Seanad debates

Wednesday, 27 February 2013

Adjournment Matters

Seirbhísí Iompair Oileán

5:15 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein) | Oireachtas source

Sin mar a chloisim ar an talamh. I ndáiríre píre, tá an cheist atá le hardú agam tromchúiseach go leor maidir le seirbhísí iompair amach go dtí na trí Oileáin Árann. Tá athruithe ag teacht de bharr cúinsí buiséid ar an soláthar atá le fáil ón Roinn maidir le seirbhísí go hÁrainn. Roimh an Nollaig bhí stocaireacht ar bun ag muintir Árainn maidir leis an tseirbhís aerthaistil. Tháinig siad chuig cruinnithe leis an Aire Stáit féin agus rinne siad go leor leor plé maidir le riachtanas na seirbhíse. Cuireadh in iúl an tábhacht a bhaineann leis an tseirbhís ó thaobh cúrsaí sláinte de agus do na daoine atá ag obair sna seirbhísí ar an oileán a thagann ón mhórthír.

Tuigim go bhfuil an tseirbhís ag leanúint ar aghaidh agus go bhfuil sé idir dhá cheann na meá mar tháinig laghdú ar bhuiséad an Aire Stáit maidir leis an aerthaisteal agus ní dhearna sé ráiteas faoi seo le tamall anuas. Ba bhreá liom dá dtabharfadh an tAire Stáit soiléiriú cá bhfuilimid ag dul, an tseirbhís aerthaistil go hÁrainn go háirithe. An bhfuil sé i gceist aige leanúint ar aghaidh leis an oibleagáid seirbhíse poiblí don tseirbhís sin ag an leibhéal céanna mar atá sé faoi láthair nó an bhfuil athbhreithniú déanta ar an bhuiséad sin?

Thug an Roinn amach conarthaí don tseirbhís farantóireachta go dtí na trí Oileáin Árann agus bhí an conradh maidir le hInis Oírr agus Inis Meáin ar an bhonn chéanna agus a bhí sé roimhe seo. D'iarr an Rialtas tairiscintí ar an tseirbhís go hInis Mór agus ní fuarthas aon tairiscint ó aon chomhlacht air sin. An toradh leis sin ná gur dhúbail an costas ar an ghnáth-dhuine atá ag taisteal ó Inis Mór go Ros an Mhíl ó ¤8 go dtí ¤15 an cloigeann. Dúbáilte is é sin ar an chostas atá orthu taisteal isteach is amach ar an bhád farantóireachta. Tuigim gur seirbhís phríobháideach atá i gceist ansin agus go bhfuil comhlacht príobháideach á cur ar fáil. Cad iad na pleananna atá ag an Roinn chun déanamh cinnte go ndéanamh deonú de chineál éigin ar mhuintir Árainn ionas nach mbeidh orthu ¤15 a íoc in aghaidh an turais isteach agus amach agus go dtabharfar cothrom na Féinne dóibh agus ráta ¤8 a thabhairt ar ais? Tá an t-airgead gan sa Stát, tuigim sin, ach is ualach breise é sin ar na daoine atá ina gcónaí ar Inis Mór. Tuigtear dom go bhfuil mic léinn atá ag taisteal chun na hollscoile agus daoine ag dul amach agus isteach go Gaillimh go rialta ar chúrsaí gnó agus mar sin, agus tá seo ag cur brú an-mhór orthu.

Chomh maith leis sin, istigh leis an tseirbhís a bhí ann le teacht isteach agus amach go hÁrainn, bhí seirbhís bhus ó Ros an Mhíl isteach go Gaillimh a bhí clúdaithe sa táille a bhí i gceist. An bhfuil aon rud le rá faoi sin ag an Aire Stáit ós rud é nach dtagann an tseirbhís sin anois faoi scáth na Roinne agus nach bhfuil aon socrú idir an Roinn agus an comhlacht a chuireann an tseirbhís farantóireachta ar fáil?

Ar bhealach, tá na daoine atá ag iarraidh dul isteach agus amach ar an bhád sáinnithe mar níl acu ach soláthróir amháin go pointe áirithe ó thaobh an chomhlachta atá ag dul isteach agus amach. Níl aon rogha acu ach an ¤15 a íoc. Tá costais bhreise páirceála ann freisin anois i Ros an Mhíl agus mar sin ní mór sin a chur san áireamh chomh maith. Tá teorainn ar líon na spásanna ansin agus níl daoine in ann páirceáil mura n-íocann siad ar an chóras iomlán tráchtála.

Sin roinnt ceisteanna don Aire Stáit. Tuigim go bhfuil sé ag obair orthu ach tá sé tamall ó shocraigh sé an buiséad agus ba bhreá liom fáil amach cá bhfuilimid ag dul ó thaobh na seirbhísí seo agus ó thaobh an chúnaimh Stáit ach go háirithe do na seirbhísí taistil isteach agus amach chuig na trí Oileáin Árann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.