Seanad debates

Tuesday, 10 December 2013

Adjournment Matters

Nuachtáin Seachtainiúil Gaeilge

9:55 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit, mo chomhghleacaí as Dún na nGall agus gabhaim buíochas leis as a rún seo a ghlacadh anocht.

Is cosúil go bhfuil fógra ó Fhoras na Gaeilge sna nuachtáin náisiúnta amárach ag lorg iarratais ó dhreamanna a mbeadh spéis acu tabhairt faoi nuachtán seachtainiúil Ghaeilge a fhoilsiú, agus é ráite sa bhfógra gur nuachtán leictreonach ar líne, atá i gceist agus nach bhfuil sé riachtanach leagan clóite a chur ar fáil don nuachtán. Is cosúil gur socraíodh gur nuachtán leictreonach ar líne amháin a bheadh sa nuachtán nua seachtainiúil, le deontas €1.2 milliún thar tréimhse ceithre bliana ar fáil chun sin a dhéanamh.

Níl an socrú seo ag teacht le torthaí ón bpróiséas comhairliúcháin a rith Foras na Gaeilge níos luaithe i mbliana. Léirigh an suirbhé a reachtáil an foras faoin gceist nach raiibh ach 21% ag iarraidh gur foilseachán nuachta leictreonach ar fáil ar líne amháin a bheadh ann. Bhí 51% de na daoine a rinneadh suirbhé orthu ag iarraidh nuachtáin chlóite de chineál éigin agus bhí 24% ag iarraidh meascán den dá rud. Tá sé tábhachtach go mbeadh ar Foras na Gaeilge aird a thabhairt ar mhianta pobal na Gaeilge. Is le freastal ar phobal na Gaeilge atá an Foras ann agus níor cheart an t-airgead poiblí a chaitheamh ar thionscnamh nach bhfuil ach mionlach beag á iarraidh.

Is airgead poiblí é seo agus b'fhéidir go gcuirfí an tAire Stáit an cheis cén fáth go bhfuil mé ag ardú na ceiste seo, ach tá 75% den caiteachas atá ar fáil d'Fhoras na Gaeilge ag teacht ó Roinn an Aire Stáit agus 25% ag teacht ó DCAL, Department of Culture, Arts and Leisure, i dTuaisceart na hÉireann. Tá sé tábhachtach mar sin go mbeidh an t-airgead caite sa dóigh a bheidh in ann an buntáiste is mó a bhaint as an t-airgead sin, go háirithe nuair atá airgead gann.

Níl cúis ar bith nach bhféadfadh an nuachtán seachtainiúil Gaeilge an dá thrá a fhreastal: leagan ar líne do dhaoine ar fearr leo nuachtán a léamh ar líne agus leagan nuachtán clóite, dóibh siúd nach bhfuil, mar shampla, cleachtadh acu ar ríomhairí, nach bhfuil teacht acu ar bhanda leathan sa mbaile agus ar fearr leo, ar chúis amháin nó ar chúis eile, nuachtán a bheith ina lámha seachas ar líne nó ar fáil tríd an ríomhaire nó an iPhone nó mar sin de.

Is fadhb í go ndearna Foras na Gaeilge laghdú ar na buiséid don tionscnamh seo, ó €400,000 go €300,000 in aghaidh na bliana. Más ceist airgid í seo, b'fhiú dul i mbun plé leis an bhforas chun í a phlé. Má ta breis airgid de dhíth, tá sé tábhachtach go mbeidh sé ar fáil. Tá sé ráite ar leathanach 26 den Stráitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, faoin teideal Léamh, Scríobh agus Labhairt, go bhfuil sé "riachtanach go mbeidh rochtain éasca ag an bpobal ar ábhar chlóite i nGaeilge i siopaí nuachtán, i siopaí leabhar agus ar an idirlíon má tá todhchaí le bheith ann do litríocht agus d'iriseoireacht chlóite". Deirtear chomh maith sa stráitéis nach mór modhanna traidisiúnta agus nuálacha a úsáid chun leas a bhaint as na deiseanna atá ann chun an Ghaeilge a léamh agus a scríobh agus í a thabhairt chun cinn agus a fhorbairt. An rud atá i gceist anseo ná nuachtán Ghaeilge ar an Idirlíon amháin. Níl sé sin ag teacht leis an méid atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Le cois sin, níl sé ag dul de réir torthaí an suirbhé a d'eagraigh Foras na Gaeilge níos luaithe i mbliana.

Má tá nuachtán nó foilsiúchán le bheith curtha ar fáil agus má tá an buntáiste is mó nó an léitheoireacht is mó le bheith bainte as an foilsiúcháin sin, caithfear freastal ar ghnáth daoine. Tá go leor daoine ina gcónaí sa Ghaeltacht agus i bpobal na Gaeilge atá níos mó ná dhá scór nó 50 bliain d'aois nach bhfuil siad cleachtaithe le bheith ag úsáid an Idirlín. Bhí nuachtán Gaeilge Gaeltachta i gcónaí ann, le 40 bliain anuas, agus má chuirtear deireadh leis anois, táthar ag cur deiridh leis an seirbhís seo do na daoine seo. Tiocfaidh linn an dá thrá a fhreastal - é a bheith ar an Idirlíon agus nuachtán traidisiúnta a chur i gcló. Chomh maith le sin, tiocfaidh linn freastal chan amháin ar na daoine atá ina gcónaí sa tír seo a bhfuil Gaeilge acu, taobh amuigh nó taobh istigh den Ghaeltacht, ach ar na daoine go léir atá thar lear fosta, go leor acu san Astráil, i gCeanada, sna Stáit Aontaithe, Sasana, Albain agus áiteanna eile. Bheadh siadsan in ann an nuachtán ar an Idirlíon a úsáid chomh maith.

Níl a fhios agam an bhfuil aon deascéal ag an Aire Stáit dom anocht. Tá se tábhachtach an cheist seo a ardú agus a phlé mar go bhfuil an t-airgead atá i gceist anseo atá ag teacht ón cáiníocóir sa Tuaisceart agus sa Deisceart.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.