Seanad debates

Wednesday, 18 December 2013

Adjournment Matters

National Archives

5:15 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ba mhaith liom a dhearbhú don Teachta go dtuigim go maith oibleagáidí na Roinne faoin Acht um Chartlann Náisiúnta 1986. Tuigim ach go háirithe an riachtanas faoi alt 8 den Acht maidir le taifead oifigiúil ar bith a bhíonn 30 bliain d'aois ar an 31 Nollaig gach bliain a aistriú chuig an gCartlann Náisiúnta ionas gur féidir iad a chur ar fáil don phobal chun iad a scrúdú agus a úsáid ar mhaithe le taighde. Tá sé seo ar ndóigh faoi réir dhíolúintí ar bith chun leas an phobail agus príobháideachas an duine a chosaint agus chun oibleagáidí reachtúla a chomhlíonadh i ndáil le neamhnochtadh faisnéise agus gnóthais rúndachta. Tá aistriú roinnt taifead socraithe ag mo Roinn cheana féin agus tá dul chun cinn suntasach déanta ar aistriú taifid eile.

Mar is eol don Seanadóir, bunaíodh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar an 1 Meitheamh 2011 de bhun atheagrú na Ranna Rialtais a d'fhógair an Taoiseach i mí an Mhárta 2011. Le bunú na Roinne seo, tugadh le chéile feidhmeanna ón tsean-Roinn Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt, ón tsean-Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus ón tsean-Roinn Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Déanann an Roinn maoirseacht anois ar chaomhnú, ar bhuanchoimeád, ar chosaint, ar fhorbairt agus ar chur i láthair oidhreacht agus chultúr na hÉireann. Tá freagracht pholasaí ar an Roinn as na nithe sin. Déanann an Roinn gach iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn, tacú leis an nGaeltacht agus cuidiú le forbairt inbhuanaithe phobail na n-oileán. Is iad seo a leanas na príomhfheidhmeanna atá faoina cúram: na healaíona, cultúr, scannán agus ceol, chomh maith le maoirseacht ar fhorais chultúrtha na hÉireann; oidhreacht thógtha agus nádúrtha na hÉireann; an Ghaeilge, an Ghaeltacht agus na hoileáin; agus comhoibriú Thuaidh-Theas a mhéid is a bhaineann sé le hUiscebhealaí Éireann, an Foras Teanga agus feidhmeanna níos leithne na Roinne. Ag teacht le tosaíochtaí reatha, treoraíonn agus múnlaíonn clár an Rialtais 2011-16, i gcomhar le tosaíochtaí eile Rialtais, obair na Roinne.

Mar a thuigfidh an Teachta, cruthaíodh na taifid atá le scaoileadh i mbliana sular bunaíodh an Roinn. Fágann sin go bhfuil castacht ag baint leis an bpróiseas maidir le taifid a aithint agus a scaoileadh. Tá aistriú roinnt taifead ó aonad na bhforas cultúrtha, maidir le hearnáil na n-ealaíon, chuig an gCartlann Náisiúnta socraithe ag mo Roinn cheana féin i mbliana. Ina theannta sin, aistríodh roinnt taifead ó bhrainse logainmneacha na Roinne ó na blianta 1946 go 1983 chuig an gCartlann Náisiúnta i mí na Samhna i mbliana. Ba mhaith liom a dhearbhú don Teachta go bhfuil oifigigh mo Roinne ag obair go dlúth le hoifigigh sa Chartlann Náisiúnta maidir le haistriú tuilleadh taifead chuig an gcartlann. Go deimhin, tá mo Roinn i gcomhairle leis an gCartlann Náisiúnta maidir le taifid a bhaineann leis an gceantar Gaeltachta ach go háirithe chun clár oibre a phlé chun taifid atá os cionn 30 bliain d'aois a aistriú. Tá clár oibre comhaontaithe. Is í mo thuiscint go n-aistreofar roinnt taifead a bhaineann leis an tréimhse 1929 go 1975 chuig an gCartlann Náisiúnta an tseachtain seo.

Tionólann an Chartlann Náisiúnta réamhbhreathnú meán gach Nollaig. Is deis atá ann d'iriseoirí féachaint ar na taifid a bhaineann le polasaí sula scaoiltear amach chuig an bpobal iad i mí Eanáir. Ní mór a nótáil go bhfaigheann an Chartlann Náisiúnta taifid ó Ranna Rialtais ar feadh na bliana, an tréimhse tar éis an réamhbhreathnaithe meán san áireamh, agus leanfar leis sin sa bhliain 2014. Níl riachtanas ar bith san Acht um Chartlann Náisiúnta na taifid a aistriú in am do réamhbhreathnú na meáin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.