Seanad debates

Wednesday, 11 December 2013

Adjournment Matters

Leader Programmes Expenditure

6:35 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá mé buíoch don Aire Stáit as a bhfreagra agus as an Ghaeilge a úsáid ar an ócáid seo. Is freagra ginearálta go leor é ar bhealach. Léiríonn sé dom nach bhfuil cothrom na féinne faighte ag Gaillimh ná ag na Gaeltachtaí mar bhí €27.5 milliún le fáil ag Gaillimh ag tús an chláir agus ní bheidh faighte ag an gclár ar deireadh ach €22 milliún. Sin gearradh siar de €5.5 milliún. Ó thaobh na ceantair Gaeltachta de, bhí suas le €17 milliún le bheith caite iontu, ach ní bheidh caite ach €9.3 milliún. Fágann sin go bhfuil muid €8.9 milliún nó beagnach €9 milliún gann ar an mhéid a bhí geallta dóibh, ach sin scéal do lá eile.

Baineann an bhunceist a bhí agam, agus b'fhéidir go mbeidh an tAire Stáit in ann fiosrú a dhéanamh faoi seo, leis an dream a bhfuil na tograí acu faoi láthair nach bhfuair íocaíocht le déanaí, dream a bhfuil airgead le n-íoc leo. An mbeidh an tAire stáit in ann fiosrú a dhéanamh faoi sin le féachaint cén fáth an bhfuil sin ag tarlú agus an féidir a dheimhniú dúinn go n-íocfar iad roimh an Nollaig. Seo dream a bhfuil conarthaí acu, bona fide. Chuaigh siad tríd an bpróiseas le cead a fháil, ceadaíodh an t-airgead dóibh, ach tá siad ag seasamh ansin anois le fiacha ar a gcuid lámha mar gheall nach bhfuil an Roinn ag íoc na gcomhlachtaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.