Seanad debates

Wednesday, 11 December 2013

Adjournment Matters

Leader Programmes Expenditure

6:25 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim céad fáilte roimh an Aire Stáit agus táim an-bhuíoch dó as teacht isteach leis an cheist seo a thógáil.

Bíonn go leor cainte faoin gclár Leader agus is maith ann an clár sin. Le roinnt mhaith blianta anuas, tá pobail tuaithe ar fud na hÉireann tar éis an-tairbhe a bhaint as an gclár ó thaobh tograí pobail, tograí gnó agus ó thaobh ceantair tuaithe a chur chun cinn. Bhí cuid mhaith deacrachtaí i mbliana agus anuraidh leis an gclár Leader ó thaobh cúrsaí riarachán de agus ó thaobh cuid de na comhlachtaí de. Bhain cuid de na deacrachtaí sna ceantair Gaeltachta, mar shampla, le teip an chomhlachta MFG agus bhí muid gan comhlacht ar feadh tamaill fada agus bhíomar ag braith ar chomhlachtaí eile ó shin leis na scéimeanna a chur i bhfeidhm sna ceantair Gaeltachta.

Tá riar mhaith daoine tar éis teacht chugam mar bhí cur chuige cineál "stop-start" ann i mbliana. Rinne athbhreithniú roinnt uaireanta ar an chaoi a bhfuil an t-airgead dhá caitheamh, rud a chiallaigh go raibh athrú ar an mhéid airgid a bhí ceadaithe do chuid de na comhlachtaí. Tá an clár ar bun le sé nó seacht mbliana agus ag tús aimsire dúradh leis na comhlachtaí cé mhéid airgid a bheadh i ndán dóibh, ach athraíodh na figiúirí sin i mbliana. Rinne an Roinn athbhreithniú agus tharraing an Roinn siar airgead ó chuid de na comhlachtaí. Bhain cuid de na comhlachtaí sin le ceantair i nGaillimh, comhlacht FORUM Connemara, comhlacht GRD, Galway Rural Development, Comhar na nOileán Teoranta agus an comhlacht a bhí mar MFG, rud a d'fhág go raibh muid as póca sna ceantair sin agus go raibh níos lú airgid againn ná mar a bhí geallta dúinn.

Cuid de na fadhbanna a bhain lei an athbhreithniú ná go raibh deacrachtaí ó thaobh airgid sna gcomhlachtaí agus go háirithe na daoine a bhí ag plé le tograí sna pobail. Is tosúil go bhfuil sin ag tarlú arís le cúpla seachtain anuas. Mar shampla, bhí cuid de na dreamanna a tháinig i dteangabháil liomsa ag rá go bhfuil conradh acu le comhlacht áirithe atá ag plé le Leader, go bhfuil dhá thrian den togra atá ar bun acu críochnaithe, go bhfuil an t-airgead íoctha leo ar an chéad dá thrian agus gur íoc siad féin amach an trian deireannach. Deir siad go bhfuair siad iasacht ón gcomhar creidmheasa ar na mílte ach gur tháining an comhlacht ar ais chucu ansin ag rá nach bhfuil an Roinn sásta an t-airgead deireannach a thabhairt dóibh. Tá siad i bponc mar gheall ar sin.

Dúirt dreamanna eile go bhfuil conradh sínithe acu agus go bhfuil an togra ceadaithe tríd an bpróiseas ar fad, tríd an Roinn agus tríd an comhlacht. Ansin, le seachtain nó dhó anuas tá an Roinn tar éis diúltú cead a thabhairt dóibh dul ar aghaidh leis an togra.

Tá sin an mhí-shásúil do na comhlachtaí agus na heagrais pobail atá i gceist. Teastaíonn uainn go mbeadh an t-airgead seo ag dul amach go dtí na pobail. Tá sé fíor tábhachtach go dtarraingeoidh muid anuas chuile phingin gur féidir linn ón Aontas Eorpach faoin gclár Leader le caitheamh sna ceantair pobail, go háirithe in am mar seo, am an ghátair.

Táim ag súil go mb'fhéidir go mbeidh an Aire Stáit in ann soiléiriú a thabhairt dom ar chéard atá ag tarlú i ndáiríre leis an gclár Leader. Cén fáth an bhfuil an cur chuige seo ag tosaigh agus ag stopadh arís agus arís eile? Cén fáth an bhfuil na figiúirí ag athrú an t-am ar fad agus cén fáth nach bhfuil níos mó cinnteacht ag na daoine atá sa bpobal atá ag iarraidh tograí a chur chun cinn ó thaobh an mbeidh airgead acu nó nach mbeidh? An bhfuil an Rialtas in ann geallúint a thabhairt maidir le duine ar bith a fuair conradh agus a shínigh conradh agus a chaith airgead, go bhfaighidh siad an íocaíocht ón Roinn an taobh seo den Nollaig?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.