Seanad debates

Wednesday, 11 December 2013

Adjournment Matters

Leader Programmes Expenditure

6:25 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim céad fáilte roimh an Aire Stáit agus táim an-bhuíoch dó as teacht isteach leis an cheist seo a thógáil.

Bíonn go leor cainte faoin gclár Leader agus is maith ann an clár sin. Le roinnt mhaith blianta anuas, tá pobail tuaithe ar fud na hÉireann tar éis an-tairbhe a bhaint as an gclár ó thaobh tograí pobail, tograí gnó agus ó thaobh ceantair tuaithe a chur chun cinn. Bhí cuid mhaith deacrachtaí i mbliana agus anuraidh leis an gclár Leader ó thaobh cúrsaí riarachán de agus ó thaobh cuid de na comhlachtaí de. Bhain cuid de na deacrachtaí sna ceantair Gaeltachta, mar shampla, le teip an chomhlachta MFG agus bhí muid gan comhlacht ar feadh tamaill fada agus bhíomar ag braith ar chomhlachtaí eile ó shin leis na scéimeanna a chur i bhfeidhm sna ceantair Gaeltachta.

Tá riar mhaith daoine tar éis teacht chugam mar bhí cur chuige cineál "stop-start" ann i mbliana. Rinne athbhreithniú roinnt uaireanta ar an chaoi a bhfuil an t-airgead dhá caitheamh, rud a chiallaigh go raibh athrú ar an mhéid airgid a bhí ceadaithe do chuid de na comhlachtaí. Tá an clár ar bun le sé nó seacht mbliana agus ag tús aimsire dúradh leis na comhlachtaí cé mhéid airgid a bheadh i ndán dóibh, ach athraíodh na figiúirí sin i mbliana. Rinne an Roinn athbhreithniú agus tharraing an Roinn siar airgead ó chuid de na comhlachtaí. Bhain cuid de na comhlachtaí sin le ceantair i nGaillimh, comhlacht FORUM Connemara, comhlacht GRD, Galway Rural Development, Comhar na nOileán Teoranta agus an comhlacht a bhí mar MFG, rud a d'fhág go raibh muid as póca sna ceantair sin agus go raibh níos lú airgid againn ná mar a bhí geallta dúinn.

Cuid de na fadhbanna a bhain lei an athbhreithniú ná go raibh deacrachtaí ó thaobh airgid sna gcomhlachtaí agus go háirithe na daoine a bhí ag plé le tograí sna pobail. Is tosúil go bhfuil sin ag tarlú arís le cúpla seachtain anuas. Mar shampla, bhí cuid de na dreamanna a tháinig i dteangabháil liomsa ag rá go bhfuil conradh acu le comhlacht áirithe atá ag plé le Leader, go bhfuil dhá thrian den togra atá ar bun acu críochnaithe, go bhfuil an t-airgead íoctha leo ar an chéad dá thrian agus gur íoc siad féin amach an trian deireannach. Deir siad go bhfuair siad iasacht ón gcomhar creidmheasa ar na mílte ach gur tháining an comhlacht ar ais chucu ansin ag rá nach bhfuil an Roinn sásta an t-airgead deireannach a thabhairt dóibh. Tá siad i bponc mar gheall ar sin.

Dúirt dreamanna eile go bhfuil conradh sínithe acu agus go bhfuil an togra ceadaithe tríd an bpróiseas ar fad, tríd an Roinn agus tríd an comhlacht. Ansin, le seachtain nó dhó anuas tá an Roinn tar éis diúltú cead a thabhairt dóibh dul ar aghaidh leis an togra.

Tá sin an mhí-shásúil do na comhlachtaí agus na heagrais pobail atá i gceist. Teastaíonn uainn go mbeadh an t-airgead seo ag dul amach go dtí na pobail. Tá sé fíor tábhachtach go dtarraingeoidh muid anuas chuile phingin gur féidir linn ón Aontas Eorpach faoin gclár Leader le caitheamh sna ceantair pobail, go háirithe in am mar seo, am an ghátair.

Táim ag súil go mb'fhéidir go mbeidh an Aire Stáit in ann soiléiriú a thabhairt dom ar chéard atá ag tarlú i ndáiríre leis an gclár Leader. Cén fáth an bhfuil an cur chuige seo ag tosaigh agus ag stopadh arís agus arís eile? Cén fáth an bhfuil na figiúirí ag athrú an t-am ar fad agus cén fáth nach bhfuil níos mó cinnteacht ag na daoine atá sa bpobal atá ag iarraidh tograí a chur chun cinn ó thaobh an mbeidh airgead acu nó nach mbeidh? An bhfuil an Rialtas in ann geallúint a thabhairt maidir le duine ar bith a fuair conradh agus a shínigh conradh agus a chaith airgead, go bhfaighidh siad an íocaíocht ón Roinn an taobh seo den Nollaig?

6:35 pm

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim leithscéil faoi nach bhfuil an freagra scríofa as Gaeilge, ach déanfaidh mé mo dhícheall aistriúchán a dhéanamh ar na focail nach bhfuil ró-dhian orm.

In line with the 'bottom-up' approach to rural development it is a matter for each comhlacht forbartha áitiúil na projects ar a gcaithfidh siad airgead a roghnú. In May 2013 LDCs were awarded revised allocations under the Leader elements of the rural development programme. Two main issues are relevant in understanding the rationale nó an fáth gur tharla sé seo. Ar an gcéad dul síos, sa bhliain 2012 iarradh ar ghach comhlacht forbhartha áitiúil a gcuid airgid a chaitheamh, dá dteastódh sin uathu, on first-come first served basis. Bhí an seans céanna ag gach comhlacht an méid airgid a theastaigh uathu a chur isteach i dtogra áitiúil.

The second issue relates to the change in co-financing rates. During 2011, the European Commission approved a change in the maximum co-financing rate, from 55% to 85%, for the Leader elements of Ireland's RDP, but only for expenditure incurred in 2012 and 2013. Séard a thit amach ansin ná go raibh laghdú ar an méid airgid sa chlár - laghdú ó €427 milliún go dtí €370 milliún, ísliú de 13%. An toradh a bhí ar seo ná go raibh laghdú ar an mhéid airgid a fuair Galway Rural Development agus FORUM Connemara. The redistribution of available funding was conducted in as fair and equitable a manner as was possible, with many comhlachtaí forbartha áitiúla experiencing an ísliú freisin. The allocations were adjusted to ensure that all comhlachtaí forbartha áitiúla received at least 80% of the allocation bunúsach a bhí acu. Had this not been done, d'fhéadfadh a lán comhlachtaí, including Galway Rural Development and FORUM Connemara, ciorruithe níos mó a fhulaingt in the context the allocations were calculated sa tslí is féaráilte gurbh fhéidir.

Tugadh €22 milliún do Galway Rural Development, FORUM Connemara agus Gaeltacht na Gaillimhe. Chomh maith le sin, fuair Comhar na nOileán €4.7 milliún do na hoileáin, a major portion of which was allocated to Galway. Seo airgead mór d'aon áit nó aon chuid den tír. Maidir leis na Gaeltacht areas, tá laghdú freisin sa mhéid airgid atá ar fáil dóibh. When MFG (Meitheal Forbartha na Gaeltachta) went into liquidation in 2011, bhí €3. 371 milliún caite aige ar an programme bunúsach a bhí aige. In May 2013, €6 million for the Gaeltacht areas was awarded to the contiguous local development companies. Of this, fuair Gaillimh €2.1 de. Due consideration will of course be given to all areas, including the Gaeltacht, más rud é go mbeidh aon airgid breise le caitheamh.

Leader programme spending is subject to continual monitoring. Tá an Roinn ag faire ar seo i gcónaí agus beidh sé ag déanamh formal review of the commitments and expenditure levels ag deireadh na bliana seo. Ina dhiaidh sin, beidh an Aire in ann féachaint arís an bhfuil aon airgead breise le tabhairt amach. Sa chomhthéacs sin, tá sé tábhachtach a thuiscint it is a matter for each individual comhlacht forbartha áitiúil to decide cé acu project a theastaíonn uaidh airgead a chaitheamh air, má bhíonn an t-airgead breise sin aige.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé buíoch don Aire Stáit as a bhfreagra agus as an Ghaeilge a úsáid ar an ócáid seo. Is freagra ginearálta go leor é ar bhealach. Léiríonn sé dom nach bhfuil cothrom na féinne faighte ag Gaillimh ná ag na Gaeltachtaí mar bhí €27.5 milliún le fáil ag Gaillimh ag tús an chláir agus ní bheidh faighte ag an gclár ar deireadh ach €22 milliún. Sin gearradh siar de €5.5 milliún. Ó thaobh na ceantair Gaeltachta de, bhí suas le €17 milliún le bheith caite iontu, ach ní bheidh caite ach €9.3 milliún. Fágann sin go bhfuil muid €8.9 milliún nó beagnach €9 milliún gann ar an mhéid a bhí geallta dóibh, ach sin scéal do lá eile.

Baineann an bhunceist a bhí agam, agus b'fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann fiosrú a dhéanamh faoi seo, leis an dream a bhfuil na tograí acu faoi láthair nach bhfuair íocaíocht le déanaí, dream a bhfuil airgead le n-íoc leo. An mbeidh an tAire stáit in ann fiosrú a dhéanamh faoi sin le féachaint cén fáth an bhfuil sin ag tarlú agus an féidir a dheimhniú dúinn go n-íocfar iad roimh an Nollaig. Seo dream a bhfuil conarthaí acu, bona fide. Chuaigh siad tríd an bpróiseas le cead a fháil, ceadaíodh an t-airgead dóibh, ach tá siad ag seasamh ansin anois le fiacha ar a gcuid lámha mar gheall nach bhfuil an Roinn ag íoc na gcomhlachtaí.

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Geallaim don Seanadóir go gcuirfidh mé na tuairimí atá nochtaithe aige agus an méid adúirt sé faoi bhráid an Aire láithreach. Más rud é gur mhaith leis an Seanadóir ainmneacha na gcomhlachtaí forbartha i gceist a thabhairt dom, cuirfidh mé isteach ceist phráinneach chuig an Aire chun freagra a fháil dó.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh míle maith agat.