliain ó shin tugtha ar lámh don Chartlann Náisiúnta roimh deireadh na bliana seo ionas go bhféadfadh na meáin agus daoine atá ag déanamh taighde, srl., cineál léargas a thabhairt dúinn ar an Stát mar a bhí sé 30 bliain ó shin.

De réir mo chuid eolais, gach bliain cuireann an Chartlann Náisiúnta deis ar fáil d'iriseoirí agus do thaighdeoirí ar feadh tréimhse áirithe díreach roimh an Nollaig teacht isteach agus breathnú ar na comhaid atá curtha ar fáil ag na Ranna Stáit, sa chaoi gur féidir leo ullmhúcháin a dhéanamh le haghaidh 1 Eanáir agus na laethanta beaga ina dhiaidh sin nuair a bheidh siad ag insint dúinn céard a tharla 30 bliain ó shin. Tá sé tugtha le fios dom - tá mé ag lorg soiléiriú ar seo - go bhfuil an t-eolas seo faighte ó gach Roinn Stáit seachas an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tuigtear dom go raibh iriseoirí áirithe ag iarraidh fiosrúcháin agus staidéar a dhéanamh ar na comhaid, ach ní raibh na comhaid sin ar fáil nuair a chuaigh siad chomh fada leis an gCartlann Náisiúnta ar an trí lá a bhí leagtha amach. Is ábhar iontais é nach mbeadh a leithéid ann.

Tá mé ag iarraidh soiléiriú a fháil ón Aire Stáit. An bhfuil sé fíor nach bhfuil na comhaid ar fáil? An féidir nach bhfuil siad tugtha ar lámh don Chartlann Náisiúnta? Más fíor é seo, cén fáth nach bhfuil siad ar fáil? An bhfuil údar leis sin? An bhfuil cúis éigin leis? B'fhéidir go bhfuil rud éigin mór faoi rún sna comhaid sin nach bhfuil an Roinn ag iarraidh go mbeadh a fhios ag daoine faoi. B'fhéidir nach bhfuil dóthain foirne sa Roinn le haghaidh na comhaid a ullmhú. Mura bhfuil siad ar fáil, cén uair a bheidh siad ar fáil? An mbeidh siad ar fáil ar an taobh seo den Nollaig? An mbeidh deis ag na hiriseoirí dul trí na comhaid sin agus insint dúinn céard iad na hiontaisí a bhí ag tarlú, agus na cinntí a bhí á nglacadh ag an Rialtas, 30 bliain ó shin?

Tá sé an-tábhachtach go mbeadh na comhaid seo ar fáil. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh léargas ag an bpobal ar an gcaoi ina n-oibríonn na Ranna Stáit agus cinntí éagsúla á ndéanamh acu. B'fhéidir go gceapann daoine go bhfuil 30 bliain i bhfad siar, ach is dóigh liom go bhfuil cuimhne ag go leor daoine ar na rudaí a bhí ag tarlú agus na scéalta a bhí sna meáin sa bhliain 1984. Cuireadh sé imní orm dá mba rud é nach raibh an Roinn in ann na comhaid seo a chur ar fáil de bharr easpa foirne. Níor mhaith liom go mbeadh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar an dé deiridh, ó thaobh coinneáil suas leis na dualgais atá air, mar thoradh ar na ciorruithe éagsúla atá déanta le blianta beaga anuas.

Ní dóigh liom gur comhartha maith a bheadh ann dá mba rud é nach raibh an Roinn in ann coinneáil suas leis an obair atá le déanamh sa chomhthéacs seo, ag cur san áireamh go bhfuil sé déanta ag gach Roinn Stáit eile. D'fhéadfainn samplaí eile a thabhairt den chaoi ina bhfuil an Roinn ag titim siar ar a cuid dualgais ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ach ní maith liom go bhfeictear ar seo mar ghné eile den ábhar sin. Le cúnamh Dé, beidh an tAire Stáit in ann léargas a thabhairt dúinn ar cá seasann cúrsaí maidir leis na comhaid a bhí ann 30 bliain ó shin a thabhairt ar lámh don Chartlann Náisiúnta, agus b'fhéidir a dheimhniú nach dtarlóidh a leithéid arís.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.