Seanad debates

Thursday, 20 June 2013

Adjournment Matters

Acht na dTeangacha Oifigiúla

3:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Táim thar a bheith buíoch den Aire Stáit as ucht teacht isteach ar an gceist thábhachtach seo tráthnóna. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla againn le riar maith blianta agus tá an Coimisinéir Teanga i bhfeidhm sa Stát agus ag déanamh togha na hoibre, agus na daoine atá ag obair san oifig leis. Tá dul chun cinn suntasach déanta ó tugadh an t-aitheantas oifigiúil sin don teanga ó thaobh reachtaíocht Stáit de. Tá sé fógartha ag an Aire Stáit go bhfuil sé chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Acht, agus táimid ag fanacht tréimhse fhada anois i ndáiríre leis an athbhreithniú céanna - mí Eanáir 2012 a cuireadh deireadh leis an bpróiseas comhairliúcháin a bhí ann maidir leis an Acht. Tuigtear dom go bhfuair an Roinn thart ar 1,400 suirbhé isteach mar chuid den phróiseas sin agus riar maith aighneachtaí a bhaineann leis an bpróiseas comhairliúcháin. Táim ag déanamh fíor-iontais. Ní dóigh liom go raibh a leithéid de chomhairliúchán poiblí ann nuair nár foilsíodh na torthaí chomh fada seo tar éis don chomhairliúchán a bheith thart. Cén fáth nach bhfuil sin tarlaithe?

Tá sé fíor-thábhachtach sula gcuirfear reachtaíocht nua i bhfeidhm go dtógfar tuairimí an phobail ar bord mar ní fiú bheith ag iarraidh tuairimí an phobail mura bhfuil an tAire Stáit chun aird a thabhairt orthu. Shílfeadh duine go mbeadh go bhfoilseofaí an Rialtas na torthaí sa phróiseas comhairliúcháin sin, na haighneachtaí a bhfuarthas agus an scag a rinne an Roinn mar bhunús don reachtaíocht nua seo atá le cur i bhfeidhm.

Tá daoine eile amuigh ansin atá níos ciniciúla ná mé féin a déarfadh gurb é an fáth nach bhfuil an Rialtas ag foilsiú na dtorthaí ná nach maith leis na torthaí sin a tháinig isteach. Daoine eile a bheadh ciniciúil a déarfadh gur mí-éifeacht atá sa Roinn. Ní déarfainn féin sin ach sin an rud atá daoine a rá liom amuigh i measc phobal na Gaeilge, go bhfuil fíor-iontas orthu nach bhfuil na rudaí seo tagtha chun cinn. Is dócha go bhfuil míshástacht orthu chomh maith céanna maidir leis an gcaoi go bhfuil an Roinn faoi láthair ag feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá a fhios againn go maith go gcuireann Acht na dTeangacha Oifigiúla dualgas ar gach Roinn Stáit, eagras Stáit agus comhlacht poiblí scéim teanga a chur i bhfeidhm a chuireann in iúl cad a dhéanfaidh siad maidir le cur chun cinn na Gaeilge de réir forálacha an Achta.

De réir mar a thuigim, tá 75% de na scéimeanna sin in éag faoi láthair. Tá os cionn 100 de na scéimeanna suite ar deasc sa Roinn ag fanacht le daingniú. Ní léiríonn sin dom go bhfuil an tAire Stáit chomh diongbháilte sin ó thaobh chur i bhfeidhm an Achta. Tá múinín á dháileadh ag daoine san Aire Stáit mar Aire Stáit ó thaobh chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla agus go bhfuil an-mhíshástacht ann faoi sin. Sin an fáth gur chuir mé an cheist seo síos. Bliain ó mhí Eanáir seo caite, bhí deireadh leis an bpróiseas comhairliúcháin, fuair an tAire Stáit na haighneachtaí, dúirt sé sna Tithe seo níos túisce i mbliain go raibh sé i gceist aige cinn Bhille a fhoilsiú i mbliana agus roimh go bhfoilseofaí an t-athbhreithniú sin. Tá sé thar am go dtiocfaidh sin chun cinn, tá sé thar am go mbeadh plé iomlán sna Tithe seo ar chur i bhfeidhm an Achta. Bheinn ag súil, agus cuireadh cuid mhaith aighneachtaí isteach ón phobal, daoine a bhí ag iarraidh go láidreofaí an tAcht agus go gcuirfí leis seachas lagú a dhéanamh ar na forálacha.

Tá súil agam go bhfuil dea-scéal ag an Aire Stáit dúinn anocht agus go gcuirfidh sé in iúl dúinn faoi dheireadh thiar thall cathain go bhfuil sé i gceist aige na torthaí seo a fhoilsiú bliain go leith tar éis don obair a bheith faighte aige. Is féidir linn ansin dul i mbun díospóireachta agus an tAcht a athdhréachtú i gcomhair lena chéile go ndéanfar cinnte go gcuirfear an Ghaeilge san áit a ba cheart di bheith ann sa reachtaíocht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.