Seanad debates

Wednesday, 29 February 2012

Seirbhísí Cúirteanna

 

12:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Is breá an rud é Aire le Gaeilge a fheiceáil istigh arís atá ag déileáil leis an ábhar seo agus tá áthas orm go bhfuilimid ábalta déileáil leis as Gaeilge.

Ceist réasúnta soiléir atá ann i ndáiríre maidir le Seirbhís na gCúirteanna. Tuigimid go bhfuil cuid mhaith státseirbhísigh tar éis glacadh le pacáiste iomarcaíochta a d'ofráil an Stát agus go mbeidh daoine ag fágáil na seirbhísí sin. Tá mé ag iarraidh léargas a fháil, más féidir, briseadh síos ar na figiúir a fháil go réigiúnach, cá bhfuil sé ag titim, cé mhéad duine atá ag súil leis an tseirbhís a fhágáil agus, go tánaisteach, cén impleachtaí a bheidh aige seo maidir le soláthar seirbhísí as Gaeilge sna cúirteanna.

Tá sé tráthúil go bhfuil an tAire Stáit anseo mar tuigeann sé go rímhaith an tábhacht a bhaineann le seirbhís as Gaeilge le bheith ar fáil sna cúirteanna, go háirithe i dtaca leis an straitéis 20 bliain atá foilsithe aige féin, agus go mbeadh daoine ábalta cásanna a thógáil trí mheán na Gaeilge. Tá an ceart sin ag gach saoránach. Tá sé fíorthábhachtach go bhféadfaí cás a thógáil as Gaeilge in aon cheann de na cúirteanna ar fud na tíre agus bhí mé ag iarraidh soiléiriú a fháil ar an gceist sin.

Tuigim go raibh cás i Maigh Eo anuraidh a caitheadh amach. Bhí beirt tábhairneoir ag lorg ceadúnais agus bhí daoine tar éis cur in aghaidh an cheadúnais dí a bhí acu. Ní amháin nach raibh an fhoireann ábalta déileáil leis an gcás as Gaeilge, ach caitheadh amach an cás cionn is nach raibh an bun-Bhille ar a raibh an rud bunaithe le fáil as Gaeilge. Dá bhrí sin, bhí a gcuid cearta sáraithe.

Tá an dá cheist ceangailte le chéile - na cearta atá againn mar shaoránaigh cásanna a thógáil as Gaeilge trí Sheirbhís na gCúirteanna agus na himpleachtaí a bheidh ag an ngearradh siar ar an earcaíocht, ar an bhfoireann a bheidh ábalta na seirbhísí sin a ofráil agus ar na cearta sin, go háirithe i gcomhthéacs na Gaillimhe mar dúirt daoine atá gar do sheirbhísí i nGaillimh go bhfuil líon mór daoine in ainm is a bheith ag fágáil na seirbhíse sa chathair agus sin cuid den dream a bhíonn ag freastal ar Chonamara ó thaobh theach na cúirte i nDoire an Fhéiche de. Níor mhaith liom go bhfeicfimis aon lagú ar na seirbhísí sa chúirt ansin mar is í sin ceann de na cúirteanna is láidre atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge ar fud na tíre. Bheinn an-bhuíoch den Aire Stáit as soiléiriú a fháil ar an gceist seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.