Seanad debates

Tuesday, 10 December 2013

Adjournment Matters

Nuachtáin Seachtainiúil Gaeilge

10:05 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar is eol don Teach, tá ról reachtúil ag Foras na Gaeilge maidir leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann. Is léir gur mian leis an Seanadóir díriú isteach tráthnóna ar an fheidhm ar leith atá sonraithe don fhoras i ndáil le húsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh i gcúrsaí scríbhneoireachta. Níl amhras ar bith ach go bhfuil Foras na Gaeilge an-ghníomhach sa réimse sin, mar atá soiléir ó chuid de na mórthionscnaimh atá ar bun aige i láthair na huaire, lena n-áirítear an Gúm, Clár na Leabhar Gaeilge, Áis, an foclóir nua Béarla-Gaeilge agus an straitéis nua léitheoireachta.

Ní miste a aithint go bhfuil obair chriticiúil idir lámha ag an Ghúm maidir le foilseacháin agus áiseanna a chur ar fáil chun tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le húsáid na Gaeilge i gcoitinne. Tuigtear dom go bhfuil thart ar 2,500 leabhar agus 350 píosa ceoil foilsithe ag an Ghúm ó bunaíodh é sa bhliain 1926. Is mór an corpus litríochta é sin gan dabht. Anuas air sin, tá obair fhiúntach ar siúl ag Clár na Leabhar Gaeilge maidir le scríbhneoireacht, foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge a chothú lasmuigh den seomra ranga. Déantar a leithéid trí scéimeanna foilsitheoireachta agus scríbhneoireachta ar leith agus trí aird an phobail a dhíriú ar leabhair Ghaeilge. Sa chomhthéacs sin, b'ábhar áthais dom an deis a fháil le gairid na gradaim a bhronnadh ar bhuaiteoirí chomórtas leabhair Ghaeilge na bliana i nGailearaí Náisiúnta na nGrianghraf.

Tá seirbhís dáileacháin ar leith, ar a dtugtar Áis, faoi chúram Fhoras na Gaeilge chun cabhrú le foilsitheoirí agus le húdair trí chinntiú go mbeidh soláthar leabhar Gaeilge ar fáil sna siopaí. Thagair mé níos luaithe don mhórfhoclóir nua Béarla-Gaeilge. Tá an tionscadal seo ar cheann de na gníomhaíochtaí is tábhachtaí atá ar siúl ag Foras na Gaeilge faoi láthair, ní hamháin i gcomhthéacs fhorbairt chorpas na Gaeilge ach chun spriocanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Tá an leagan leictreonach den fhoclóir foilsithe ar líne cheana féin agus is dul chun cinn suntasach é go bhfuil cóid fhuaime ar fáil sa trí mhórchanúint. Meastar gur féidir leis an foclóir freastal cheana féin ar 85% den ghnáthchuardach a dhéanfadh aon duine, ach tuigim go gcuirfear leis na hiontrálacha reatha ar bhonn leanúnach go dtí go bhfoilseofar an leagan clóite in 2015.

Beidh an Seanadóir sásta a chloisteáil go bhfuil sé i gceist ag Foras na Gaeilge tabhairt faoi straitéis nua léitheoireachta sa bhliain 2014 ar mhaithe le daoine a spreagadh le níos mó leabhair Ghaeilge a léamh. Chuige sin, d'eagraigh Clár na Leabhar Gaeilge comhdháil faoin léitheoireacht ag deireadh 2012 chun léargas a fháil ar staid reatha na litríochta agus na léitheoireachta i nGaeilge agus ar thionscal na leabhar i gcoitinne in Éirinn agus i dtíortha eile. Tuigim go ndearnadh plé freisin ar chleachtais idirnáisiúnta leis an léitheoireacht a chothú i measc an phobail mar aon le nithe praiticiúla a bhaineann le dáileachán agus margaíocht leabhar. Ag eascairt as an chomhdháil sin, cuireadh próiseas comhairliúcháin poiblí ar bun níos túisce i mbliana chun deis a thabhairt don phobal a dtuairimí a nochtadh maidir le moltaí na comhdhála agus mar ionchur don dréachtstraitéis nua léitheoireachta atá á fhorbairt ag Foras na Gaeilge. Tuigtear dom go dtabharfar deis eile don phobal a dtuairimí faoin dréachtstraitéis seo a thabhairt sa bhliain nua.

Ag tiontú anois go dtí ceist na nuachtán Gaeilge, caithfidh mé a threisiú i dtosach báire gur ceist pholasaí í seo do bhord Fhoras na Gaeilge. Thóg an bord cinneadh ag a chruinniú le gairid go gcuirfear maoiniú ar fáil do nuachtán Gaeilge seachtainiúil a bheidh ar fáil i bhfoirm leictreonach ar líne amháin. Beidh an nuachtán seo ar fáil saor in aisce agus roghnófar an táirgeoir ar feadh ceithre bliana trí chomórtas tairisceana poiblí a reáchtáil.

Tuigtear dom gur bheartaigh bord Fhoras na Gaeilge go mbeidh fócas agus úsáid aon deontais a bheidh ceadaithe teoranta do leagan ar líne a chur ar fáil den nuachtán. Tógadh an cinneadh seo ar an mbonn gurb é sin an bealach is fearr le freastal ar an líon léitheoirí is mó ar an méid airgid phoiblí is lú. Cibé scéal é, tá sé tugtha le fios ag Foras na Gaeilge go bhfáilteoidh siad roimh thuairimí na n-iarratasóirí i leith na ceiste seo nó i leith aon infheistíocht bhreise eile a chuirfeadh iarratasóirí ar fáil, sa bhreis ar dheontas Fhoras na Gaeilge, chun freastal níos mó agus níos sonraithe a dhéanamh ar riachtanais uile phobal léitheoireachta na Gaeilge.

Maidir le cinneadh bhord Fhoras na Gaeilge sa chás seo, tuigtear dom go ndearna coiste ar leith den bhord - an Coiste Nuachtán agus Irisí - go leor taighde agus plé faoi réimse leathan féidearthachtaí roimh thuairisciú don bhord. Mar shampla, scaipeadh ceistneoir chun fáil amach go sonrach cén cineál nuachtáin a bhí de dhíth ó phobal na Gaeilge agus fuarthas breis is 400 aisfhreagra. Cuireadh fócas ghrúpaí le chéile fosta in áiteanna éagsúla ar fud na tíre chun na ceisteanna uilig a chíoradh. Is iad na háiteanna a bhí i gceist ná Baile Átha Cliath, Béal Feirste, Doire, Gaoth Dobhair, An Cheathrú Rua agus Baile Bhúirne.

Ní miste na dúshláin agus na deacrachtaí reatha atá os comhair nuachtáin chlóite sna mórtheangacha ar fud an domhain mhóir a aithint agus ní féidir dearmad a dhéanamh ar thionchar na bhforbairtí teicneolaíochta is deireanaí ar chúrsaí díolacháin agus dáileacháin. Ar an drochuair, tá na dúshláin agus na deacrachtaí seo níos suntasaí fós nuair atá lucht léitheoireachta níos lú i gceist.

É sin ráite, ní miste a aithint go bhfuil feabhas as cuimse tagtha ar na meáin Ghaeilge le tamall anuas. Tá rogha fhairsing ar fáil do phobal na Gaeilge le leithéidí TG4, RTÉ, Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life agus Raidió Fáilte, gan trácht ar Nuacht 24 atá ar fáil ar líne agus i bhfoirm chlóite. Tá fáil ar nuachtáin sheachtainiúla agus mhíosúla ar nós Seachtain agus Saol mar aon le hirisí ar nós Feasta, An t-Ultach,An Sagart agus An Timire. Bíonn ailt rialta sna nuachtáin náisiúnta ar nós an The Irish Times agus an Irish News agus sna nuachtáin áitiúla fosta. Ar ndóigh, tá irisí leictreonacha eile ar fáil, ar nós Beo, Gaelport agus Nós. Mar sin, caithfear a aithint go bhfuil freastal maith á dhéanamh ar lucht léitheoireacht na Gaeilge agus táthar ag obair i dtreo is go mbeidh nuachtán Gaeilge seachtainiúil ar fáil ar líne saor in aisce sar i bhfad.

Mar fhocal scoir, creidim féin go bhfuil sé iontach tábhachtach léitheoireacht sa Ghaeilge a spreagadh agus molaim don phobal an deis a thapú a dtuairimí a léiriú faoi dhréachtstraitéis léitheoireachta Fhoras na Gaeilge sa bhliain úr.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.