Seanad debates

Wednesday, 27 February 2013

Adjournment Matters

Seirbhísí Iompair Oileán

5:15 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ar dtús, tá áthas orm go bhfuil an t-allúntas céanna againn don bhliain reatha 2013 le seirbhísí mar sin a chur ar fáil do na hoileáin agus mar a bhí anuraidh: ¤5.9 milliún. Saghas éachta é sin nuair atá ciorruithe i ngach gné de na caiteachais atá ar fáil do na Ranna ar fad sa tír, gur éirigh linn an t-allúntas i mbliana a choinneáil mar a bhí sé anuraidh. Léiriú é sin ar cé chomh dáiríre agus atáimid na seirbhísí chomh fada agus is féidir a choinneáil do na oileáin.

Leis na gealltanais atá ann faoi láthair, tá mo Roinnse ag íoc thart ar 60% den soláthar seo ar na trí Oileáin Árann amháin, áit a bhfuil 43% de dhaonra na n-oileán de réir an daonáirimh. Mar is eol don Seanadóir, tá mo Roinn ag tabhairt fóirdheontais do sheirbhísí farantóireachta, lastais agus aeir do na hOileáin Árann as an soláthar seo.

Ba dheas liom léargas a thabhairt don Seanad maidir leis na conarthaí iompair atá fóirdheonaithe ag mo Roinn agus atá i bhfeidhm faoi láthair. D'aontaigh mo Roinn conradh nua farantóireachta d'Inis Oírr agus d'Inis Meáin ag deireadh na bliana seo caite. Mairfidh an conradh sin go dtí mí Dheireadh Fómhair 2017, rud a chinnteoidh seirbhís rialta do phobal na n-oileán sin sna blianta atá amach romhainn. Anuas air sin, socraíodh faoin chonradh go gcuirfear seoladh breise ar fáil i lár an lae ar an Domhnach i míonna an Mheithimh, lúil agus Lúnasa, mar a bhí iarrtha ag na hoileánaigh iad féin.

Ina theannta sin, d'aontaigh mo Roinn conradh nua lastais a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2013. Cinnteoidh an conradh nua seo go mbeidh seirbhís lastais rialta ar fáil do na hOileáin Árann suas go dtí deireadh 2017. Sílim gur éacht a bhí ann do mo Roinn go raibh sí ábalta an leibhéal céanna seirbhíse a choimeád faoin chonradh nua seo, nuair a tógtar san áireamh an brú atá ar ár mbuiséad le blianta beaga anuas.

Maidir leis an tseirbhís farantóireachta d'Árainn, is amhlaidh nach bhfuair mo Roinn aon tairiscint chun an tseirbhís seo a sholáthar nuair a fógraíodh é seo ar an gcóras eTenders anuraidh. Bhí plé ína dhiaidh sin ag mo Roinn leis an fharantóir a chuireann an tseirbhís ar fáil d'Arainn faoi láthair, féachaint an bhféadfaí an conradh a bhí i bhfeidhm ag an am a athnuachan ar na téarmaí céanna go dtí an 31 Eanáir 2014. Níor éirigh leis na cainteanna sin, áfach, mar nach bhféadfadh mo Roinn glacadh le héileamh an fharantóra ardú ollmhór a thabhairt ar an fhóirdheontas i gcás seirbhís atá ag déanamh brabúis. Mar a thuigfidh an Seanad, caithfidh mo Roinn a chinntiú go bhfuiltear ag fáil luach ar airgead don Státchiste i dtaca leis na fóirdheontais éagsúla atá i bhfeidhm. Tuigtear dom go bhfuil an farantóir ag leanúint leis an tseirbhís chéanna a sholáthar, mar atá ráite ag an Seanadóir, gan aon chúnamh Stáit ós rud é go bhfuil inmharthanacht tráchtála ann. Tuigtear dom fosta go bhfuil i gceist ag an fharantóir an tseirbhís chéanna a sholáthar ar bhonn leanúnach.

Maidir leis an tseirbhís aeir d'OiIeáin Árann, tá an conradh reatha ag teacht chun críche ar 31 Lúnasa 2013. Ní miste a nótáil go bhfuil costas an-ard i gceist. Tá costas de thart ar ¤1.9 milliún in aghaidh na bliana ag baint leis an tseirbhís aeir agus leis an tseirbhís bhainistíochta aeradróim atá ceangailte leis. Is é sin an tríú cuid den bhuiséad iomlán atá ag mo Roinn do na seirbhísí iompair do na hoileáin go léir.

Ós rud é go dtagann seirbhísí aeir fóirdheonaithe faoi rialacháin an Aontais Eorpaigh, tá mo Roinn ag tógáil na céimeanna cuí faoi láthair i dtaca leis na rialacháin seo le gur féidir, le comhaontú an Choimisiúin Eorpaigh, cuireadh chun tairisceana a eisiúint anois faoi Oibleagáid Seirbhíse Phoiblí, PSO, le haghaidh conradh bliana, le rogha ann síneadh bliana eile a thabhairt ag deireadh na tréimhse sin. Mar sin, táimid ag dul chuig an Eoraip anois agus ag iarraidh cead an conradh aeir mar atá faoi láthair a leanadh ar feadh bliana agus rogha a bheith againn bliain eile a fháil ina dhiaidh sin. Tá i gceist chomh maith, i gcomhréir le rialacháin an Aontais Eorpaigh, céimeanna a ghlacadh chun athbhreithniú foirmiúil a dhéanamh ar riachtanas an PSO i gcás na n-Oileán Árann. Táim ag súil go mbeidh mé ábalta tuilleadh sonraí maidir leis na céimeanna seo a fhógairt go han-luath.

Ní miste a rá go bhfuil roinnt mhaith cruinnithe reachtáilte ag mo Roinn le hionadaithe ó na hOiIeáin Árann chun plé a dhéanamh ar nithe éagsúla le tamall anuas. Go deimhin, d'fhreastail mé féin ar thrí chruinniú leis na hoileánaigh le roinnt míonna anuas. Ba cruinnithe oscailte iad le hionadaithe na n-oileán agus rinneadh plé iomlán ar na seirbhísí éagsúla a cuirtear ar fáil do phobal na n-oileán.

Tá súil agam go soiléiríonn an méid sin an staid reatha maidir leis na hOileáin Árann. Tá mo Roinn ag obair go dícheallach chun na seirbhísí is fearr gur féidir a chur ar fáil do mhuintir Oileáin Árann taobh isteach den bhuiséad atá againn, sin ¤5.9 milliún, mar a bhí againn anuraidh. Táimid ag déanamh ár ndícheall idir seirbhísí lastais, seirbhísí farantóireachta, seirbhísí aeir agus seirbhísí busanna a choinneáil ar an leibhéal sin. Níl sé furasta é a dhéanamh ach táimid ag déanamh gach iarracht é a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.