Seanad debates

Tuesday, 10 December 2013

Adjournment Matters

Nuachtáin Seachtainiúil Gaeilge

9:55 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit, mo chomhghleacaí as Dún na nGall agus gabhaim buíochas leis as a rún seo a ghlacadh anocht.

Is cosúil go bhfuil fógra ó Fhoras na Gaeilge sna nuachtáin náisiúnta amárach ag lorg iarratais ó dhreamanna a mbeadh spéis acu tabhairt faoi nuachtán seachtainiúil Ghaeilge a fhoilsiú, agus é ráite sa bhfógra gur nuachtán leictreonach ar líne, atá i gceist agus nach bhfuil sé riachtanach leagan clóite a chur ar fáil don nuachtán. Is cosúil gur socraíodh gur nuachtán leictreonach ar líne amháin a bheadh sa nuachtán nua seachtainiúil, le deontas €1.2 milliún thar tréimhse ceithre bliana ar fáil chun sin a dhéanamh.

Níl an socrú seo ag teacht le torthaí ón bpróiséas comhairliúcháin a rith Foras na Gaeilge níos luaithe i mbliana. Léirigh an suirbhé a reachtáil an foras faoin gceist nach raiibh ach 21% ag iarraidh gur foilseachán nuachta leictreonach ar fáil ar líne amháin a bheadh ann. Bhí 51% de na daoine a rinneadh suirbhé orthu ag iarraidh nuachtáin chlóite de chineál éigin agus bhí 24% ag iarraidh meascán den dá rud. Tá sé tábhachtach go mbeadh ar Foras na Gaeilge aird a thabhairt ar mhianta pobal na Gaeilge. Is le freastal ar phobal na Gaeilge atá an Foras ann agus níor cheart an t-airgead poiblí a chaitheamh ar thionscnamh nach bhfuil ach mionlach beag á iarraidh.

Is airgead poiblí é seo agus b'fhéidir go gcuirfí an tAire Stáit an cheis cén fáth go bhfuil mé ag ardú na ceiste seo, ach tá 75% den caiteachas atá ar fáil d'Fhoras na Gaeilge ag teacht ó Roinn an Aire Stáit agus 25% ag teacht ó DCAL, Department of Culture, Arts and Leisure, i dTuaisceart na hÉireann. Tá sé tábhachtach mar sin go mbeidh an t-airgead caite sa dóigh a bheidh in ann an buntáiste is mó a bhaint as an t-airgead sin, go háirithe nuair atá airgead gann.

Níl cúis ar bith nach bhféadfadh an nuachtán seachtainiúil Gaeilge an dá thrá a fhreastal: leagan ar líne do dhaoine ar fearr leo nuachtán a léamh ar líne agus leagan nuachtán clóite, dóibh siúd nach bhfuil, mar shampla, cleachtadh acu ar ríomhairí, nach bhfuil teacht acu ar bhanda leathan sa mbaile agus ar fearr leo, ar chúis amháin nó ar chúis eile, nuachtán a bheith ina lámha seachas ar líne nó ar fáil tríd an ríomhaire nó an iPhone nó mar sin de.

Is fadhb í go ndearna Foras na Gaeilge laghdú ar na buiséid don tionscnamh seo, ó €400,000 go €300,000 in aghaidh na bliana. Más ceist airgid í seo, b'fhiú dul i mbun plé leis an bhforas chun í a phlé. Má ta breis airgid de dhíth, tá sé tábhachtach go mbeidh sé ar fáil. Tá sé ráite ar leathanach 26 den Stráitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, faoin teideal Léamh, Scríobh agus Labhairt, go bhfuil sé "riachtanach go mbeidh rochtain éasca ag an bpobal ar ábhar chlóite i nGaeilge i siopaí nuachtán, i siopaí leabhar agus ar an idirlíon má tá todhchaí le bheith ann do litríocht agus d'iriseoireacht chlóite". Deirtear chomh maith sa stráitéis nach mór modhanna traidisiúnta agus nuálacha a úsáid chun leas a bhaint as na deiseanna atá ann chun an Ghaeilge a léamh agus a scríobh agus í a thabhairt chun cinn agus a fhorbairt. An rud atá i gceist anseo ná nuachtán Ghaeilge ar an Idirlíon amháin. Níl sé sin ag teacht leis an méid atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Le cois sin, níl sé ag dul de réir torthaí an suirbhé a d'eagraigh Foras na Gaeilge níos luaithe i mbliana.

Má tá nuachtán nó foilsiúchán le bheith curtha ar fáil agus má tá an buntáiste is mó nó an léitheoireacht is mó le bheith bainte as an foilsiúcháin sin, caithfear freastal ar ghnáth daoine. Tá go leor daoine ina gcónaí sa Ghaeltacht agus i bpobal na Gaeilge atá níos mó ná dhá scór nó 50 bliain d'aois nach bhfuil siad cleachtaithe le bheith ag úsáid an Idirlín. Bhí nuachtán Gaeilge Gaeltachta i gcónaí ann, le 40 bliain anuas, agus má chuirtear deireadh leis anois, táthar ag cur deiridh leis an seirbhís seo do na daoine seo. Tiocfaidh linn an dá thrá a fhreastal - é a bheith ar an Idirlíon agus nuachtán traidisiúnta a chur i gcló. Chomh maith le sin, tiocfaidh linn freastal chan amháin ar na daoine atá ina gcónaí sa tír seo a bhfuil Gaeilge acu, taobh amuigh nó taobh istigh den Ghaeltacht, ach ar na daoine go léir atá thar lear fosta, go leor acu san Astráil, i gCeanada, sna Stáit Aontaithe, Sasana, Albain agus áiteanna eile. Bheadh siadsan in ann an nuachtán ar an Idirlíon a úsáid chomh maith.

Níl a fhios agam an bhfuil aon deascéal ag an Aire Stáit dom anocht. Tá se tábhachtach an cheist seo a ardú agus a phlé mar go bhfuil an t-airgead atá i gceist anseo atá ag teacht ón cáiníocóir sa Tuaisceart agus sa Deisceart.

10:05 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teach, tá ról reachtúil ag Foras na Gaeilge maidir leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann. Is léir gur mian leis an Seanadóir díriú isteach tráthnóna ar an fheidhm ar leith atá sonraithe don fhoras i ndáil le húsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh i gcúrsaí scríbhneoireachta. Níl amhras ar bith ach go bhfuil Foras na Gaeilge an-ghníomhach sa réimse sin, mar atá soiléir ó chuid de na mórthionscnaimh atá ar bun aige i láthair na huaire, lena n-áirítear an Gúm, Clár na Leabhar Gaeilge, Áis, an foclóir nua Béarla-Gaeilge agus an straitéis nua léitheoireachta.

Ní miste a aithint go bhfuil obair chriticiúil idir lámha ag an Ghúm maidir le foilseacháin agus áiseanna a chur ar fáil chun tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le húsáid na Gaeilge i gcoitinne. Tuigtear dom go bhfuil thart ar 2,500 leabhar agus 350 píosa ceoil foilsithe ag an Ghúm ó bunaíodh é sa bhliain 1926. Is mór an corpus litríochta é sin gan dabht. Anuas air sin, tá obair fhiúntach ar siúl ag Clár na Leabhar Gaeilge maidir le scríbhneoireacht, foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge a chothú lasmuigh den seomra ranga. Déantar a leithéid trí scéimeanna foilsitheoireachta agus scríbhneoireachta ar leith agus trí aird an phobail a dhíriú ar leabhair Ghaeilge. Sa chomhthéacs sin, b'ábhar áthais dom an deis a fháil le gairid na gradaim a bhronnadh ar bhuaiteoirí chomórtas leabhair Ghaeilge na bliana i nGailearaí Náisiúnta na nGrianghraf.

Tá seirbhís dáileacháin ar leith, ar a dtugtar Áis, faoi chúram Fhoras na Gaeilge chun cabhrú le foilsitheoirí agus le húdair trí chinntiú go mbeidh soláthar leabhar Gaeilge ar fáil sna siopaí. Thagair mé níos luaithe don mhórfhoclóir nua Béarla-Gaeilge. Tá an tionscadal seo ar cheann de na gníomhaíochtaí is tábhachtaí atá ar siúl ag Foras na Gaeilge faoi láthair, ní hamháin i gcomhthéacs fhorbairt chorpas na Gaeilge ach chun spriocanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Tá an leagan leictreonach den fhoclóir foilsithe ar líne cheana féin agus is dul chun cinn suntasach é go bhfuil cóid fhuaime ar fáil sa trí mhórchanúint. Meastar gur féidir leis an foclóir freastal cheana féin ar 85% den ghnáthchuardach a dhéanfadh aon duine, ach tuigim go gcuirfear leis na hiontrálacha reatha ar bhonn leanúnach go dtí go bhfoilseofar an leagan clóite in 2015.

Beidh an Seanadóir sásta a chloisteáil go bhfuil sé i gceist ag Foras na Gaeilge tabhairt faoi straitéis nua léitheoireachta sa bhliain 2014 ar mhaithe le daoine a spreagadh le níos mó leabhair Ghaeilge a léamh. Chuige sin, d'eagraigh Clár na Leabhar Gaeilge comhdháil faoin léitheoireacht ag deireadh 2012 chun léargas a fháil ar staid reatha na litríochta agus na léitheoireachta i nGaeilge agus ar thionscal na leabhar i gcoitinne in Éirinn agus i dtíortha eile. Tuigim go ndearnadh plé freisin ar chleachtais idirnáisiúnta leis an léitheoireacht a chothú i measc an phobail mar aon le nithe praiticiúla a bhaineann le dáileachán agus margaíocht leabhar. Ag eascairt as an chomhdháil sin, cuireadh próiseas comhairliúcháin poiblí ar bun níos túisce i mbliana chun deis a thabhairt don phobal a dtuairimí a nochtadh maidir le moltaí na comhdhála agus mar ionchur don dréachtstraitéis nua léitheoireachta atá á fhorbairt ag Foras na Gaeilge. Tuigtear dom go dtabharfar deis eile don phobal a dtuairimí faoin dréachtstraitéis seo a thabhairt sa bhliain nua.

Ag tiontú anois go dtí ceist na nuachtán Gaeilge, caithfidh mé a threisiú i dtosach báire gur ceist pholasaí í seo do bhord Fhoras na Gaeilge. Thóg an bord cinneadh ag a chruinniú le gairid go gcuirfear maoiniú ar fáil do nuachtán Gaeilge seachtainiúil a bheidh ar fáil i bhfoirm leictreonach ar líne amháin. Beidh an nuachtán seo ar fáil saor in aisce agus roghnófar an táirgeoir ar feadh ceithre bliana trí chomórtas tairisceana poiblí a reáchtáil.

Tuigtear dom gur bheartaigh bord Fhoras na Gaeilge go mbeidh fócas agus úsáid aon deontais a bheidh ceadaithe teoranta do leagan ar líne a chur ar fáil den nuachtán. Tógadh an cinneadh seo ar an mbonn gurb é sin an bealach is fearr le freastal ar an líon léitheoirí is mó ar an méid airgid phoiblí is lú. Cibé scéal é, tá sé tugtha le fios ag Foras na Gaeilge go bhfáilteoidh siad roimh thuairimí na n-iarratasóirí i leith na ceiste seo nó i leith aon infheistíocht bhreise eile a chuirfeadh iarratasóirí ar fáil, sa bhreis ar dheontas Fhoras na Gaeilge, chun freastal níos mó agus níos sonraithe a dhéanamh ar riachtanais uile phobal léitheoireachta na Gaeilge.

Maidir le cinneadh bhord Fhoras na Gaeilge sa chás seo, tuigtear dom go ndearna coiste ar leith den bhord - an Coiste Nuachtán agus Irisí - go leor taighde agus plé faoi réimse leathan féidearthachtaí roimh thuairisciú don bhord. Mar shampla, scaipeadh ceistneoir chun fáil amach go sonrach cén cineál nuachtáin a bhí de dhíth ó phobal na Gaeilge agus fuarthas breis is 400 aisfhreagra. Cuireadh fócas ghrúpaí le chéile fosta in áiteanna éagsúla ar fud na tíre chun na ceisteanna uilig a chíoradh. Is iad na háiteanna a bhí i gceist ná Baile Átha Cliath, Béal Feirste, Doire, Gaoth Dobhair, An Cheathrú Rua agus Baile Bhúirne.

Ní miste na dúshláin agus na deacrachtaí reatha atá os comhair nuachtáin chlóite sna mórtheangacha ar fud an domhain mhóir a aithint agus ní féidir dearmad a dhéanamh ar thionchar na bhforbairtí teicneolaíochta is deireanaí ar chúrsaí díolacháin agus dáileacháin. Ar an drochuair, tá na dúshláin agus na deacrachtaí seo níos suntasaí fós nuair atá lucht léitheoireachta níos lú i gceist.

É sin ráite, ní miste a aithint go bhfuil feabhas as cuimse tagtha ar na meáin Ghaeilge le tamall anuas. Tá rogha fhairsing ar fáil do phobal na Gaeilge le leithéidí TG4, RTÉ, Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life agus Raidió Fáilte, gan trácht ar Nuacht 24 atá ar fáil ar líne agus i bhfoirm chlóite. Tá fáil ar nuachtáin sheachtainiúla agus mhíosúla ar nós Seachtain agus Saol mar aon le hirisí ar nós Feasta, An t-Ultach,An Sagart agus An Timire. Bíonn ailt rialta sna nuachtáin náisiúnta ar nós an The Irish Times agus an Irish News agus sna nuachtáin áitiúla fosta. Ar ndóigh, tá irisí leictreonacha eile ar fáil, ar nós Beo, Gaelport agus Nós. Mar sin, caithfear a aithint go bhfuil freastal maith á dhéanamh ar lucht léitheoireacht na Gaeilge agus táthar ag obair i dtreo is go mbeidh nuachtán Gaeilge seachtainiúil ar fáil ar líne saor in aisce sar i bhfad.

Mar fhocal scoir, creidim féin go bhfuil sé iontach tábhachtach léitheoireacht sa Ghaeilge a spreagadh agus molaim don phobal an deis a thapú a dtuairimí a léiriú faoi dhréachtstraitéis léitheoireachta Fhoras na Gaeilge sa bhliain úr.

10:15 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé an-bhuíoch don Aire Stáit as an freagra a thabhairt. Aontaím leis go bhfuil jab thar cionn déanta ag na meáin cumarsáide Gaeilge ar fud na tíre le roinnt blianta anuas, go leor acu nach bhfuil ag fáil aon chúiteamh ón Stát leis an obair sin a bhaint amach. Ach tá cúpla ceist bunúsach agam i dtaca leis an suirbhé a chuir Foras na Gaeilge ar bun. Dála an scéil, thug Foras na Gaeilge le fios do tuairisceoirí nó na meáin nach raibh an tuarascáil ón próiseas comharliúcháin feicthe ag bord Fhoras na Gaeilge sula ndearna sé an cinneadh an deontas a chur ar fáil don nuachtán seachtaniúil Gaeilge ar líne. Ardaíonn sin ceist bhunúsach má tá sé fíor.

Más fíor nach raibh na torthaí ón phróiseas sin ar fáil, cén fáth nár cuireadh an t-eolas sin os comhair an bhoird sula raibh an cinneadh déanta €1.2 milliún a chur ar fáil don nuachtán ar líne, go háirithe nuair nach raibh ach 21% de na daoine, de réir an suirbhé, ag iarraidh go mbeadh an foilsiúchán nuachtáin leictreonach ar fáil agus go raibh 51% ag iarraidh nuachtán clóite. Ardaíonn sin ceist. Tá a fhios agam nach bhfuil an dualgas ar an Aire Stáit agus gur cinneadh pholasaí atá i gceist, ach measaim go bhfuil ceist le freagairt de bhrí go bhfuil beagnach €12 mhilliún ag teacht ón Stát i mbliana d'Fhoras na Gaeilge. B'fhiú an cheist sin a fhiosrú.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé cinnte go n-éistfidh Foras na Gaeilge leis an méid adúirt an Seanadóir. Tá bord Gaeilge ceaptha againn, bord neamhspleách agus tá jab le déanamh acu faoin Chomh-Aireacht Thuaidh-Dheas. Tá mé cinnte go ndéanfaidh an bord é sin chomh foirfe agus chomh maith agus is féidir leo. Ní shílim go bhfuil sé san Acht go mbeidh Airí Thuaidh ná Theas ag tabhairt treoracha ná orduithe d'Fhoras na Gaeilge. Tá sé iontach tábhachtach go bhfuil liosta d'ábhair léitheoireachta ar fáil ansin. Is oth liom a rá nach raibh díolaíocht mhór ar an pháipéar Gaeilge deireannach a bhí againn, 1,200 nó 1,300 in aghaidh na seachtaine. Tá a fhios agam ó bheith ag plé le daoine óga gur beag duine anois faoi 40 bliain a cheannaíonn páipéar nuachta. Léann siad iad go léir ar líne agus bíonn fáil orthu ar fud an domhain. Tá comharliúchán ag dul ar aghaidh ag an bhforas go fóill agus feicfidh muid cad é an cinneadh deireannach nó cad é an cinneadh críochniúil a bhéas ar an cheist seo.