Seanad debates

Wednesday, 10 July 2013

Adjournment Matters

Medical Aids and Appliances Provision

10:45 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat as ucht do fhoighne agus beagáinín moille a bheith orm anseo agus tá mé an-bhuíoch don Aire Stáit as ucht a bheith anseo chomh deireanach seo san oíche leis an gceist seo a phlé. Táim ag ardú ceiste maidir le teicneolaíocht a bhaineann le daoine a bhfuil fadhbanna acu ó thaobh sruth na fola sna cosa. Tá cuid mhaith taighde déanta ag dochtúir i nGaillimh darb ainm Sherif Sultan san ábhar seo agus go bunúsach le scéal fada a dhéanamh gearr tá sé tagtha ar theicneolaíocht atá á úsáid ag NASA teicneolaíocht den chéad scoth atá nua sa tír seo agus tá sé ceannródaíoch san obair seo. Go bunúsach daoine a bhfuil cineáil fadhbanna acu ó thaobh sruth na fola sna cosa in san bealach traidisiúnta s’éard a tharlaíonn sa gcás sin ná mura féidir é a leigheas tagann gangrene ar na cosa agus bíonn ar an dochtúir seo go minic na cosa a bhaint de dhaoine mar gheall ar chomh dona is a bhíonn siad.

Anois, bíonn costas ollmhór ag baint lena leithead d’obráid. Tá gan dabht ar bith sé uafásach don othair an té atá ag cailliúint a chois mar ciallaíonn sé go mbeidh an saol athraithe go hiomlán acu agus níl an fad saoil atá acu an-mhaith. Ní mhaireann siad i bhfad tar éis na hobráide seo go hiondúil, de réir na staitisticí. Tá an teicneolaíocht nua seo tugtha isteach agus is léir is cineáil pump atá i gceist is giorra é gur féidir é a thabhairt abhaile leis an othair. Go bunúsach cuirtear pump ar a chuid cosa cúpla uair sa ló ar feadh trí nó ceithre seachtainí agus cuireann sé an sruth fola ag imeacht arís agus tá leigheas á fheiceáil ar an scéal. Ciallaíonn sé i gcuid mhaith de na cásanna go gcoinníonn an othair a chos nó a cos, ní bhíonn gá iad a thabhairt isteach san ospidéal, ní bhíonn gá a gcos a bhaint dóibh, ní bhíonn gá athchóiriú a dhéanamh ar an teach atá acu ina dhiaidh sin. Ní bhíonn gá iad a chur i gcathaoir rotha nó ar maidí croise, dá bhrí sin tá sábháil ollmhór i gceist gan trácht ar an feabhas atá ann ó thaobh an athair dhe ó thaobh caighdeán saoil agus mar sin de.

Bhí tacaíocht á fháil ag an cóir leighis seo ón HSE ach de bharr ciorraithe buiséid stopadh ag tabhairt an airgid seo, ní raibh an cóir leighis seo a chur ar fáil tríd an HSE i réigiún an iarthair. Nuair a d’fhiosraigh muid an scéal seo dúradh linn nach raibh dóthain eolaíocht ann chun cruthú go raibh an córas seo ag oibriú agus an toradh a bhí ar sin le scéal fada a dhéanamh gearr ná gut chuir an HSE deireadh le úsáid na seirbhíse seo ar fud na hÉireann do dtí do ndéanadh HIQA tuarascáil faoi. Ach, tá an tuarascáil sin foilsithe ag HIQA anois agus is i mBéarla atá an rud agus na píosaí dar liomsa is suntasaí faoin rud seo ná deireann siad, "no serious adverse events related to the use of IPC were reported", seo an gcóras seo nó an teicneolaíocht seo. "Among the less serious complications were pain and skin irritation associated with compression," deir siad, "from the limited data that is available intermittent pneumatic compression appears to be a potentially beneficial treatment for people at risk of amputation who are not candidates for revascularisation but more research is needed to confirm this."

Dá bhrí sin séard atá HIQA ag rá ná ón méid atá le feiceáil oibríonn an córas seo ní fheiceann siad aon míbhuntáiste ag baint leis ach ba cheart go ndéanfaí níos mó staidéir agus eolaíocht a bhailiú. Díreach ó thaobh an eolaíocht atá bailithe agus an staidéar atá déanta ag an Dr. Sultan faoin rud seo nuair a bhí sé ag breathnú ar 171 othar a bhí faoin a chóras féin bhí sé den tuairim, ag úsáid an córas nua seo go gcosnódh sé €681,000 na daoine seo a leigheas. Ach, dá dtiocfaí an bóthar an ospidéil agus na amputations go gcosnódh sé ar an stáit €2.236 milliún. Mar sin is léir más féidir an córas seo a úsáid go bhfuil go leor leor buntáistí ag baint leis agus an cheist atá mé ag ardú anocht a Aire ná i gcomhthéacs an tuairisce atá déanta ag HIQA, i gcomhthéacs an eolais atá ar fáil, an bhfuil an tAire sásta anois treoir a thabhairt don HSE cead a thabhairt an trealamh artisis seo a úsáid ar fud na 26 contae le tacú leis na hothair agus le tacú leis na hospidéil agus le airgead a shábháil don Stát.

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé ag tógaint an díospóireacht seo thar cheann an Aire Sláinte agus glacaim buíochas leis an Seanadóir Ó Clochartaigh as ucht an rúin seo a chur faoi bhráid am tSeanaid.

Mar is eol duit, an buiséad 2013 tá sé an-thábhachtach go mbeadh an méid airgid agus is féidir a bheith againn chun na cúrsaí, tá mé ag déanamh translation anseo, sláinte a rith chomh maith agus is féidir linn agus an méid airgid atá i mbliana ag an HSE tá €13.404 billiún acu. Tá fás ansin de €71.5 milliún ón bliain 2012 ach tá brú uafásach mar is eol dúinn go léir ar chúrsaí sláinte. Agus an cheist díreach a chur tú os mo chomhair gur féidir le daoine áitiúla rudaí a cheannach más mian leo, for the use of goods in local integrated service areas. This is referred to in the HSE as local schemes. The device in question would fall within this category.

The HSE has responsibility for the delivery of services set out in these regional plans and to ensure that services are delivered within budget. As such ní cheart don Aire deireann sé anseo díriú a dhéanamh ar conas mar a chaitear an caiteachas sin, cad is féidir a cheannach.

The Senator may be aware that the provision of ArtAssist pumps in Galway-Roscommon was discontinued pending the outcome of a review. The Health Information and Quality Authority conducted a health technology assessment of intermittent pneumatic compression, IPC, for severe peripheral arterial disease at the request of the HSE. As the Senator said this was published on 26 June 2013. Arising from the findings of the HTA, HIQA's advice to the HSE was that, despite some promising results on the effect of IPC in people with severe peripheral vascular disease, who are not suitable for revascularisation, further high-quality studies are required to reliably demonstrate its effectiveness. It also advised that until such evidence is generated in the context of well-designed research studies, the efficacy of this treatment remains unproven.

Within the Irish health care system there has been limited use of IPC. Following the publication of this HTA report there will be engagement and discussion with prescribing clinicians regarding its findings. Is féidir liom na tuairimí a nochtadh anseo a chur faoi bhráid an Aire.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat, just go tapaidh a Aire Stáit táim an-bhuíoch díot faoi sin. Ba mhaith liom a chur in iúl do Aire Sláinte gur chóir breathnú ar an gceist seo ar nós mar a bhreathnaítear ar an tástáil drugaí a dhéantar le haghaidh ailse. Is féidir linne a bheith ceannródaíoch sa rud seo. Tá gá le tuilleadh eolais a bhailiú ach cén fáth nach mbeadh muid chun tosaigh sa cheist sin ag úsáid an trealaimh nach bhfuil aon míbhuntáiste le feiceáil ag baint leis agus an t-eolas a bhailiú de réir mar atá muid á úsáid. Mar a dhéantar le cuid de na drugaí ailse go mbíonn an tástáil ar bun fad is go mbíonn an rud triallach seo á úsáid mar is léir go bhfuil buntáistí móra ag baint leis. Agus an pointe is láidre de réir Sherif Sultan sábhálfaidh sé trí ceathrú cuid den bhuiséad a bhíonn i gceist le cos a bhaint de dhuine, so beidh an stát ag sábháil airgid as an trealamh seo a úsáid.

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhuel, mar a dúirt mé tá an-sásta do thuairimí a nochtadh don Aire Sláinte agus tuigim na pointí atá déanta agat agus tá sé ráite san ráiteas ansin níl dabht ná go ndéanfaidh sé maitheas do dhaoine áitrithe ach go háirithe, ach caithfear níos mó eolais a chur faoi bhráid na n-othar sin, do na dochtúirí agus beidh an díospóireacht sin ar siúl. Go raibh maith agat.