Seanad debates

Wednesday, 15 February 2012

5:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh mo shean chara, an t-Aire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an Teachta Dinny McGinley. Ní minic muid a bheith ag caint faoi ábhar ar bith seachas ábhar Gaeltachta, ach b'fhéidir nach bhfuil aon dochar ansin. Tá mé fíor bhuíoch de faoi theacht isteach chun an t-ábhar seo a phlé.

Ábhar é seo a tarraingíodh anuas ag grúpa atá lonnaithe i nGaillimh agus a thugann tacaíocht do mhuintir na na Palaistíne, go háirid do pháistí bheaga i gcríocha na Palaistíne. D'iarr siad orm é seo a ardú. Bunaíodh an grúpa seo i 2000. Chuaigh ionadaithe ón ngrúpa anonn go Gaza agus chas siad le bean óg thall ansin atá ag obair, mar oibrí dheonach, i naíolann bheag thall ansiúd.

Tá an grúpa seo i nGaillimh ag pleanáil cuairt eile a thabhairt ar limistéar Gaza go luath. Tá an cuairt seo á phleanáil le dhá bhliain anuas. Ceann des na rudaí a theastaíonn uathu a dhéanamh ná an bhean seo atá ag obair ins an naíolann siúd a thabhairt anall le tacaíocht a thabhairt di, ó thaobh breagán agus mar sin de, agus le go bhféadfadh sí labhairt le muintir na Gaillimhe. Tugadh cuireadh di i Mí íúil seo caite agus tá an grúpa sásta íoc as a cuid costaisí taistil, lóistín agus mar sin de. Ní chuirfeadh sí aon chostas ar an Stát agus bhéadh an grúpa breá sásta aire a thabhairt di.

I nganfhios don ghrúpa seo chuir an consal in Ambasáid na hÉireann i Tel Aviv an t-iarratas go dtí an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais i mBaile Átha Cliath. Ó shin i leith tá deacrachtaí ann deimhniú a fháil an bhfuil an bhean seo chun cead a fháil taistil nó nach bhfuil. Tá an grúpa tacaíochta i nGaillimh tar éis cuid mhaith iarratais a chur ar aghaidh ag iarraidh eolas breise. Is cosúil go raibh míchruinneas ins an eolas a bhí ag feidhmeannaigh éagsúla sa Roinn mar gur dhiúltaigh siad an t-iarratas ar choinsí airgeadais agus nach raibh an páipéarachas cuí curtha ar aghaidh. Cuireadh an páipéarachas cuí ar fad chun cinn arís agus tugadh barrantais ó thaobh airgeadais agus mar sin de.

Ó shin i leith, tá ceisteanna eile ardaithe. Cuireadh ceist an raibh an bhean pósta, cé go raibh sí tar éis teastas pósta a chur ar aghaidh chucu, dúradh nach raibh an ollscoil a raibh sí ag freastail air ann, cé go bhfuil an ollscoil chéanna bunaithe le 30 bliain, agus mar sin agus mar siúd de.

Tá an grúpa ag iarraidh go dtiocfadh an bhean anall. Tá sé fíor-thábhachtach do pháistí na Palaistíne go dtiocfadh sí, le go bhféadfadh sé bréagáin feiliúnacha a roghnú agus a aimsiú le tabhairt anonn le tacú leis na páistí bochta seo, agus bhéadh sé go maith dá bhféadfadh sí labhairt le roinnt grúpaí.

Tá mé ag ardú na ceiste seo mar go dteastaíonn uaim fáil amach an bhfuil bac á chur leis an iarratas seo, an bhfuil cúis éigin nach bhfuiltear ag tabhairt cead don bhean seo taisteal go Gaillimh, nó an féidir leis an Roinn an cheist seo a réiteach chomh scioptha agus is féidir le go mbéadh deis aici teacht go Gaillimh agus go bhféadfadh an grúpa tacaíochta bualadh léi agus an obair thábhachtach seo a dhéanamh.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom buíochas a thabhairt don tSeanadóir as an chás seo a thógáil.

Ós rud é gurb í an bhun-shaincheist atá ardaithe ag an Seanadóir Ó Clochartaigh ná próiseáil iarratais ar víosa, tá an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus Cosanta tar éis glacadh léi arna haistriú ón Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Creideann an t-Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais go bhféadfaidh sé bheith cuiditheach míniú gairid a thabhairt ar conas a oibríonn córas víosaí na hÉireann agus an caidreamh idir an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i ndáil le cúrsaí víosa. Is é an t-Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais a leagann síos an beartas foriomlán maidir le víosaí agus féadfaidh iarratasóir iarratas a dhéanamh ar víosa ar líne agus cáipéisíocht tacaíochta a chur faoi bhráid aon ambasáide nó consalachta Éireannaí áit ar bith ar fud na cruinne. Tá sain-chomhshocraíocht tairmligthe maidir le ceaduithe i bhfeidhm idir an dá Roinn faoina bhféadfaidh ball foirne ambasáide, a thuairiscíonn don Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, víosaí a dheonú in imthosca teoranta áirithe. I gcásanna atá níos casta nó i gcásanna ina mbraitheann comhaltaí foirne ambasáide nach féidir leo víosa a dheonú, déantar an t-iarratas a tharchur chuig an oifig chuí de chuid na Seirbhíse Eadóirseachta agus Inimirce, INIS. Sa chás dá dtagaraíonn an Seanadóir, fuarthas an t-iarratas bunaidh in Ambasáid na hÉireann i dTel Aviv agus cuireadh ar aghaidh go dtí ceanncheathrú INIS i mBaile Átha Claith é.

I ndail le cinntí faoi iarratais aonair ar víosa, is ceart cuimhneamh gur faoin iarratasóir atá sé Oifigeach na Víosaí a shásamh maidir le cén fáth ar cheart an víosa atá á lorg a dheonú. Ós rud é gur iarratasóir ar leith gona thosca teaghlaigh ar leith a bhíonn i gceist le gach iarratasóir, tá sé dodhéanta bheith iomlán saintreorach faoin gcineál faisnéise tacaíochta ba cheart a sholáthar. Ach ba cheart don iarratasóir a oiread fianaise a chur ar fáil agus is féidir a bhreithniú go réasúnach. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, d'éagmais faisnéise leordhóthainí tacaíochta, nach féidir le hoifigeach na víosaí teacht ar thuairimí faoi imthosca an iarratasóra aonair. Ar deireadh thiar, is de rogha an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, arna tarmligean chuig na hoifigigh iomchuí, an cinneadh ar aon iarratas ar víosa.

Cé nach ndéanann an t-Aire iarratais aonair a phlé, de ghnáth, is féidir leis a rá sa chás seo gur bean óg Phailistíneach a thugann iníon léinn uirthi féin atá san iarratasóir ar víosa. lonadaithe de chuid Ghrúpa Tacaíochta Leanaí Gaillimh - na Pailistíne atá san óstach agus sa lucht tagartha in Éirinn. Ba é cuspóir na cuairte, mar a cuireadh síos uirthi san iarratas, ná cuidiú le roghnú bréagán oiriúnach lena dtabhairt go Gaza, mar aon leis an bhféidearthacht bhreise go labhródh sí ar an ngleic i nGaza i gcathracha éagsúla in Éirinn. Diúltaíodh don iarratas ar dtús de dheasca roinnt imthosca, ar a n-áirítear neamhréireacht i bhfaisnéis phearsanta an iarratasóra, neamhleorgacht na dtaifead airgeadais a cuireadh ar fáil agus faisnéis eile a fuarthas amach ó fhiosrúcháin a rinneadh le linn an t-iarratas ar an víosa a phróiseáil. Féachtar ar gach taobh d'iarratais ar víosaí, ag cur san áireamh an fhaisnéis go léir atá ar fáil, agus, mar a dúradh thuas, is faoin iarratasóir atá sé an t-am go léir a dheimhniú d'oifigeach na víosaí go bhfuil an víosa tuillte. Agus cinneadh á dhéanamh ar aon víosa, ní mór d'oifígeach na víosaí cóimheá chuí a bhaint amach idir córas éifeachtach inimirce a bheith ann agus gan an iomarca constaicí neamhriachtanacha nó míréasúnacha a chur i mbealach na ndaoine a bhfuil fúthu taisteal ar chúiseanna bailí agus ar dócha go gcloífídh siad le téarmaí a víosaí. Agus na cúinsí go léir á gcur san áireamh sa chás seo, ní raibh an té a bhí ag déanamh an chinnidh lánsásta go gcloífeadh an t-iarratsóir le coinníollacha an víosa, go háirithe go bhfíllfeadh sí tar éis don víosa dul in éag.

Chun aon amhras a sheachaint, is ceart go mbeadh a fhios ag an Seanadóir go bhfuarthas 83,000 iarratas ar víosa chun teacht isteach sa tír anuraidh agus, san iomlán, ceadaíodh 91% díobh. Is é 91% an uimhir de na hiarratais a ceadaíodh ó shealbhóirí pasanna de chuid Údarás na Palaistíne agus tá sin go hiomlán de réir an ráta ceadaithe ar fud na cruinne.

Fuarthas achomharc ina dhiaidh sin, mar aon le huirríll thar ceann an iarratasóra. Oifigeach eile, níos sinsearaí ná an chéad oifigeach víosaí, a dhéileálann le gach achomharc maidir le víosa. Cé go ndearnadh breithniú iomlán ar na huirríll sin, níor bhraith an t-oifigeach achomharc gur tugadh aghaidh go leordhóthanach ar na cúiseanna bunaidh gur diúltaíodh don iarratas agus sheas an t-oifigeach leis an gcinneadh bunaidh. Is mar sin atá cúrsaí maidir leis an iarratas seo.

Mar is féidir a dhéanamh i gcónaí, is féidir leis an iarratasóir iarratas úr ar víosa a chur isteach más mian léi cuairt a thabhairt ar Éirinn agus féachfar ar aon iarratas den sórt sin ar a thuillteanais. Is mian leis an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais a chur in iúl go ndéantar cinneadh i leith víosaí ar bhealach críonna agus nach léiriú ar charachtar an iarratsóra é diúltú d'iarratas. Is féidir go ndéanfaidh oifigeach na víosaí víosaí a dhiúltú bunaithe ar mhíthuiscintí ach, lena athrá, is faoin iarratasóir atá sé a dheimhniú d'oifigeach na víosaí gur cheart víosa a thabhairt. Dá ndéanfadh an t-iarratasóir iarratas eile sa chás seo, ba ghá aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna gur diúltaíodh don iarratas bunaidh, go háirithe an fhaisnéis neamhdhóthanach airgeadais a cuireadh ar fáil.

Níl aon ní á rá ag an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais anseo faoi na pointí a ardaíodh sna huirríll ón Seanadóir ach sa mhéid a bhaineann siad le próiseáil iarrratas ar víosaí. Is mian leis an Aire a dheimhniú don Seanadóir agus don Teach go raibh an tslí ar déileáladh leis an iarratas seo ag teacht i gcónaí leis na nósanna imeachta caighdeánacha maidir le próiseáil iarratas. De bhreis air sin, is féidir leis an Seanadóir bheith cinnte de go bpléitear go fíordháiríre le hiarratais ó dhaoine a bhfuil cónaí orthu i gcríocha na Pailistíne, agus leis an leibhéal céanna cúraim agus airde ar mhionsonraí is a phléitear le gach iarratas eile a thagann isteach, is cuma as cén pháirt den chruinne.

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Táim fíor-bhúioch as an freagra cuimsitheach sin, ach leis an fhírinne a rá tá mé díomach leis. Dúradh liom gur cuireadh faisnéis airgeadais ar aghaidh ó bhaill an ghrúpa seo atá ag iarraidh na mná seo a thabhairt anall ar chuairt a léirigh go raibh maoin go leor ag an eagraíocht leis an chuairt a sheasamh. Ba mhaith liom anois go gcuirfeadh an tAire Stáit an cheist ar an Aire ag fiafraí dó an bhfuil treoirlínte le fáil? Dúradh sa bhfreagra nach raibh an té a bhí ag déanamh an cinnidh lánsásta go gcloífeadh an t-iarratsóir le coinníollacha an víosa, go háirithe go bhfillfeadh sí tar éis don víosa dul in éag. An bhfuil treoirlínte ag an Roinn maidir leis an chaoi a dtagann sé ar chinneadh den chineál seo nó an mbraitheann an cinneadh ar a dtuairimí féin bunaithe ar an fhaisnéis? Cén chaoi a bhfuil a fhios ag an Roinn nach raibh an bhean seo chun filleadh tar éis di an chuairt a thabhairt ar Ghaillimh? An bhfuil treoirlínte fé leith i gceist le sin? An ndéileáiltear le gach cás mar a chéile sa gcás go bhfuil duine atá ar bheagán ioncam nó as chúlra níos boichte ag teacht ar chuairt, mar shampla duine ón Aifric nó ó tíortha bochta an domhain? An ndéileáiltear le gach tír agus gach áit mar a chéile? Tá mé buíoch as an bhfreagra.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Maidir le treoirlínte a bheith leagtha síos, déanfaidh mé fiosrúchán faoi sin agus cuirfear an t-eolas sin ar fáil don Seanadóir chomh luath agus is féidir. Maidir le cúlra an iarrthóra, sílim go léiríonn na figiúirí a tugadh nach bhfuil aon chos ar bolg ná aon leatrom á dhéanamh ar iarratasóirí ón bPailistín. Dúradh sa bhfreagra go nglactar le 91% de na hiarratais a thagann isteach as fud na cruinne agus go nglactar leis an céatadán céanna, 91%, de na hiarratais a thagann isteach ón bPailistín. Sílim go n-aontódh an Seanadóir liom go léiríonn na figiúirí sin nach bhfuil aon leatrom nó difir á dhéanamh idir muintir na Pailistíne agus na daoine a thagann ón chuid eile den domhan. Is é an céatadán céanna a nglactar. Beidh deis ag an iarrthóir seo iarratas úr a chur isteach agus déanfar é a bhreithniú arís. Déanfaidh mé fiosrú láithreach don Seanadóir faoi an bhfuil na treoirlínte ar fáil, agus más rud é go bhfuil, déanfar na socruithe iad a chur chuige gan tuilleadh moille.