Seanad debates

Wednesday, 29 February 2012

12:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Is breá an rud é Aire le Gaeilge a fheiceáil istigh arís atá ag déileáil leis an ábhar seo agus tá áthas orm go bhfuilimid ábalta déileáil leis as Gaeilge.

Ceist réasúnta soiléir atá ann i ndáiríre maidir le Seirbhís na gCúirteanna. Tuigimid go bhfuil cuid mhaith státseirbhísigh tar éis glacadh le pacáiste iomarcaíochta a d'ofráil an Stát agus go mbeidh daoine ag fágáil na seirbhísí sin. Tá mé ag iarraidh léargas a fháil, más féidir, briseadh síos ar na figiúir a fháil go réigiúnach, cá bhfuil sé ag titim, cé mhéad duine atá ag súil leis an tseirbhís a fhágáil agus, go tánaisteach, cén impleachtaí a bheidh aige seo maidir le soláthar seirbhísí as Gaeilge sna cúirteanna.

Tá sé tráthúil go bhfuil an tAire Stáit anseo mar tuigeann sé go rímhaith an tábhacht a bhaineann le seirbhís as Gaeilge le bheith ar fáil sna cúirteanna, go háirithe i dtaca leis an straitéis 20 bliain atá foilsithe aige féin, agus go mbeadh daoine ábalta cásanna a thógáil trí mheán na Gaeilge. Tá an ceart sin ag gach saoránach. Tá sé fíorthábhachtach go bhféadfaí cás a thógáil as Gaeilge in aon cheann de na cúirteanna ar fud na tíre agus bhí mé ag iarraidh soiléiriú a fháil ar an gceist sin.

Tuigim go raibh cás i Maigh Eo anuraidh a caitheadh amach. Bhí beirt tábhairneoir ag lorg ceadúnais agus bhí daoine tar éis cur in aghaidh an cheadúnais dí a bhí acu. Ní amháin nach raibh an fhoireann ábalta déileáil leis an gcás as Gaeilge, ach caitheadh amach an cás cionn is nach raibh an bun-Bhille ar a raibh an rud bunaithe le fáil as Gaeilge. Dá bhrí sin, bhí a gcuid cearta sáraithe.

Tá an dá cheist ceangailte le chéile - na cearta atá againn mar shaoránaigh cásanna a thógáil as Gaeilge trí Sheirbhís na gCúirteanna agus na himpleachtaí a bheidh ag an ngearradh siar ar an earcaíocht, ar an bhfoireann a bheidh ábalta na seirbhísí sin a ofráil agus ar na cearta sin, go háirithe i gcomhthéacs na Gaillimhe mar dúirt daoine atá gar do sheirbhísí i nGaillimh go bhfuil líon mór daoine in ainm is a bheith ag fágáil na seirbhíse sa chathair agus sin cuid den dream a bhíonn ag freastal ar Chonamara ó thaobh theach na cúirte i nDoire an Fhéiche de. Níor mhaith liom go bhfeicfimis aon lagú ar na seirbhísí sa chúirt ansin mar is í sin ceann de na cúirteanna is láidre atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge ar fud na tíre. Bheinn an-bhuíoch den Aire Stáit as soiléiriú a fháil ar an gceist seo.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Thar ceann an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Seanadóir as an ábhar seo a tharraingt aníos ar dhíospóireacht ar an Athló agus gabhaim buíochas leis as rún a chur thíos i dteanga na muintire a bhfuil sé ag labhairt ar a son. Deirim sin ní amháin mar Aire Stáit ach mar fhear Ghaeltachta mé féin.

Mar a thuigfidh an Seanadóir, faoi fhorálacha an Achtá um Sheirbhís Chúirteanna 1998, tá an tseirbhís freagrach as na cúirteanna a bhainistiú agus níl aon ról ag an Aire san ábhar.

Táim cinnte de go dtuigfidh an Seanadóir, fosta, go bhfuil dualgas ar an tSeirbhís Chúirteanna, mar atá ar gach eagraíocht earnála poibli eile, deimhin a dhéanamh de go mbaintear an leas is éifeachtaí as acmhainní d'fhonn leanúnachas seirbhíse a chinntiú, le buiséid agus acmhainní laghdaithe. Beidh níos mó solúbthachta maidir leis an leas a bhainfear as na hacmhainní a bheidh ar fáil fíorthábhachtach agus seachadadh seirbhísi cúirte ar an líne thosaigh a choinneáil agus tá na háiseanna cúirte go léir faoi réir athbhreithnithe leanúnaigh, agus ní bheidh aon ionad cúirte na oifig chúirte fágtha as an áireamh sa phróiseas seo.

Le laethanta beaga anuas, rinneadh tuairisciú sna meáin maidir le himpleachtaí na laghduithe ar acmhainní soláthair foirne do sheirbhísí cúirte. Tá dearbhaithe ag an tSeirbhís Chúirteanna go bhfuil scrúdú a dhéanamh aici ar bhealaí chun an éifeacht a bhaineann le daoine a bheith ag dul ar scor ar sheirbhísí líne tosaigh a mhaolú. Féadfaidh sé gurb eol don Seanadóir go bhfuil an tAire ar an taifead sa Dáil cheana féin tar éis do faisnéis a chur ar fáil maidir le daoine a bhí le dul ar scor, mar fhreagra ar cheisteanna parlaiminte.

Déileálfaidh me ar dtús leis an tionchar a bheidh ag na daoine atá ag dul ar scor ar sheachadadh seirbhísi trí Ghaeilge, ábhar atá luaite go sonrach ag an Seanadóir. Tá curtha in iúl ag an tSeirbhís Chúirteanna, mar fhreagra ar fhiosrúchán ón Aire, nach bhfuil sí ag súil le haon athrú ar sheachadadh seirbhísí i nGaeilge, cibé acu i nGaillimh nó in aon ait eile sa tír, de dheasca na ndaoine atá ag dul ar scor faoi láthair.

Díreoidh me anois ar na himpleachtaí don tSeirbhís Chúirteanna i dtéarmaí líon na foirne atá ag dul ar scor. Tá dearbhaithe ag an tseirbhís don Aire go mbeidh 53 ball foirne tar éis dul ar scor idir an 1 Eanáir agus an 29 Feabhra 2012, is é sin, go mbeidh 121 duine san iomlán tar éis dul ar scor as an tseirbhís trí scor a bhaint le haois nó tri luathscor a bhí neodrach ó thaobh costais de sa tréimhse 1 Feabhra 2010 go dtí 29 Feabhra 2012. Déanann na daoine seo a bheith ag dul ar scor difear do Bhaile Átha Cliath agus d'ionaid chúigeacha araon agus beidh difríocht sa tionchar a bheidh aige sin, ar ndóigh, ag brath ar mhéid na n-ionad, líon na foirne a bheidh ann i gcónaí, an deis ar thrasaistriú foirne san ionad agus réimsí scileanna na bhfoirne a bheidh ann i gcónaí.

Is fiú a lua go bhfuil sraith bheart pleanála fórsa oibre i bhfeidhm ag an tseirbhís le tri bliana anuas chun a chinntiú go mbainfear an leas is éifeachtaí as na hacmhainní atá ar fáil. Ar na bearta sin, tá oifigí cúirte comhcheangailte il-dlínse a chur ar bun ar fud na tire, lárú próiseas, athbhreithniú leanúnach ar acmhainní agus leithroinnt acmhainní, lena n-airítear ath-imlonnú go seirbhísí líne tosaigh.

Rinneadh athbhreithnithe i gcomhthéacs athruithe móra a bheith tite amach in Éirinn, lena n-airítear athruithe daonra, sóisialta agus infreastruchtúir, rochtain níos fearr ar iompar nua-aimseartha agus bóithre feabhsaithe agus, ar na mallaibh, na deacrachtaí reatha airgeadais. Bhí 50 bliain ann ó rinneadh an t-athbhreithniú deireanach ar obair na Cúirte Dúiche. An toradh a bhí ar na n-athbhreithnithe na cuíchóiriú ionad cúirte agus oifigí cúirte. Rinneadh cuíchóiriú agus caighdeánú ar nósanna imeachta cúirte, fosta, agus baintear níos mó úsáide as an teicneolaíocht ag tacú leis na cúirteanna agus le seirbhísí cúirte. Chuidigh an bhunobair a rinneadh go mór le cumas na seirbhíse na dúshláin reatha a bhainistiú.

Tá pleananna sonracha i bhfeidhm ag an tSeirbhís Chúirteanna fosta chun aghaidh a thabhairt ar an idirthréimhse díreach i ndiaidh an 29 Feabhra 2012. Tá plean teagmhais mionsonraithe i bhfeidhm do Bhaile Átha Cliath ina gcuimsítear na bearta atá leagtha amach thuas agus atá leagtha amach chun deimhin a dhéanamh de go gcoimeádtar suíonna cúirte ag leibhéil 2011.

Tá plean teagmhais i bhfeidhm d'ionaid chúigeacha fosta. De dheasca na slí a bhfuil seachadadh seirbhíse roinnte, áfach, beidh srianta ar rochtain an phobail ar sheirbhísí, mar aon le laghduithe ar sheachadadh seirbhíse ag roinnt ionad, dosheachanta ma tá suíonna cúirte le coinneáil agus croí sheirbhísí cúirte le cur ar fáil. Ar na bearta atá i bhfeidhm chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin tá poist oibríochta thábhachtacha agus líne tosaigh a líonadh, níos mó úsáide a bhaint as trasaistrithe chun poist den chineál sin a líonadh, níos mó solúbthachta i dtaca le hacmhainní foirne a úsáid agus acmhainní a ath-imlonnú ó Ranna eile Rialtais agus ó áisíneachtaí eile i gcas ina gceadaítear sin.

Ina theannta sin, leanfaidh an tseirbhís uirthi ag obair go dlúth le hUachtaráin na gCúirteanna chun a chinntiú go gcoinnítear suíonna cúirte. I gcásanna airithe, beidh de thoradh air sin go mbeidh srianta áirithe ar rochtain an phobail ar sheirbhísí i gcás ina ndéanfar tosaíocht a thabhairt d'acmhainní chun go bhfeadfaidh suíonna leanúint ar aghaidh.

Thar ceann an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Seanadóir as an ábhar a tharraingt aníos agus is mór agam an spéis atá aige i riaradh éifeachtach éifeachtúil an cheartais in Éirinn. Táim cinnte de go dtuigfidh an Seanadóir an gá atá leis na laghduithe ar líon foirne i bhfianaise an chomhthéacs deacair atá ann faoi láthair ó thaobh na heacnamaíochta de. Mar atá leagtha amach agam cheana féin, tá an tSeirbhís Chúirteanna, le roinnt blianta anois, ag déanamh na bunoibre chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus leanfaidh sí uirthi ag obair chun na torthaí is fearr a bhaint amach laistigh dá hacmhainní.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Fáiltím go háirithe roimh an nóta iontach soiléir ansin nach mbeidh aon ghearradh siar ar sheirbhísí trí Ghaeilge sna cúirteanna. Is scéal dearfach é sin. Cuireann sé beagán imní orm ná cé go bhfuil leibhéal na gcúirteanna agus seirbhísí a choinneáil mar a bhí in 2011 i mBaile Átha Cliath, is cosúil go réigiúnach go mbeidh gearradh siar ar na suíonna cúirte. Feictear dom gurbh fhearr nach dtarlódh sin agus go gcuirfí in iúl don Aire ar bhonn réigiúnach gur mhaith linn go gcoinneofaí an méid suíonna cúirte chomh hard agus is féidir. B'fhéidir ós rud é go bhfuil an tAire Stáit féin ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, cuirfidh sé i láthair an Aire maidir le seirbhís Chúirte Dúiche Dhoire an Fhéiche i gConamara an tábhacht a bhaineann léi mar sheirbhísí cúirte trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Bunseirbhís í sin atá iontach tábhachtach dúinn agus tuigtear dom go bhfuil seisear le himeacht as an bhfoireann i nGaillimh agus níor mhaith go bhfeicfear aon laghdú air sin.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Is cinnte go gcuirfeadh sé isteach orainn go léir dá mbeadh gearradh siar suntasach ar sheirbhísí Gaeilge. Aon áit a bhfuil éileamh orthu is ceart go mbeidh siad ar fáil, cé acu atá sé sa Ghaeltacht nó taobh amuigh, agus tá a fhios againn go mbíonn éileamh ar sheirbhísí cúirte trí Ghaeilge fiú lasmuigh den Ghaeltacht. Tá athbhreithniú ag dul ar aghaidh agus na pointí a rinne an Seanadóir maidir leis an chúirt áirithe i nDoire an Fhéiche, cuirfidh mé sin in iúl don Aire chomh luath agus is féidir.