Seanad debates

Wednesday, 27 February 2013

Adjournment Matters

Seirbhísí Iompair Oileán

5:15 pm

Photo of Paddy BurkePaddy Burke (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I welcome the Minister of State, Deputy McGinley, back to the House. He could be mistaken for a Senator he is here so often.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim céad fáilte roimh an Aire Stáit. Táim an-bhuíoch de as teacht isteach.

Is minic muid ag trácht ar na hábhair seo. Chuir muintir Thír Chonaill i leith an iar-Aire nach raibh sé ag caitheamh leath an dhóthain airgid go féaráilte le muintir an chontae. Tá daoine is dócha anois in Arainn ag rá an rud céanna faoin Aire Stáit, go n-áiríonn siad go bhfuil an tAire Stáit ag caitheamh a thuilleadh ar cheantair eile.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl sin fíor. Táim ag caitheamh níos mó ama agus airgid san iarthar ná fiú amháin i dTír Chonaill. Tá siadsan ag rá ansin nach bhfeiceann siad ar chor ar bith mé, agus go mbím de shíor i gConamara.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sin mar a chloisim ar an talamh. I ndáiríre píre, tá an cheist atá le hardú agam tromchúiseach go leor maidir le seirbhísí iompair amach go dtí na trí Oileáin Árann. Tá athruithe ag teacht de bharr cúinsí buiséid ar an soláthar atá le fáil ón Roinn maidir le seirbhísí go hÁrainn. Roimh an Nollaig bhí stocaireacht ar bun ag muintir Árainn maidir leis an tseirbhís aerthaistil. Tháinig siad chuig cruinnithe leis an Aire Stáit féin agus rinne siad go leor leor plé maidir le riachtanas na seirbhíse. Cuireadh in iúl an tábhacht a bhaineann leis an tseirbhís ó thaobh cúrsaí sláinte de agus do na daoine atá ag obair sna seirbhísí ar an oileán a thagann ón mhórthír.

Tuigim go bhfuil an tseirbhís ag leanúint ar aghaidh agus go bhfuil sé idir dhá cheann na meá mar tháinig laghdú ar bhuiséad an Aire Stáit maidir leis an aerthaisteal agus ní dhearna sé ráiteas faoi seo le tamall anuas. Ba bhreá liom dá dtabharfadh an tAire Stáit soiléiriú cá bhfuilimid ag dul, an tseirbhís aerthaistil go hÁrainn go háirithe. An bhfuil sé i gceist aige leanúint ar aghaidh leis an oibleagáid seirbhíse poiblí don tseirbhís sin ag an leibhéal céanna mar atá sé faoi láthair nó an bhfuil athbhreithniú déanta ar an bhuiséad sin?

Thug an Roinn amach conarthaí don tseirbhís farantóireachta go dtí na trí Oileáin Árann agus bhí an conradh maidir le hInis Oírr agus Inis Meáin ar an bhonn chéanna agus a bhí sé roimhe seo. D'iarr an Rialtas tairiscintí ar an tseirbhís go hInis Mór agus ní fuarthas aon tairiscint ó aon chomhlacht air sin. An toradh leis sin ná gur dhúbail an costas ar an ghnáth-dhuine atá ag taisteal ó Inis Mór go Ros an Mhíl ó ¤8 go dtí ¤15 an cloigeann. Dúbáilte is é sin ar an chostas atá orthu taisteal isteach is amach ar an bhád farantóireachta. Tuigim gur seirbhís phríobháideach atá i gceist ansin agus go bhfuil comhlacht príobháideach á cur ar fáil. Cad iad na pleananna atá ag an Roinn chun déanamh cinnte go ndéanamh deonú de chineál éigin ar mhuintir Árainn ionas nach mbeidh orthu ¤15 a íoc in aghaidh an turais isteach agus amach agus go dtabharfar cothrom na Féinne dóibh agus ráta ¤8 a thabhairt ar ais? Tá an t-airgead gan sa Stát, tuigim sin, ach is ualach breise é sin ar na daoine atá ina gcónaí ar Inis Mór. Tuigtear dom go bhfuil mic léinn atá ag taisteal chun na hollscoile agus daoine ag dul amach agus isteach go Gaillimh go rialta ar chúrsaí gnó agus mar sin, agus tá seo ag cur brú an-mhór orthu.

Chomh maith leis sin, istigh leis an tseirbhís a bhí ann le teacht isteach agus amach go hÁrainn, bhí seirbhís bhus ó Ros an Mhíl isteach go Gaillimh a bhí clúdaithe sa táille a bhí i gceist. An bhfuil aon rud le rá faoi sin ag an Aire Stáit ós rud é nach dtagann an tseirbhís sin anois faoi scáth na Roinne agus nach bhfuil aon socrú idir an Roinn agus an comhlacht a chuireann an tseirbhís farantóireachta ar fáil?

Ar bhealach, tá na daoine atá ag iarraidh dul isteach agus amach ar an bhád sáinnithe mar níl acu ach soláthróir amháin go pointe áirithe ó thaobh an chomhlachta atá ag dul isteach agus amach. Níl aon rogha acu ach an ¤15 a íoc. Tá costais bhreise páirceála ann freisin anois i Ros an Mhíl agus mar sin ní mór sin a chur san áireamh chomh maith. Tá teorainn ar líon na spásanna ansin agus níl daoine in ann páirceáil mura n-íocann siad ar an chóras iomlán tráchtála.

Sin roinnt ceisteanna don Aire Stáit. Tuigim go bhfuil sé ag obair orthu ach tá sé tamall ó shocraigh sé an buiséad agus ba bhreá liom fáil amach cá bhfuilimid ag dul ó thaobh na seirbhísí seo agus ó thaobh an chúnaimh Stáit ach go háirithe do na seirbhísí taistil isteach agus amach chuig na trí Oileáin Árann.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar dtús, tá áthas orm go bhfuil an t-allúntas céanna againn don bhliain reatha 2013 le seirbhísí mar sin a chur ar fáil do na hoileáin agus mar a bhí anuraidh: ¤5.9 milliún. Saghas éachta é sin nuair atá ciorruithe i ngach gné de na caiteachais atá ar fáil do na Ranna ar fad sa tír, gur éirigh linn an t-allúntas i mbliana a choinneáil mar a bhí sé anuraidh. Léiriú é sin ar cé chomh dáiríre agus atáimid na seirbhísí chomh fada agus is féidir a choinneáil do na oileáin.

Leis na gealltanais atá ann faoi láthair, tá mo Roinnse ag íoc thart ar 60% den soláthar seo ar na trí Oileáin Árann amháin, áit a bhfuil 43% de dhaonra na n-oileán de réir an daonáirimh. Mar is eol don Seanadóir, tá mo Roinn ag tabhairt fóirdheontais do sheirbhísí farantóireachta, lastais agus aeir do na hOileáin Árann as an soláthar seo.

Ba dheas liom léargas a thabhairt don Seanad maidir leis na conarthaí iompair atá fóirdheonaithe ag mo Roinn agus atá i bhfeidhm faoi láthair. D'aontaigh mo Roinn conradh nua farantóireachta d'Inis Oírr agus d'Inis Meáin ag deireadh na bliana seo caite. Mairfidh an conradh sin go dtí mí Dheireadh Fómhair 2017, rud a chinnteoidh seirbhís rialta do phobal na n-oileán sin sna blianta atá amach romhainn. Anuas air sin, socraíodh faoin chonradh go gcuirfear seoladh breise ar fáil i lár an lae ar an Domhnach i míonna an Mheithimh, lúil agus Lúnasa, mar a bhí iarrtha ag na hoileánaigh iad féin.

Ina theannta sin, d'aontaigh mo Roinn conradh nua lastais a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2013. Cinnteoidh an conradh nua seo go mbeidh seirbhís lastais rialta ar fáil do na hOileáin Árann suas go dtí deireadh 2017. Sílim gur éacht a bhí ann do mo Roinn go raibh sí ábalta an leibhéal céanna seirbhíse a choimeád faoin chonradh nua seo, nuair a tógtar san áireamh an brú atá ar ár mbuiséad le blianta beaga anuas.

Maidir leis an tseirbhís farantóireachta d'Árainn, is amhlaidh nach bhfuair mo Roinn aon tairiscint chun an tseirbhís seo a sholáthar nuair a fógraíodh é seo ar an gcóras eTenders anuraidh. Bhí plé ína dhiaidh sin ag mo Roinn leis an fharantóir a chuireann an tseirbhís ar fáil d'Arainn faoi láthair, féachaint an bhféadfaí an conradh a bhí i bhfeidhm ag an am a athnuachan ar na téarmaí céanna go dtí an 31 Eanáir 2014. Níor éirigh leis na cainteanna sin, áfach, mar nach bhféadfadh mo Roinn glacadh le héileamh an fharantóra ardú ollmhór a thabhairt ar an fhóirdheontas i gcás seirbhís atá ag déanamh brabúis. Mar a thuigfidh an Seanad, caithfidh mo Roinn a chinntiú go bhfuiltear ag fáil luach ar airgead don Státchiste i dtaca leis na fóirdheontais éagsúla atá i bhfeidhm. Tuigtear dom go bhfuil an farantóir ag leanúint leis an tseirbhís chéanna a sholáthar, mar atá ráite ag an Seanadóir, gan aon chúnamh Stáit ós rud é go bhfuil inmharthanacht tráchtála ann. Tuigtear dom fosta go bhfuil i gceist ag an fharantóir an tseirbhís chéanna a sholáthar ar bhonn leanúnach.

Maidir leis an tseirbhís aeir d'OiIeáin Árann, tá an conradh reatha ag teacht chun críche ar 31 Lúnasa 2013. Ní miste a nótáil go bhfuil costas an-ard i gceist. Tá costas de thart ar ¤1.9 milliún in aghaidh na bliana ag baint leis an tseirbhís aeir agus leis an tseirbhís bhainistíochta aeradróim atá ceangailte leis. Is é sin an tríú cuid den bhuiséad iomlán atá ag mo Roinn do na seirbhísí iompair do na hoileáin go léir.

Ós rud é go dtagann seirbhísí aeir fóirdheonaithe faoi rialacháin an Aontais Eorpaigh, tá mo Roinn ag tógáil na céimeanna cuí faoi láthair i dtaca leis na rialacháin seo le gur féidir, le comhaontú an Choimisiúin Eorpaigh, cuireadh chun tairisceana a eisiúint anois faoi Oibleagáid Seirbhíse Phoiblí, PSO, le haghaidh conradh bliana, le rogha ann síneadh bliana eile a thabhairt ag deireadh na tréimhse sin. Mar sin, táimid ag dul chuig an Eoraip anois agus ag iarraidh cead an conradh aeir mar atá faoi láthair a leanadh ar feadh bliana agus rogha a bheith againn bliain eile a fháil ina dhiaidh sin. Tá i gceist chomh maith, i gcomhréir le rialacháin an Aontais Eorpaigh, céimeanna a ghlacadh chun athbhreithniú foirmiúil a dhéanamh ar riachtanas an PSO i gcás na n-Oileán Árann. Táim ag súil go mbeidh mé ábalta tuilleadh sonraí maidir leis na céimeanna seo a fhógairt go han-luath.

Ní miste a rá go bhfuil roinnt mhaith cruinnithe reachtáilte ag mo Roinn le hionadaithe ó na hOiIeáin Árann chun plé a dhéanamh ar nithe éagsúla le tamall anuas. Go deimhin, d'fhreastail mé féin ar thrí chruinniú leis na hoileánaigh le roinnt míonna anuas. Ba cruinnithe oscailte iad le hionadaithe na n-oileán agus rinneadh plé iomlán ar na seirbhísí éagsúla a cuirtear ar fáil do phobal na n-oileán.

Tá súil agam go soiléiríonn an méid sin an staid reatha maidir leis na hOileáin Árann. Tá mo Roinn ag obair go dícheallach chun na seirbhísí is fearr gur féidir a chur ar fáil do mhuintir Oileáin Árann taobh isteach den bhuiséad atá againn, sin ¤5.9 milliún, mar a bhí againn anuraidh. Táimid ag déanamh ár ndícheall idir seirbhísí lastais, seirbhísí farantóireachta, seirbhísí aeir agus seirbhísí busanna a choinneáil ar an leibhéal sin. Níl sé furasta é a dhéanamh ach táimid ag déanamh gach iarracht é a dhéanamh.

5:25 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ta mé thar a bheith buíoch don Aire Stáit, ach go háirithe go shoiléirigh sé go bhfuil an PSO maidir le haer thaisteal le cur amach arís agus go mbeidh sé ag fanacht mar atá sé faoi láthair agus ar an mbonn céanna.

Seo a leanas an cheist is mó a ardaítear, agus atá le hardú ón méid adúirt an t-Aire Stáit. Maidir leis an mbád farantóireachta go hInis Mór, tá sé fíor go bhfuil an comhlacht atá ag cur an tseirbhís ar fáil ag cur an tseirbhís céanna ar fáil agus a bhí, ach tá sé fíor freisin go bhfuil na daoine atá ag úsáid na seirbhíse sin ag íoc beagnach dúbail uirthi ná mar a bhí cheana. Dúirt an t-Aire Stáit go bhfuil an buiséad céanna aige agus a bhí cheana. An bhfuil sé i gceist aige an t-airgead a bhí aige, agus a bhí sé ag caitheamh leis an gcomhlacht sin anuraidh, a úsáid le fóirdheonú a dhéanamh ar chóras éigin leis na daoine atá ag taisteal? An bhfuil sé ábalta, b'féidir, airgead a íoc leis na hoileánaigh ar chóras éigin le go mbeidh siad ag taisteal ar an gcostas céanna, ¤8 in aghaidh an turais, agus a bhíodar cheana? An féidir leis an Aire Stáit teacht ar aon socrú, mar tá sé ag rá go bhfuil an t-airgead fós sa gcóras in áit éigin, go raibh ¤5.9 milliún aige agus go bhfuil sin fós aige i mbliana? An bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit an-t-airgead a bhí sé ag úsáid ar an tseirbhís sin roimhe seo a úsáid le déanamh cinnte nach gá dos na hoileánaigh níos mó a íoc i mbliana ná mar a íoc siad anuraidh?

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é an rud is tábhachtaí nó go bhfuil an tseirbhís ann, go bhfuil sí ar fáil ar an gcaighdeán céanna agus go bhfuil sí leanúnach. Tá ciste teoranta agam agus táimid ag iarraidh tabhairt faoin tseirbhís aeir a choinneáil ag dul. Ní féidir liom geallúint a thabhairt go dtí go bhfeicimid cad é a tharlóidh ins an tseirbhís aeir.

Tá an dá sheirbhís tábhachtach. Tá an tseirbhís aeir tábhachtach. Sin an fáth go bhfuilimid ag dul chuig an Eoraip ag iarraidh bliain breise láithreach agus bliain eile ina dhiaidh sin. Tá an tseirbhís farantóireachta ag dul ar aghaidh.

É sin ráite, bhí cruinniú agam agus ag oifigigh mo Roinne le hionadaithe na n-oileánach cupla seachtain ó shin agus phléigh muid é seo ar feadh cupla uair an chloig. Thuig mé on chruinniú sin go mb'fhéidir go mbeidh comhráití idir ionadaithe mhuintir na n-oileán agus an farantóir féin. Más féidir leis an Roinn a theacht isteach ins an choibhneas beidh fonn orainn a theacht isteach ansin agus iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach a thabharfaidh faoiseamh dos na hoileánaigh.

Tá seirbhís lastais, seirbhís paisinéirí agus seirbhís busanna ann, agus is é an cuspóir atá agam i láthair na huaire ná na seirbhísí a choinneáil ar siúl. Sin an cloch is troime agus is mó ar mo phaidrín ag an phointe seo, chomh fada agus a bhaineann sé leis na hoileain.

Tá 60% den liúntas atá agam le freastail ar 21 oileán, ó Thoraigh go Corcaigh agus Ciarraí agus thart fán chósta, ag dul dos na trí oileán seo. Ní beag an tsuim í sin. Tá mé ag déanamh mo dhíchill na seirbhísí a choinneáil sa tsiúil.

Tá súil agam go n-aithníonn an Seanadóir, agus na hionadaithe thiar ansin, an obair atáimid a dhéanamh agus an saothar atáimid ag cur isteach ins an chás seo.

The Seanad adjourned at 8.20 p.m. until 10.30 a.m. on Thursday, 28 February 2013.