Seanad debates

Thursday, 20 June 2013

Adjournment Matters

Acht na dTeangacha Oifigiúla

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Fáiltím roimh an deis labhairt sa Teach inniu maidir leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun mo bhuíochas a chur in iúl do Bhaill an Tí seo mar gheall ar an spéis atá léirithe acu san ábhar seo.

Siníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí ar 14 Iúil 2003. Is é príomhaidhm an Achta a chinntiú go gcuirtear feabhas ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Ainneoin stádas bunreachtúil na Gaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil an Stáit, cuireann an tAcht creat reachtúil ar fáil den chéad uair do sholáthar seirbhísí i nGaeilge ag comhlachtaí poiblí.

Déantar foráil san Acht do sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge ar thrí bhealach: trí fhorálacha an Achta atá infheidhme maidir le gach comhlacht poiblí faoin Acht; trí rialacháin a dhéanann an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá infheidhme freisin maidir le gach comhlacht poiblí faoin Acht; agus trí scéimeanna teanga, a aontaítear le gach comhlacht poiblí ar leith agus a fhorálann do mhéadú de réir a chéile ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí a chuireann an comhlacht poiblí sin ar fáil trí Ghaeilge.

Cinntíonn an tAcht freisin go gcuirtear ar fáil bunchearta tábhachtacha teanga maidir le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla sna cúirteanna agus i dTithe an Oireachtais. Tugann sé bunús reachtúil do logainmneacha oifigiúla an Stáit agus cuireann sé córas i bhfeidhm le monatóireacht a dhéanamh ar ghéilliúlacht na n-eagras Stáit don reachtaíocht agus córas le gearáin faoi sháruithe ar dhualgais reachtúla teanga a fhiosrú agus a réiteach.

Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga faoin Acht sa bhliain 2004. Is iad príomhfheidhmeanna na hoifige sin monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil forálacha an Achta á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí, agus bearta riachtanacha a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí a ndualgais faoin Acht. Tá ról tábhachtach ag Oifig an Choimisinéara Teanga maidir le comhairle agus cúnamh a sholáthar do chomhlachtaí poiblí agus don phobal i gcoitinne maidir le feidhmiú fhorálacha éagsúla an Achta.

Ar ndóigh, tá an Coimisinéir Teanga neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid feidhmeanna. Mar atá a fhios ag an Teach, thóg an Rialtas cinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman, mar chuid de réimse gníomhartha athchóirithe faoi phlean athchóirithe an Rialtais don tseirbhís phoiblí a foilsíodh i mí na Samhna 2011. Déanfar an cinneadh sin a chur i gcrích i gcomhthéacs na leasuithe reachtúla ar an Acht atá á mbeartú. Sa chomhthéacs seo, ní miste dom a threisiú arís go leanfaidh Coimisinéir Teanga, a bheidh ceaptha go reachtúil agus a bheidh lonnaithe sa Ghaeltacht, ag feidhmiú cumhachtaí reatha an Choimisinéara Teanga go neamhspleách faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. D'eascair an t-athbhreithniú ar an Acht as an ngealltanas seo a leanas a tugadh i gclár an Rialtais:


Déanfaimid athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla chun a chinntiú go mbainfear an leas is fearr as caiteachas ar an teanga chun an teanga a fhorbairt agus chun a chinntiú go bhforchuirtear dualgais go cuí de réir éilimh ó shaoránaigh.
Ba iad aidhmeanna an athbhreithnithe dá réir, a chinntiú gur meicníocht éifeachtach é an tAcht a thacaíonn le forbairt na Gaeilge ar bhealach atá éifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh costais de agus go bhfuil na dualgais a eascraíonn ón Acht cuí chun soláthar sásúil seirbhísí trí Ghaeilge ag comhlachtaí poiblí a chinntiú, de réir an éilimh atá orthu ón bpobal. Mar chuid den athbhreithniú, glacadh comhairle le príomhpháirtithe leasmhara éagsúla lena n-áirítear Oifig an Choimisinéara Teanga, Ranna Rialtais, eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta agus an pobal i gcoitinne. Mar atá curtha in iúl agam cheana don Oireachtas, fuarthas os cionn 1,400 freagra ar shuirbhé agus 262 aighneacht le linn an phróisis chomhairligh.

Beidh a fhios ag an Seanadóir ó chlár reachtaíochta an Rialtais, go bhfuil sé beartaithe Bille a fhoilsiú i mbliana ina ndéanfar foráil do na leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá na céimeanna cuí idir lámha ag mo Roinn faoi láthair chun cinn an Bhille seo a dhréachtú. Táthar ag súil na dréacht-chinn a chur faoi bhráid an Rialtais a luaithe agus is féidir. Tá na moltaí éagsúla a fuarthas i dtaca leis an athbhreithniú ar an Acht curtha san áireamh mar chuid de phróiseas ullmhúcháin na reachtaíochta seo. Déanfar ábhar cuí ón phróiseas comhairligh poiblí a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin mo Roinne in am trátha i dteannta le cinn an Bhille. Níl amhras ar bith orm go n-aontaíonn gach duine liom nuair a deirim go bhfuil tábhacht agus fiúntas ag baint le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Ag an am céanna, ní miste a aithint go bhfuil an tAcht sin i bhfeidhm le deich mbliana anuas. Is iomaí cor atá tagtha inár gcinniúint ó shin i leith. Tá sé tráthúil go ndéanfaimis athbhreithniú ar an Acht dá réir. Tá mé sásta go gcuideoidh an t-athbhreithniú atá déanta go mór le héifeachtacht an Achta sa todhchaí. Tá mé ag súil mar sin le teacht ar ais os comhair an Tí seo chomh luath agus atá na céimeanna ullmhúcháin cuí go léir curtha i gcrích, le Bille chun an Acht a leasú a chur faoi bhur mbráid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.