Seanad debates
Wednesday, 10 July 2013
Adjournment Matters
Medical Aids and Appliances Provision
10:45 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source
Go raibh maith agat, just go tapaidh a Aire Stáit táim an-bhuíoch díot faoi sin. Ba mhaith liom a chur in iúl do Aire Sláinte gur chóir breathnú ar an gceist seo ar nós mar a bhreathnaítear ar an tástáil drugaí a dhéantar le haghaidh ailse. Is féidir linne a bheith ceannródaíoch sa rud seo. Tá gá le tuilleadh eolais a bhailiú ach cén fáth nach mbeadh muid chun tosaigh sa cheist sin ag úsáid an trealaimh nach bhfuil aon míbhuntáiste le feiceáil ag baint leis agus an t-eolas a bhailiú de réir mar atá muid á úsáid. Mar a dhéantar le cuid de na drugaí ailse go mbíonn an tástáil ar bun fad is go mbíonn an rud triallach seo á úsáid mar is léir go bhfuil buntáistí móra ag baint leis. Agus an pointe is láidre de réir Sherif Sultan sábhálfaidh sé trí ceathrú cuid den bhuiséad a bhíonn i gceist le cos a bhaint de dhuine, so beidh an stát ag sábháil airgid as an trealamh seo a úsáid.
No comments