Seanad debates
Wednesday, 10 July 2013
Adjournment Matters
Medical Aids and Appliances Provision
10:45 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source
Go raibh maith agat as ucht do fhoighne agus beagáinín moille a bheith orm anseo agus tá mé an-bhuíoch don Aire Stáit as ucht a bheith anseo chomh deireanach seo san oíche leis an gceist seo a phlé. Táim ag ardú ceiste maidir le teicneolaíocht a bhaineann le daoine a bhfuil fadhbanna acu ó thaobh sruth na fola sna cosa. Tá cuid mhaith taighde déanta ag dochtúir i nGaillimh darb ainm Sherif Sultan san ábhar seo agus go bunúsach le scéal fada a dhéanamh gearr tá sé tagtha ar theicneolaíocht atá á úsáid ag NASA teicneolaíocht den chéad scoth atá nua sa tír seo agus tá sé ceannródaíoch san obair seo. Go bunúsach daoine a bhfuil cineáil fadhbanna acu ó thaobh sruth na fola sna cosa in san bealach traidisiúnta s’éard a tharlaíonn sa gcás sin ná mura féidir é a leigheas tagann gangrene ar na cosa agus bíonn ar an dochtúir seo go minic na cosa a bhaint de dhaoine mar gheall ar chomh dona is a bhíonn siad.
Anois, bíonn costas ollmhór ag baint lena leithead d’obráid. Tá gan dabht ar bith sé uafásach don othair an té atá ag cailliúint a chois mar ciallaíonn sé go mbeidh an saol athraithe go hiomlán acu agus níl an fad saoil atá acu an-mhaith. Ní mhaireann siad i bhfad tar éis na hobráide seo go hiondúil, de réir na staitisticí. Tá an teicneolaíocht nua seo tugtha isteach agus is léir is cineáil pump atá i gceist is giorra é gur féidir é a thabhairt abhaile leis an othair. Go bunúsach cuirtear pump ar a chuid cosa cúpla uair sa ló ar feadh trí nó ceithre seachtainí agus cuireann sé an sruth fola ag imeacht arís agus tá leigheas á fheiceáil ar an scéal. Ciallaíonn sé i gcuid mhaith de na cásanna go gcoinníonn an othair a chos nó a cos, ní bhíonn gá iad a thabhairt isteach san ospidéal, ní bhíonn gá a gcos a bhaint dóibh, ní bhíonn gá athchóiriú a dhéanamh ar an teach atá acu ina dhiaidh sin. Ní bhíonn gá iad a chur i gcathaoir rotha nó ar maidí croise, dá bhrí sin tá sábháil ollmhór i gceist gan trácht ar an feabhas atá ann ó thaobh an athair dhe ó thaobh caighdeán saoil agus mar sin de.
Bhí tacaíocht á fháil ag an cóir leighis seo ón HSE ach de bharr ciorraithe buiséid stopadh ag tabhairt an airgid seo, ní raibh an cóir leighis seo a chur ar fáil tríd an HSE i réigiún an iarthair. Nuair a d’fhiosraigh muid an scéal seo dúradh linn nach raibh dóthain eolaíocht ann chun cruthú go raibh an córas seo ag oibriú agus an toradh a bhí ar sin le scéal fada a dhéanamh gearr ná gut chuir an HSE deireadh le úsáid na seirbhíse seo ar fud na hÉireann do dtí do ndéanadh HIQA tuarascáil faoi. Ach, tá an tuarascáil sin foilsithe ag HIQA anois agus is i mBéarla atá an rud agus na píosaí dar liomsa is suntasaí faoin rud seo ná deireann siad, "no serious adverse events related to the use of IPC were reported", seo an gcóras seo nó an teicneolaíocht seo. "Among the less serious complications were pain and skin irritation associated with compression," deir siad, "from the limited data that is available intermittent pneumatic compression appears to be a potentially beneficial treatment for people at risk of amputation who are not candidates for revascularisation but more research is needed to confirm this."
Dá bhrí sin séard atá HIQA ag rá ná ón méid atá le feiceáil oibríonn an córas seo ní fheiceann siad aon míbhuntáiste ag baint leis ach ba cheart go ndéanfaí níos mó staidéir agus eolaíocht a bhailiú. Díreach ó thaobh an eolaíocht atá bailithe agus an staidéar atá déanta ag an Dr. Sultan faoin rud seo nuair a bhí sé ag breathnú ar 171 othar a bhí faoin a chóras féin bhí sé den tuairim, ag úsáid an córas nua seo go gcosnódh sé €681,000 na daoine seo a leigheas. Ach, dá dtiocfaí an bóthar an ospidéil agus na amputations go gcosnódh sé ar an stáit €2.236 milliún. Mar sin is léir más féidir an córas seo a úsáid go bhfuil go leor leor buntáistí ag baint leis agus an cheist atá mé ag ardú anocht a Aire ná i gcomhthéacs an tuairisce atá déanta ag HIQA, i gcomhthéacs an eolais atá ar fáil, an bhfuil an tAire sásta anois treoir a thabhairt don HSE cead a thabhairt an trealamh artisis seo a úsáid ar fud na 26 contae le tacú leis na hothair agus le tacú leis na hospidéil agus le airgead a shábháil don Stát.
No comments