Seanad debates

Wednesday, 20 November 2013

3:30 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Tá mé an-bhuíoch gur tháinig sé anseo. Táimid ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn ar gach leibhéal - ag an leibhéal áitiúil, ag leibhéal an Stát agus ag an leibhéal Eorpach. Mar is eol dúinn, tá maolú i bhfeidhm i leith na Gaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh i láthair na huaire. Bhí sé curtha i dtoll a chéile i dtosach báire sa bhliain 2004 go dtabharfaí stádas faoi leith don Ghaeilge ag leibhéal an AE. Bhí muid ar fad an-dearfach faoi sin agus cheap muid gur céim an-láidir chun cinn a bhí ann.

Ag an am sin, mar gheall go raibh deacrachtaí ann ó thaobh líon na n-aistritheoirí agus ateangairí, srl., a bhí ar fáil lena leithéid de sheirbhís a sholáthar, tugadh maolú faoi leith nach gcaitheadh an rud ar fad a chur i bhfeidhm. Sa bhliain 2010, de réir mar a thuigim, cuireadh an maolú i bhfeidhm é ar feadh roinnt blianta eile. Ciallaíonn sé sin go bhfuil athbhreithniú le déanamh ar an gcinneadh sin i láthair na huaire. Go bunúsach, tá deis ann, agus an Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an AE, 183 nó 184 post a chur ar fáil do dhaoine a bheadh ag obair sa Choimisiún agus sa Pharlaimint thall ansin ag déanamh ateangaireacht, ag aistriú cáipéisí agus ag déanamh cinnte de go bhfuil an leibhéal céanna seirbhíse á thabhairt don Ghaeilge is atá á thabhairt do gach teanga oifigiúil eile. Níl sé sin á chur i bhfeidhm againn de bharr an maolaithe seo, a d'iarr Rialtas na hÉireann.

Caithfear cinneadh a dhéanamh go luath, i ndáiríre, an bhfuilimid ag lorg an maolú sin a choimeád don chéad tréimhse eile. Tá súil agam go n-inseoidh an tAire Stáit dúinn anocht nach bhfuil sé sin amhlaidh, go bhfuil gach rud faoi réir agus go ndéanfaidh Comhairle an AE cinneadh maidir leis an maolú seo roimh dheireadh na bliana 2015, tar éis an athbhreithnithe fhoirmiúil. De réir mar a thuigim, caithfidh an Rialtas cur in iúl don AE go bhfuil an tír seo ag iarraidh go mbainfear an maolú seo amach ionas go dtarlóidh sé sin. Tá a fhios againn go maith go n-oibríonn an Coimisiún agus na hinstitiúidí eile go mall ó thaobh próiseas earcaíochta a eagrú agus postanna a chur ar fáil, srl. Tá súil agam go bhféadfaí an 180 nó 190 post a bheadh ar fáil do lucht na Gaeilge a fhógairt, ach tá sé ag brath ar an Rialtas a leithéid a lorg. Ní foláir go mbeadh an t-iarratas sin á chur go dtí an Coimisiún. Iarraim ar an Rialtas cur in iúl don Choimisiún go luath - roimh dheireadh na bliana seo nó ag tús na bliana seo chugainn - go bhfuil sibh faoi réir.

Is minic a mbíonn muid ag caitheamh anuas ar an Rialtas deireanach, ach tuigim go ndearna siad infheistíocht mhór sa chomhthéacs seo. De réir mar a thuigim, tá infheistíocht de bhreis is €8 milliún curtha ar fáil chun cúrsaí a sholáthar dóibh siúd a bheadh ag déanamh ateangaireacht agus aistriúcháin, ionas go mbeadh an cumas sin aitheanta. De réir mar a thuigim, roimh dheireadh na bliana 2012, bhí 243 duine cáilithe sna cúrsaí seo agus aitheantas dá réir tugtha dóibh. De réir eolas atá curtha ar fáil dom, tá 157 aistritheoir creidiúnaithe don earnáil phoiblí ar phainéal Fhoras na Gaeilge, mar shampla. Beidh scrúdú eile i gcóir an lucht creidiúnaithe sin an mhí seo chugainn.

Tá deis ann sa chomhthéacs seo. Nílimid ag iarraidh aon duine ón tír seo a chur anonn go dtí an Bhruiséil nó go Strasbourg. Tá deis anseo 183 nó 184 post ardleibhéil a chur ar fáil roimh dheireadh na bliana 2016, ach gníomh dearfach a ghlacadh. Is é sin an fáth go bhfuil an cheist seo curtha agam tráthnóna. De réir mar a thuigim, titeann an cúram go hoifigiúil nó go foirmeálta ar Roinn an Taoisigh an rud seo a lorg. Sílim gur iarr an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála roimhe seo go gcuirfí an maolú i bhfeidhm. B'fhéidir go bhfuil an tAire Stáit ag féachaint ar an gceist ar son an Rialtais. Tá súil agam go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas an maolú seo a tharraingt siar ionas go mbeimid in ann stádas iomlán a bhaint amach don Ghaeilge ag leibhéal an AE agus na postanna ríthábhachtacha seo a chur ar fáil.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is mian liom buíochas a ghabháil leis an Seanadóir Ó Clochartaigh as an ábhar seo a ardú ar an Athló tráthnóna. Fáiltím roimh an deis soiléiriú a thabhairt faoina bhfuil ar siúl ag an Rialtas faoi láthair maidir leis an cheist thábhachtach seo. Bhain an Ghaeilge aitheantas amach mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh ar an 1 Eanáir 2007. Bhí feidhm ag an gcéad mhaolú maidir le húsáid na Gaeilge in institiúidí an AE ar feadh cúig bliana, ón 1 Eanáir 2007 go 31 Nollaig 2011. Cuireadh síneadh cúig bliana eile leis sin ón 1 Eanáir 2012 go 31 Nollaig 2016. Is maolú é seo d'institiúidí an AE ón dualgas gach téacs dlíthiúil a aistriú go Gaeilge. Faoi théarmaí an mhaolaithe, ní gá ach dlíthe an AE a dhéantar faoi nós imeachta na comhchinnteoireachta a aistriú go Gaeilge. Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin ar an 1 Nollaig 2009, is é nós imeachta na comhchinnteoireachta an gnáth-nós anois, seachas an eisceacht, i reachtóireacht an AE. Mar thoradh air sin, tá méadú mór tagtha ar líon na ndlíthe AE is gá a aistriú go Gaeilge.

Éilíonn an maolú féin go ndéanfaí cinneadh faoi mhí na Nollag 2015 ar a dhéanaí maidir le síneadh a chur leis an maolú ar feadh cúig bliana eile, nó gan sin a dhéanamh. Tá sé curtha in iúl ag institiúidí an AE, áfach, go mbeadh sé inmholta go mbeadh cinneadh ar fáil ón Rialtas faoi dheireadh 2014 ar a dhéanaí, chun cibé pleanáil a theastóidh do riachtanais ar bith earcaíochta a chur sa treis. Agus an spriocdháta sin curtha san áireamh, tá comhráite ar bun le roinnt míonna anuas idir oifigigh mo Roinne agus páirtithe leasmhara éagsúla, institiúidí an AE ina measc, chun moltaí sonracha a cheapadh maidir leis an gcur chuige is fearr don todhchaí. Mar ghné lárnach de mholtaí ar bith maidir leis an maolú a bhaint, tá an fháil a bheadh ar dhaoine a mbeadh na scileanna riachtanacha acu chun dul i mbun poist in institiúidí an AE, chomh maith le giniúint téarmaí i gcomhréir a n-úsáide in aistriú cáipéisí oifigiúla.

Sa chomhthéacs sin, mar atá ráite ag an Seanadóir, tá dhá thionscnamh maoinithe ag mo Roinn le roinnt blianta anuas: an tionscnamh InterActive Terminology for Europe agus an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge. Cuireann mo Roinn maoiniú ar fáil do Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath chun téarmaí Gaeilge a aistriú do bhunachar sonraí téarmaíochta an AE, ar a dtugtar InterActive Terminology for Europe. Chuimsigh an maoiniú ó mo Roinn do Fiontar don tionscnamh seo ón bhliain 2007 go dtí an bhliain 2012 os cionn €1.85 milliún. Ina theannta sin, tá maoiniú ceadaithe do leanúint an tionscnaimh seo in 2013 agus in 2014. Tá os cionn 50,000 téarma Gaeilge curtha ar fáil ag Fiontar do InterActive Terminology for Europe, a chuimsíonn 9 milliún téarma i 23 teanga oifigiúla an AE. As an 23 teanga oifigiúla, tá an Ghaeilge anois ar an 14ú teanga is mó sa bhunachar sonraí téarmaíochta seo.

Bunaíodh an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge in 2006 mar fhreagra ar an riachtanas sainaitheanta go méadófaí líon na gcéimithe le scileanna i réimsí sonracha i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus an Ghaeilge ina teanga oifigiúil de chuid an AE. Tá soláthar daoine cáilithe le scileanna Gaeilge chun freastal ar riachtanais earcaíochta á bhaint amach tríd an tionscnamh seo. Faoin tionscnamh seo, cuireann mo Roinn maoiniú ar fáil do sainchúrsaí Gaeilge tríú leibhéal in Éirinn i réimsí ar nós aistriúchán, ateangaireacht, teicneolaíocht faisnéise agus dlí. Tá an ciste á riar ag an Roinn i gcomhar leis an Údarás um Ard-Oideachas. Tá os cionn €11 milliún caite ar an tionscnamh seo go dáta.

Maidir le comhthéacs fostaíochta san AE i gcoitinne, ní miste dom a rá go n-aithníonn an Rialtas an tábhacht straitéiseach do leas na hÉireann a bhaineann le fostaíocht do shaoránaigh na hÉireann i bpoist san AE, poist atá Gaeilge-lárnaithe san áireamh. I samhradh 2013, cheadaigh an Rialtas socruithe nua atá dírithe ar fáil réidh le dídhreasuithe do Ranna Stáit chun oifigigh a chur ag obair san AE mar shaineolaithe náisiúnta ar iasacht. Is aitheantas iad na socruithe nua seo ar a thábhachtaí agus atá sé go bhfaighidh oifigigh ón tír seo an deis oibriú i réimsí polasaí laistigh d'institiúidí an AE. Ó tharla go n-aistríonn daoine a bhíonn ag obair i bpoist teanga - go háirithe iad sin atá ag obair mar dhlí-theangeolaithe - go réimsí polasaí AE go minic, ní féidir béim sách mór a chur ar an tábhacht a bhaineann le líonadh na bpost seo do straitéis fhoriomlán an Rialtais maidir le láithreacht na hÉireann san AE a mhéadú.

Luaitear sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge go n-oibreoidh an Rialtas "chun na himthosca a chruthú ina mbeidh go leor céimithe cáilithe ar fáil le freastal ar riachtanais earcaíochta an AE le go bhféadfar deireadh a chur leis an maolú sin le linn ré na Straitéise seo". Is léir ón méid atá ráite agam tráthnóna go bhfuil plé leanúnach gníomhach ar siúl ag mo Roinn agus na páirtithe leasmhara ábhartha maidir le ceist an mhaolaithe. Tá moltaí sonracha maidir leis an gcur chuige is fearr don todhchaí á n-ullmhú faoi láthair. Tá sé i gceist na moltaí sin a chur faoi bhráid an chéad chruinniú eile den choiste Rialtais ar an nGaeilge agus an Ghaeltacht, a thionólfar go luath sa bhliain úr.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé soiléir ón méid a dúirt mé agus ós na figiúirí a thug an tAire Stáit go bhfuil sé bliana ullmhúcháin déanta don rud seo agus go bhfuil cúpla céad duine traenáilte sna réimsí seo. Tá tíortha cosúil le Málta, atá i bhfad níos lú ná muidne agus a bhfuil acmhainní níos lú acu, ábalta feidhm iomlán a thabhairt dá teangacha ag leibhéal an AE. Tá an freagra a thug an tAire Stáit doiléir go leor, dar liom. Mar Aire Stáit na Gaeltachta, atá freagrach as an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, ar mhiste leis a rá liom go neamhbhalbh go gcuirfidh sé comhairle ar an Taoiseach le haghaidh an chruinnithe a bheidh ag an gcoiste Rialtas tar éis na Nollag gur chóir deireadh a chur leis an maolú seo? Ba cheart brú ar aghaidh le stádas iomlán a bhaint amach don Ghaeilge ag leibhéal an AE.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar atá ráite agam, tuigim mar Aire Stáit an tábhacht a bhaineann leis an ngné seo. Aithníonn an Rialtas é sin freisin. Mar a dúirt mé, tá infheistiocht á cur ar fáil againn do Fiontar ionas go mbeidh daoine in ann na cáilíochtaí cuí a bhaint amach. Dúirt mé freisin go bhfuil comhráití leanúnacha ar siúl idir muid féin agus na páirtithe leasmhara. Is cinnte go n-aithním, chomh fada agus a bhaineann sé liom féin go pearsanta, agus go n-aithníonn an Rialtas an tábhacht a bhaineann leis an ábhar seo. Tá go dtí deireadh na bliana seo chugainn againn le cinneadh iomlán a dhéanamh. Tá mé cinnte agus dóchasach go mbeidh sé déanta i bhfad roimhe sin.