Seanad debates

Thursday, 20 June 2013

Adjournment Matters

Acht na dTeangacha Oifigiúla

3:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim thar a bheith buíoch den Aire Stáit as ucht teacht isteach ar an gceist thábhachtach seo tráthnóna. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla againn le riar maith blianta agus tá an Coimisinéir Teanga i bhfeidhm sa Stát agus ag déanamh togha na hoibre, agus na daoine atá ag obair san oifig leis. Tá dul chun cinn suntasach déanta ó tugadh an t-aitheantas oifigiúil sin don teanga ó thaobh reachtaíocht Stáit de. Tá sé fógartha ag an Aire Stáit go bhfuil sé chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Acht, agus táimid ag fanacht tréimhse fhada anois i ndáiríre leis an athbhreithniú céanna - mí Eanáir 2012 a cuireadh deireadh leis an bpróiseas comhairliúcháin a bhí ann maidir leis an Acht. Tuigtear dom go bhfuair an Roinn thart ar 1,400 suirbhé isteach mar chuid den phróiseas sin agus riar maith aighneachtaí a bhaineann leis an bpróiseas comhairliúcháin. Táim ag déanamh fíor-iontais. Ní dóigh liom go raibh a leithéid de chomhairliúchán poiblí ann nuair nár foilsíodh na torthaí chomh fada seo tar éis don chomhairliúchán a bheith thart. Cén fáth nach bhfuil sin tarlaithe?

Tá sé fíor-thábhachtach sula gcuirfear reachtaíocht nua i bhfeidhm go dtógfar tuairimí an phobail ar bord mar ní fiú bheith ag iarraidh tuairimí an phobail mura bhfuil an tAire Stáit chun aird a thabhairt orthu. Shílfeadh duine go mbeadh go bhfoilseofaí an Rialtas na torthaí sa phróiseas comhairliúcháin sin, na haighneachtaí a bhfuarthas agus an scag a rinne an Roinn mar bhunús don reachtaíocht nua seo atá le cur i bhfeidhm.

Tá daoine eile amuigh ansin atá níos ciniciúla ná mé féin a déarfadh gurb é an fáth nach bhfuil an Rialtas ag foilsiú na dtorthaí ná nach maith leis na torthaí sin a tháinig isteach. Daoine eile a bheadh ciniciúil a déarfadh gur mí-éifeacht atá sa Roinn. Ní déarfainn féin sin ach sin an rud atá daoine a rá liom amuigh i measc phobal na Gaeilge, go bhfuil fíor-iontas orthu nach bhfuil na rudaí seo tagtha chun cinn. Is dócha go bhfuil míshástacht orthu chomh maith céanna maidir leis an gcaoi go bhfuil an Roinn faoi láthair ag feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá a fhios againn go maith go gcuireann Acht na dTeangacha Oifigiúla dualgas ar gach Roinn Stáit, eagras Stáit agus comhlacht poiblí scéim teanga a chur i bhfeidhm a chuireann in iúl cad a dhéanfaidh siad maidir le cur chun cinn na Gaeilge de réir forálacha an Achta.

De réir mar a thuigim, tá 75% de na scéimeanna sin in éag faoi láthair. Tá os cionn 100 de na scéimeanna suite ar deasc sa Roinn ag fanacht le daingniú. Ní léiríonn sin dom go bhfuil an tAire Stáit chomh diongbháilte sin ó thaobh chur i bhfeidhm an Achta. Tá múinín á dháileadh ag daoine san Aire Stáit mar Aire Stáit ó thaobh chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla agus go bhfuil an-mhíshástacht ann faoi sin. Sin an fáth gur chuir mé an cheist seo síos. Bliain ó mhí Eanáir seo caite, bhí deireadh leis an bpróiseas comhairliúcháin, fuair an tAire Stáit na haighneachtaí, dúirt sé sna Tithe seo níos túisce i mbliain go raibh sé i gceist aige cinn Bhille a fhoilsiú i mbliana agus roimh go bhfoilseofaí an t-athbhreithniú sin. Tá sé thar am go dtiocfaidh sin chun cinn, tá sé thar am go mbeadh plé iomlán sna Tithe seo ar chur i bhfeidhm an Achta. Bheinn ag súil, agus cuireadh cuid mhaith aighneachtaí isteach ón phobal, daoine a bhí ag iarraidh go láidreofaí an tAcht agus go gcuirfí leis seachas lagú a dhéanamh ar na forálacha.

Tá súil agam go bhfuil dea-scéal ag an Aire Stáit dúinn anocht agus go gcuirfidh sé in iúl dúinn faoi dheireadh thiar thall cathain go bhfuil sé i gceist aige na torthaí seo a fhoilsiú bliain go leith tar éis don obair a bheith faighte aige. Is féidir linn ansin dul i mbun díospóireachta agus an tAcht a athdhréachtú i gcomhair lena chéile go ndéanfar cinnte go gcuirfear an Ghaeilge san áit a ba cheart di bheith ann sa reachtaíocht.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fáiltím roimh an deis labhairt sa Teach inniu maidir leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun mo bhuíochas a chur in iúl do Bhaill an Tí seo mar gheall ar an spéis atá léirithe acu san ábhar seo.

Siníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí ar 14 Iúil 2003. Is é príomhaidhm an Achta a chinntiú go gcuirtear feabhas ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Ainneoin stádas bunreachtúil na Gaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil an Stáit, cuireann an tAcht creat reachtúil ar fáil den chéad uair do sholáthar seirbhísí i nGaeilge ag comhlachtaí poiblí.

Déantar foráil san Acht do sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge ar thrí bhealach: trí fhorálacha an Achta atá infheidhme maidir le gach comhlacht poiblí faoin Acht; trí rialacháin a dhéanann an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá infheidhme freisin maidir le gach comhlacht poiblí faoin Acht; agus trí scéimeanna teanga, a aontaítear le gach comhlacht poiblí ar leith agus a fhorálann do mhéadú de réir a chéile ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí a chuireann an comhlacht poiblí sin ar fáil trí Ghaeilge.

Cinntíonn an tAcht freisin go gcuirtear ar fáil bunchearta tábhachtacha teanga maidir le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla sna cúirteanna agus i dTithe an Oireachtais. Tugann sé bunús reachtúil do logainmneacha oifigiúla an Stáit agus cuireann sé córas i bhfeidhm le monatóireacht a dhéanamh ar ghéilliúlacht na n-eagras Stáit don reachtaíocht agus córas le gearáin faoi sháruithe ar dhualgais reachtúla teanga a fhiosrú agus a réiteach.

Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga faoin Acht sa bhliain 2004. Is iad príomhfheidhmeanna na hoifige sin monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil forálacha an Achta á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí, agus bearta riachtanacha a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí a ndualgais faoin Acht. Tá ról tábhachtach ag Oifig an Choimisinéara Teanga maidir le comhairle agus cúnamh a sholáthar do chomhlachtaí poiblí agus don phobal i gcoitinne maidir le feidhmiú fhorálacha éagsúla an Achta.

Ar ndóigh, tá an Coimisinéir Teanga neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid feidhmeanna. Mar atá a fhios ag an Teach, thóg an Rialtas cinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman, mar chuid de réimse gníomhartha athchóirithe faoi phlean athchóirithe an Rialtais don tseirbhís phoiblí a foilsíodh i mí na Samhna 2011. Déanfar an cinneadh sin a chur i gcrích i gcomhthéacs na leasuithe reachtúla ar an Acht atá á mbeartú. Sa chomhthéacs seo, ní miste dom a threisiú arís go leanfaidh Coimisinéir Teanga, a bheidh ceaptha go reachtúil agus a bheidh lonnaithe sa Ghaeltacht, ag feidhmiú cumhachtaí reatha an Choimisinéara Teanga go neamhspleách faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. D'eascair an t-athbhreithniú ar an Acht as an ngealltanas seo a leanas a tugadh i gclár an Rialtais:


Déanfaimid athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla chun a chinntiú go mbainfear an leas is fearr as caiteachas ar an teanga chun an teanga a fhorbairt agus chun a chinntiú go bhforchuirtear dualgais go cuí de réir éilimh ó shaoránaigh.
Ba iad aidhmeanna an athbhreithnithe dá réir, a chinntiú gur meicníocht éifeachtach é an tAcht a thacaíonn le forbairt na Gaeilge ar bhealach atá éifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh costais de agus go bhfuil na dualgais a eascraíonn ón Acht cuí chun soláthar sásúil seirbhísí trí Ghaeilge ag comhlachtaí poiblí a chinntiú, de réir an éilimh atá orthu ón bpobal. Mar chuid den athbhreithniú, glacadh comhairle le príomhpháirtithe leasmhara éagsúla lena n-áirítear Oifig an Choimisinéara Teanga, Ranna Rialtais, eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta agus an pobal i gcoitinne. Mar atá curtha in iúl agam cheana don Oireachtas, fuarthas os cionn 1,400 freagra ar shuirbhé agus 262 aighneacht le linn an phróisis chomhairligh.

Beidh a fhios ag an Seanadóir ó chlár reachtaíochta an Rialtais, go bhfuil sé beartaithe Bille a fhoilsiú i mbliana ina ndéanfar foráil do na leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá na céimeanna cuí idir lámha ag mo Roinn faoi láthair chun cinn an Bhille seo a dhréachtú. Táthar ag súil na dréacht-chinn a chur faoi bhráid an Rialtais a luaithe agus is féidir. Tá na moltaí éagsúla a fuarthas i dtaca leis an athbhreithniú ar an Acht curtha san áireamh mar chuid de phróiseas ullmhúcháin na reachtaíochta seo. Déanfar ábhar cuí ón phróiseas comhairligh poiblí a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin mo Roinne in am trátha i dteannta le cinn an Bhille. Níl amhras ar bith orm go n-aontaíonn gach duine liom nuair a deirim go bhfuil tábhacht agus fiúntas ag baint le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Ag an am céanna, ní miste a aithint go bhfuil an tAcht sin i bhfeidhm le deich mbliana anuas. Is iomaí cor atá tagtha inár gcinniúint ó shin i leith. Tá sé tráthúil go ndéanfaimis athbhreithniú ar an Acht dá réir. Tá mé sásta go gcuideoidh an t-athbhreithniú atá déanta go mór le héifeachtacht an Achta sa todhchaí. Tá mé ag súil mar sin le teacht ar ais os comhair an Tí seo chomh luath agus atá na céimeanna ullmhúcháin cuí go léir curtha i gcrích, le Bille chun an Acht a leasú a chur faoi bhur mbráid.

3:10 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit ach, i ndáiríre, tá sé ar nós a bheith ag éisteacht le sean-cheirnín atá casta arís agis arís eile. Níl tada nua sa bhfreagra. Tá an Rialtas ag tarraingt na gcos. Tá sé cruthaithe arís anocht go bhfuil sé seo curtha ar an méar fhada. Iarraim ar an Aire Stáit an 1,400 freagra agus an 262 aighneacht a bhaineann le Acht na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú roimh dheireadh na míosa seo chugainn, sula scoireann an Dáil agus an Seanad. Níl aon athrú chun teacht orthu. D'fhéadfadh muid scagadh agus plé a dhéanamh orthu. Iarraim ar an Aire Stáit iad a fhoilsiú seachas teacht isteach chun an seanphort céanna a insint dúinn an t-am ar fad. De réir an fhreagra seo, níl aon dul chun cinn déanta seachas na rudaí atá cloiste againn sna meáin agus sna Tithe seo le sé mhí anuas.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní aontaím ar chor ar bith leis an Seanadóir. Tá sé ar sodar mar a bheadh capall ar mire. Caithfidh an Seanadóir a thuiscint go mbaineann próiséas an-tábhachtach le reachtaíocht a thabhairt isteach sa Teach. Nuair a bheidh sé anseo tamall eile, is dócha go mbeidh níos mó eolais aige ar chúrsaí Rialtais. Téann na rudaí seo ar aghaidh céim ar chéim - go mall righin réidh - cosúil le muilte Dé, a meileann go mall ach go mín ag an am céanna. Tá an reachtaíocht ag teacht isteach. Tá sé ar chlár an Rialtais. Tá na haighneachtaí againn. Tá sé ráite agam go ndéanfaimid iad a fhoilsiú nuair a bheidh cinn an Bhille á fhoilsiú againn. Ní fíor a rá ar chor ar bith nár ghlac muid comhairle agus é seo á ullmhú againn. Thugamar cuireadh don phobal mór Gaelach a gcuid aighneachtaí a chur isteach. Fuarthas 1,400 freagra agus 262 aighneacht.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén fáth nach bhfuil siad á fhoilsiú ag an Aire Stáit?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é an t-aon gearán atá ag an Seanadóir ná nach bhfuil said aige.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is mian liom iad a fheiceáil.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh an Seanadóir foighne a bheith aige agus fanacht go dtí go dtiocfaidh an reachtaíocht tríd de réir mar a luíonn sé le clár reachtaíochta an Rialtais. Ní ghlacaim ar fad go bhfuil-----

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mair, a chapaill, agus gheobhair féar.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an seanphort céanna ag an Seanadóir i gcónaí.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mair, a chapaill, agus gheobhair féar.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Deireann sé nach bhfuil aon rud ceart anseo agus go bhfuil gach rud mícheart. Ní dóigh leis go mbeidh aon rud ceart sa Teach seo go dtí go mbeidh sé ina shuí sa chathaoir seo.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh an Seanad scortha faoin am sin.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh mé a rá go bhfuil cúpla Becher's Brook le déanamh aige roimhe sin.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúpla rud lé déanamh aige sula dtarlóidh sé sin.

Photo of Paddy BurkePaddy Burke (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

We must move on to the next matter, which is in the name of Senator Higgins.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal, a Chathaoirligh. Tá mé ag iarraidh ceacht a mhúineadh don Seanadóir maidir le cúrsaí reachtaíochta in Oireachtas Éireann.